An fear gaoil nár chualathas faoi –scéal dhá phríosúnach cogaidh

Casadh Isabella Evangelisti an lá cheana ar an gCarraig Dhubh agus bhí scéal le hinseacht aici…

An fear gaoil nár chualathas faoi –scéal dhá phríosúnach cogaidh

Beimid ag cloisteáil scéalta a tháinig chun solais le linn na paindéime go deo na ndeor. An dream nárbh fhéidir leo dul amach, d’fhanadar istigh agus rinne go leor díobh obair fhiúntach ar an ríomhaire.

Is iomaí duine a chuaigh ag póirseáil thart i stair a muintire, ag déanamh taighde ar sheanghrianghraif, nó ar dhoiciméid san áiléar b’fhéidir, agus a tháinig ar scéal nár insíodh dóibh agus iad ag fás aníos.

Chuaigh daoine freisin i muinín na suíomhanna idirlín a chuidíonn leo siúd a bhíonn ag déanamh taighde ar a sinsear. 

Casadh duine díobh sin orm an lá cheana ar an gCarraig Dhubh agus bhí scéal le hinseacht aici.

Rugadh agus tógadh Isabella Evangelisti i gcathair Bhaile Átha Cliath agus cé go raibh eolas aici faoina muintir a tháinig anseo ó thuaisceart na hIodáile, ní raibh an oiread sin ar eolas aici faoin gclann níos faide amach.

Is saineolaí agus léachtóir san ealaín í Isabella ach theastaigh uaithi tabhairt faoi obair thaighde de chineál eile le linn na glasála.

Chuaigh sí i dteagmháil lena deirfiúr san Astráil agus chinn an bheirt acu an obair a dhéanamh le chéile, ó dhá thaobh an domhain. Bhíodar ag súil go bhfaighidís eolas faoin gclann mhór a rugadh agus a d’fhan, cuid mhaith, in aon cheantar nó baile amháin i dtuaisceart na Tuscáine. 

Bhí 12 de shliocht ag Domenico Carotti, sin-sin-sin-seanathair Isabella. Tá go leor dá sliocht siúd fós ina gcónaí thart ar an mbaile beag Orbetello. Deir Isabella go dtéann stair na clainne siar go dtí na 1500idí.

Ach le linn a gcuid taighde, fuaireadar amach go bhfuair mac garpháiste le Domenico, fear darbh ainm Albo Belucci, bás agus é ina phríosúnach cogaidh i Mauthausen, sa nGearmáin i 1944. Ba léir go raibh Albo bocht ina throdaí páirtiseánach i gcoinne na nGearmánach agus i gcoinne fhórsaí na hIodáile faoi Mussolini, chomh maith.

Ba léir freisin nach aon stair ‘rúnda’ a bhí sa mhéid sin. Fuair Isabella amach go bhfuil dealbh in onóir Albo agus trodaí eile, socraithe sa chearnóg i mbaile Grosseto san Iodáil. Agus chuimhnigh Isabella go raibh sí ann in éindí lena tuismitheoirí nuair a bhí sí óg. Ach focal faoi Albo agus a chrógacht níor chuala sí.

Cumannach a bhí in Albo agus le linn an Dara Cogadh Domhanda, ba nádúrtha an rud é go mbeadh duine dá leithéid ag troid in aghaidh na bhfaisistithe faoi Mhussolini.

Ba nádúrtha an rud é freisin go mbeadh duine ar nós athair Isabella, ag troid ar an taobh eile, faoi Mussolini, rud a bhí. Arm coinscríofa a bhí ann ar ndóigh.

Agus le linn an chogaidh, cuireadh athair Isabella, Alfonso Evangelisti, isteach i gcampa géibhinn de chuid na Breataine – san India, in Bombay.

Sa mbliain 1944, bliain sular tháinig deireadh leis an gcogadh, gabhadh an trodaí páirtiseánach Albo, agus cuireadh chuig campa uafáis Mauthause, sa nGearmáin é. Níor cuireadh chun báis é ach níor ghá. Fuair sé bás de bharr na dinnireachta – tháinig príosúnach eile air agus é sínte ar an gcosán sa champa agus d’fhan an fear sin leis go bhfuair sé bás. Tá a chuntas pearsanta ar an eachtra sin ar líne san Iodáilis, a dúirt Isabella liom.

Campa uafáis i ndáiríre a bhí i Mauthausen. Fuair leath de na príosúnaigh ar fad bás ann – 90,000 creidtear. Campa ‘oibre’ a bhí ann agus rinneadh sclábhaithe as na daoine bochta a cuireadh ann.

Cuireann sé iontas ar Isabella go dtí an lá inniu, nár chuala sí aon trácht ar an ‘laoch’ seo, Albo Belucci. Ach tá sé i gceist aici tuilleadh taighde a dhéanamh in éineacht lena deirfiúr agus beidh an bheirt acu ag taisteal chun na hIodáile chuige sin, an chéad bhliain eile.

‘Agus ar caitheadh go maith led’ athair sa champa géibhinn ar an taobh eile?’ d’fhiafraigh mé féin di. Ba é seo an chéad uair a chuala mé faoi champaí príosúnach cogaidh san India. Ní raibh aon eolas aici, toisc nár labhair a hathair faoi ina dhiaidh. Bhí sé uafásach te agus bhí sé leadránach, dúirt sé agus b’in an méid a chuala sí.

Ach chuimhnigh sí uirthi féin ansin. 

‘Bhí uaireadóir ag m’athair a chaith sé go dtí lá a bháis. Uaireadóir de chuid Arm na Breataine. Agus ba é an fear a bhronn an t-uaireadóir sin air ná an t-oifigeach Briotanach ‘W.P. Arnold,’  a bhí i gceannas air sa champa.’ Níor éirigh léi aon eolas eile a fháil amach faoin oifigeach sin ó chomhaid staire Arm na Breataine.

Ach smaoinigh air sin – fear a bhí ina phríosúnach cogaidh agus a chaith uaireadóir an cheannaire sa champa, i gcaitheamh a shaoil. Cén fáth ar fhás cairdeas eatarthu? An raibh aon rud i gcoiteann ag an mbeirt acu? An ceol clasaiceach, b’fhéidir.

Agus muide sa tír seo ag plé cúrsaí inimirce agus teifigh na laethanta seo, tá sé tráthúil go gcuimhneoimis arís ar na teifigh a tháinig anseo tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus a chuir go mór le saol cultúrtha na tíre ó shin i leith.

D’fhiafraigh mé d’Isabella céard a thug a tuismitheoirí anseo tar éis dá hathair teacht abhaile ón gcampa géibhinn.

‘Chonaic sé fógra lá amháin sa bpáipéar nuachta sa Róimh. ‘Ceoltóirí ag teastáil le haghaidh ceolfhoireann shiansach in Éirinn’. ’

D’fhreagair sé an fógra- ní raibh aon obair le fáil san Iodáil agus an tír scriosta ag an gcogadh. Agus d’fhan an veidhleadóir Alfonso Evangelisti le ceolfhoireann RTÉ go dtí go ndeachaigh sé ar pinsean.

Agus fuair Isabella amach le gairid gurb é Fachtna Ó hAnnracháin, uncail leis an gcraoltóir Doireann Ní Bhriain, a chuir an fógra sin sna páipéir os cionn 70 bliain ó shin. Cén chaoi a bhfuair sí amach? Is baill den Eaglais Úinitéireach í Doireann agus a fear céile Andy agus tá fear céile Isabella, Chris Hudson ina Mhinistir san Eaglais – chuir an dá lánúin aithne ar a chéile san eaglais i bhFaiche Stiabhna.

Bíonn iníon le Doireann agus Andy, Sorcha Pollack ag scríobh faoi phobal nua inimirceach na hÉireann san Irish Times. 

Mar a fuair mé féin amach, nuair a thosaigh mé ag obair i réimse an ilchultúir in RTÉ, i dtús na 2000idí, bíonn a scéal féin ag gach inimirceach, agus beidh siad á n-inseacht go ceann i bhfad. Tá súil agam.

Fág freagra ar 'An fear gaoil nár chualathas faoi –scéal dhá phríosúnach cogaidh'