An Endurance aimsithe san áit ar cailleadh í

Is cosúil ó na pictiúir a thóg na taiscéalaithe go bhfuil dea-bhail ar an long ar ghrinneall na farraige agus a hainm fós soiléir

An Endurance aimsithe san áit ar cailleadh í

Tá an long cháiliúil an Endurance aimsithe sé chiliméadar ón áit a scríobh a captaen Frank Worsley ar bádh í san oighear.

An taiscéalaí as an mBreatain John Shears a bhí i gceannas ar an gcuardach is déanaí seo. Ar long briste oighir ón Afraic Theas a bhí sé agus taighde á dhéanamh aige féin agus a chriú chomh maith ar an athrú aeráide agus a thionchar. I Muir Weddell amach ó chósta na hAntartaice a briseadh an long agus is ann a thángthas uirthi ag an deireadh seachtaine.

Mí na Samhna 1915 a bhasc an t-oighear long Ernest Shackleton agus é féin agus a chriú ag iarraidh an tAntartach a thrasnú. Bád adhmaid trí chrann 44 troigh a bhí san Endurance

Ar éigean a chodail siad néal le 36 uair an chloig roimhe sin sa bhfuacht feannaideach…

Is cosúil ó na pictiúir a thóg na taiscéalaithe a fuair í go bhfuil dea-bhail ar an long ar ghrinneall na farraige agus a hainm fós soiléir.

Bhain cáil ar leith leis an Endurance mar gur tháinig an criú ar fad, 28 fear, abhaile slán d’ainneoin a dturas fada anacrach trasna an oighir go hOileán Eilifinte.

Anseo in Éirinn is mór an cháil atá fós ar an gCiarraíoch Tom Crean as Abhainn an Scáil a bhí ar an long le Shackleton.

Thángthas ar an Endurance ar an 5 Márta 2022 3000 méadar ó bharr uisce, 100 bliain ón lá ar cuireadh Shackleton i gcré na cille.

Fág freagra ar 'An Endurance aimsithe san áit ar cailleadh í'