Ar éigean a chodail siad néal le 36 uair an chloig roimhe sin sa bhfuacht feannaideach…

Dála na beirte a bhí ina theannta, chreid Tom Crean go raibh lámh Dé sa mhíorúilt a tharla sa tSeoirsia Theas i mBealtaine na bliana 1916

Ar éigean a chodail siad néal le 36 uair an chloig roimhe sin sa bhfuacht feannaideach…

Tá caint i bhfad is i ngearr ar Tom Crean ó foilsíodh an leabhar An Unsung Hero, le Michael Smith, sa bhliain 2000. Taighde a chuir mise i dtreo an leabhair le gairid, rud ba thráthúil agus a bhreithlá á cheiliúradh Dé Sathairn seo caite.

Thug criú An Saol Ó Dheas tamall ag caint air an lá roimhe. Focal é ‘laoch’ a mbaintear an iomarca úsáide as agus a deirtear i dtaobh daoine nach bhfuil sé tuillte acu, uaireanta. Ní hamhlaidh atá i gcás Tom Crean ná baol air; gaiscíoch amach is amach ab ea é.

Murab ionann agus a chomrádaithe, níor nós leis an gCrianach dialann a choimeád agus na críocha is fuaire ar domhan á siúl aige. Is ón méid atá ráite agus scríofa ag gaolta agus ag cairde leis a fhaighimid léargas ar a aigne. Duine acu sin ab ea Ernest Shackleton, a thug cuireadh dó an Antartaice a shiúl ina theannta.

Díreach roimh thús an Chéad Chogaidh Dhomhanda a chuir siad chun farraige, sa long Endurance. Níorbh fhada an Endurance ag dul i bhfostú i leac oighir, áfach, agus b’éigean don chriú í a thréigean agus campáil ar ghrúm.

Go luath ina dhiaidh sin, chuala an criú 28 fear gíoscán agus grágaíl an Endurance uathu agus an t-oighear á slogadh.

Nuair a leáigh sé de bheagán, bheartaigh na fir a n-aghaidh a thabhairt ar Oileán Eilifinte i mbáid bheaga. Ba bheag seans go dtiocfaidís slán as na farraigí fiáine, ach tháinig. Bhí turas mór fada 800 míle fós rompu go dtí an tSeoirsia Theas, mar ar chuir siad tús lena n-aistear an chéad lá.

Beartaíodh go rachadh Shackleton, Crean, agus an tríú duine, Frank Worsley, go dtí an tSeoirsia Theas, agus go bhfágfaí duine nó beirt de na ceannairí eile ar Oileán Eilifinte chun aire a thabhairt don chuid eile den chriú.

Cé go raibh farraigí cáite, fuacht agus tinneas den uile chineál ag goilliúint orthu, bhain siad a gceann scríbe amach sa deireadh thiar. Bhíodar báite go craiceann agus cloíte ag an tuirse agus ag an easpa bia faoin am sin, ach bhí an chuid ba dhéine den turas fós rompu.

Ainneoin traochadh, tart agus ocras a bheith orthu, d’éirigh le Crean, Shackleton agus Worsley monarcha míolta móra sa tSeoirsia Theas a bhaint amach de shiúl na gcos. Ar éigean a chodail siad néal le 36 uair an chloig roimhe sin sa bhfuacht feannaideach. Tharla cúpla eachtra idir an dá linn a d’fhág idir bás agus beatha iad. Ach bhí rith an ráis leo agus cúitíodh a gcuid misnigh agus diongbháilteachta leo.

Ba gheall le taibhsí iad faoin am ar bhain siad an mhonarcha amach agus gan iad le haithint ag éinne.

Labhair Shackleton le fear darbh ainm Anderson agus d’iarr cead air labhairt le hoifigeach sinsearach. ‘Aithním do ghlór,’ arsa an t-oifigeach leis. ‘Shackleton atá orm,’ arsa captaen an chriú leis. D’iontaigh Anderson agus ghoil sé.

Ag féachaint siar dó ar an siúl fada a rinne siad triúr sa tSeoirsia Theas, scríobh Frank Worsley ina leabhar, The Great Antarctic Rescue: ‘Three or four weeks afterwards, Sir Ernest and I, comparing notes, found that we each had a strange feeling that there had been a fourth [person] in our party and Crean afterwards confessed to the same feeling.’

Labhair Shackleton ar an bhfeiniméan céanna ina leabhar seisean, South, agus nuair a bhí an leabhar á dhréachtú agus cur síos á dhéanamh aige ar an ngné sin den turas don fhear pinn, bhris gol air.

Faoi mar ba dhual dó, níor chuir an Crianach aon fhiacail ann: ‘Ba é an Tiarna a thug abhaile sinn’ (Smith).

B’fhurasta bheith ag magadh faoina leithéid de chaint, ar ndóigh, go mórmhór i bhfianaise na gcleas a imríonn an tsamhlaíocht ar an intinn agus duine traochta, ach is mó de bhraistint a bhí i gceist ag na fir seachas rud a cheap siad a chonaic siad.

Cibé dearcadh a bheadh ag duine ar a leithéid, is fada mé ag ceapadh go n-oirfeadh scéal Tom Crean go binn do shraith teilifíse dhátheangach a mbeadh blaiseadh den fhicsean ag roinnt léi.

Dhéanfadh leithéid Dhara Uí Chinnéide an tí seo scéalaí breá ar a leithéid agus toisc nár nós le Tom Crean dialann a choimeád, sin an áit is mó a dtiocfadh an ficsean i gceist, is dócha, óir is mar ghuth na dialainne a shamhlaím caint an Chinnéidigh i m’intinn.

Thug an tréimhse a chaith an Crianach i gCabhlach Shasana deis dó éalú ó chruatan an bhochtanais sa bhaile agus cuid den domhan a fheiceáil. Má d’fhág cúrsaí polaitíochta na hÉireann i 1921 gurbh éigean dó fanacht ina thost faoin méid a bhí bainte amach aige leis an gCabhlach céanna, is léir gur dhuine umhal é agus nárbh aon nath dó go ndeachaigh sé go dtí an dóbair aige cúpla uair agus é ó dheas in Antartaice.

Gaiscíoch ab ea é a d’fhan dílis dá dhúchas. Níor scar sé lena scaball riamh agus ba nós leis brat uaine a chrochadh ar a shleamhnán féin, ar a raibh cláirseach na hÉireann le feiceáil faoi dhath an óir. Lena chois sin, chuir sé a chlann iníonacha ar scoil an Bhuailtín i mBaile an Fheirtéaraigh chun go mbeadh Gaeilge ar a dtoil acu, mar a bhí ag a mhuintir féin roimhe. 

Éireannach agus Ciarraíoch a bhí bródúil as oidhreacht a thíre dúchais ab ea é, gan trácht ar a bheith mórtasach as a áit dhúchais, Abhainn an Scáil. B’fhiú a scéal a insint do ghlúin nua i gcruth nua.

Fág freagra ar 'Ar éigean a chodail siad néal le 36 uair an chloig roimhe sin sa bhfuacht feannaideach…'

  • R.

    B’fhiú, go deimhin, mar fear tréithiúil tìrghrách neamheaglach fiontraíoch ab ea é nach bhfuil a leithéid suas inniu. Déanaim gáirí i gcònaí faoin bhfreagra grod a thug sé ar a bhean nuair a cháisigh sí rashers Aoine an Chéasta leis.