An-éileamh ar ‘shacket’ – leath bealaigh idir léine agus seaicéad

Ocht rogha a choinneoidh duine deas te teolaí agus muid idir dhá shéasúr

An-éileamh ar ‘shacket’ – leath bealaigh idir léine agus seaicéad

Tá an ball éadaigh ar a dtugtar ‘shacket’ ar an margadh le tamaillín anuas ach is le roinnt seachtainí anuas atá glactha leis mar earra an-fhaiseanta ar fad. Portmanta nó moirféim atá sa bhfocal, focal nua a cruthaíodh as dhá fhocal coitianta. Sa chás seo is iad na focail ‘shirt’ agus ‘jacket’ a thug an ‘shacket’ dúinn. Ní mé ar cheart leaicéad a thabhairt air sa nGaeilge.

Thug mé faoi deara siopaí Bhaile Átha Cliath ag cur thar maoil leo le linn na seachtaine seo. Tá siad thar cionn nuair a bhíonn an aimsir sórt fuar ach gan fuacht mór an gheimhridh a bheith tagtha fós. Tá an dearadh bunaithe cuid mhaith ar stíl na seaicéad a chaitheann tiománaithe trucaile i Meiriceá ach casadh nua-aimseartha curtha orthu.

Is cinnte go gcoinneodh aon cheann de na hocht ‘shacket’ atá roghnaithe agam duine deas te teolaí agus muid idir dhá shéasúr.

 

1.Cóta seicear ó Marks & Spencer ar €95

Is cinnte go bhfuil dearadh sheaicéad an tiománaí trucaile ar an gceann seo. Tá an fhabraic ann deas te agus bhreathnódh an dath dearg go hálainn le héadach dubh.

 

2.Cóta cimeonó ó COS ar €99

Dath álainn tóp atá ar an gceann seo. Tá sé deas éadrom agus é oiriúnach le caitheamh chun na hoibre freisin.

 

3.Seaicéad míleata ó River Island €60

Bíonn léine nó seaicéad ar dhath liathbhuí nó caicí sa bhfaisean i gcónaí. Seo ceann an-simplí ar fad, gan aon mhaisiúchán air.

 

4.Seaicéad ollmhór an tiománaí trucaile ó Pieces ag ASOS ar €76.04

Is léir gur ó léine an tiománaí trucaile a tháinig an inspioráid don cheann seo. An dath álainn a mheall mo shúil féin chuige ar dtús. Ceann simplí eile é seo ach é sách trom don aimsir a bhíonn againn an tráth seo bliana.

 

5.Seaicéad ‘Borg’ ar dhath crón ó Missguided ar €50.99

Tá an ceann seo ar fáil ar shladmhargadh faoi láthair agus is mór an spórt é. Bíonn seaicéid Borg i gcónaí bog te agus compordach. Mura dtaitníonn an dath álainn crón seo leat, tá sé ar fáil freisin i ndathanna gorm agus bán chomh maith.

 

 

6.Seaicéad corda an rí ar dhath dubh ó & Other Stories ar €129

Is cosúil go bhfuil earraí déanta as corda an rí ag teacht ar ais sa bhfaisean arís. Ní hiondúil go dtaitníonn an fhabraic sin liom féin ach dhéanfainn eisceacht don léine the theolaí seo.

 

7.Seaicéad ar dhath na cloiche ó Warehouse ar €64  

Baineann an ‘shacket’ seo leis an réimse ar a dtugtar éadaí fóntais nó éadaí áirgiúlachta. Taitníonn an dath, na cnaipí agus na pócaí go mór liom. Tá an ceann seo ar fáil i ndath liathbhuí nó caicí freisin.

 

8.Seaicéad rigíneach ar dhath liath ó New Look ar €49.99

Seaicéad éadrom eile is ea an ceann seo a bhreathnaíonn cosúil le meascán de chorda an rí agus fionnadh. Seo rogha iontach más ceann simplí, faiseanta agus an-chompordach atá uait.

Fág freagra ar 'An-éileamh ar ‘shacket’ – leath bealaigh idir léine agus seaicéad'