An éigeandáil a thagann aniar aduaidh ar an rialtas – gach uile bhliain

An gcuirfear an milleán faoi chruachás na n-ospidéal ar an bhFeidhmeannacht seachas ar an rialtas? 

An éigeandáil a thagann aniar aduaidh ar an rialtas – gach uile bhliain

Seachtain chorraitheach a bhí inti d’éinne a bhfuil suim aige i bpolaitíocht Mheiriceá. Tháinig na hionadaithe nuathofa ar fad go Washington D.C. agus móramh ag na Poblachtánaigh, páirtí Donald Trump, den chéad uair le cúig bliana. Ba léir, áfach, go raibh aighneas polaitiúil i measc bhaill an pháirtí, agus níor éirigh leis an gCeannaire Kevin McCarthy tacaíocht a pháirtí a chinntiú agus vótaí á gcaitheamh ag na baill.

Arís agus arís eile, reáchtáladh an vóta agus ag an deireadh, ní raibh tromlach na vótaí faighte ag an ionadaí ó California. “It’s Groundhog Day!” a d’fhógair Kat Cammack, ionadaí nua, agus í ag cur tús leis an séú babhta vótála. Fuair McCarthy tromlach na vótaí tar éis an 15ú babhta vótála, agus go leor idirbheartaíochta déanta aige le lucht na réabhlóide ina pháirtí.

Tá Groundhog Day dár gcuid féin againn sa tír seo. Bliain i ndiaidh bliana, tar éis na Nollag, tuairiscítear go mbíonn deacrachtaí ollmhóra ag an gcóras sláinte freastal ar an bpobal, agus bíonn ar othair fanacht ar thralaithe in ospidéil na tíre.

Rinneadh cáineadh ar easpa ullmhúcháin an chórais sláinte an tseachtain seo caite nuair a fuarthas amach go raibh beagnach míle duine sa stát ag fanacht ar leaba. Tá stailc anois á bagairt ag ceardchumainn na n-oibrithe sláinte.

Níor cheart a rá gur tháinig an éigeandáil seo aniar aduaidh ar an rialtas, nó ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bhíothas á tuar le fada an lá.  Níor imigh COVID ariamh. Thosaigh daoine ag bualadh le chéile arís mar is gnáth nuair a tháinig deireadh leis na srianta sóisialta, agus scaipeadh an RSV go tréan ar fud na tíre.

“Trí ráig” a bhí ar na bacáin, a tuairiscíodh le linn an fhómhair seo caite, ach tá an port athraithe anois. Bhí an mí-ádh dearg ar an tír, a bhí faoi ionsaí ag ‘stoirm’ fhíochmhar nach bhféadfadh an córas a bheith ullamh lena haghaidh.

Díol spéise ab ea é go ndeachaigh an tAire Sláinte os comhair na meán Dé Máirt seo caite chun a mhíshástacht faoin tseirbhís phoiblí a chur in iúl.

Ba cheart do dhochtúirí comhairleacha teacht isteach ag obair ag an deireadh seachtaine, dar leis, ionas go bhféadfaí cúram níos éifeachtaí a chur ar fáil do dhaoine agus othair a bhí sách folláin lena scaoileadh amach as na hospidéil.

Chuir an chaint sin an lasair sa bharrach agus bhí na dochtúirí ar fad ar mire – iad den tuairim go raibh an ráiteas míchothrom, agus go mbíonn foirne sláinte ag obair ag an deireadh seachtaine go rialta.

An deireadh seachtaine ina dhiaidh sin, áfach, scaoileadh amach 400 othar ón ospidéal ar an Satharn, méadú suntasach ón deireadh seachtaine roimhe sin.

Ba léir domsa go raibh ionadaithe an rialtais i bhfad níos sásta a gcuid tuairimí a roinnt agus cáineadh a dhéanamh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le linn na héigeandála ná mar a bhíodh roimhe seo. Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers ar an nuacht náisiúnta go raibh teipthe ar an bhFeidhmeannacht gach acmhainn a cuireadh ar fáil di a úsáid.

Mhol Teachtaí Dála áirithe a n-ospidéil áitiúla féin. Dúirt Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas go raibh sé de stuaim ag an mbainistíocht in ionad sláinte Phort Láirge pleananna fadtréimhseacha a chur i bhfeidhm roimh an ngeimhreadh. An é go raibh sé ag tabhairt le fios go raibh ospidéil eile nach ndearna amhlaidh?

Ní minic a fheiceann muid ranna rialtais in adharca a chéile, nó páirtithe an chomhrialtais chomh béalscaoilte agus iad ag caint ar eagraíochtaí stáit. An cheist atá ann ná an nglacfaidh an pobal leis an argóint seo, agus an gcuirfear an milleán ar an bhFeidhmeannacht seachas ar an rialtas?

Fág freagra ar 'An éigeandáil a thagann aniar aduaidh ar an rialtas – gach uile bhliain'