An ‘éagóir chéanna’ á déanamh i gcónaí ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh gur gá an t-ardú ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2021 a chur i gcomparáid leis an gcaiteachas atá le déanamh i réimsí eile

An ‘éagóir chéanna’ á déanamh i gcónaí ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht

Tá “an éagóir chéanna” á déanamh “i gcónaí” ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht nuair a chuirtear an caiteachas a dhéantar orthu i gcomparáid le réimsí eile, a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh.

Beidh buiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta 23% níos mó an bhliain seo chugainn ná mar a bhí sé in 2020 – ardú €14.8 milliún go dtí €78 milliún — ach ardú 62.5% a bhí i gceist le buiséad na Comhairle Ealaíon – ardú €50 milliún go dtí €130 milliún.

Cé go ndúirt Ó Snodaigh go bhfuil “gnéithe maithe” sa bhuiséad nua ó thaobh na Gaeilge de, dúirt sé gur gá a chur san áireamh gurb é an buiséad is mó ó bunaíodh an stáit.

Caitheadh “go dona leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht trí chéile” i gcomparáid le réimsí eile, a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

“Tá sé go maith go bhfuil ardú €8 milliún tagtha ar mhaoiniú Údarás na Gaeltachta ach má chuirtear sin i gcomparáid leis an mbuiséad atá ag Fiontraíocht Éireann, ní fhéadfá a rá gur ardú cuí atá sa mhéid sin.

“Tá easnamh mór fós idir an méid a bhíodh á thabhairt d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeilge in 2010 agus an méid atá acu anois. Bhí tráth  anna raibh an dá eagraíocht nach mór ar comhchéim leis an gComhairle Ealaíon agus Fiontraíocht Éireann,” a dúirt sé.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Gaeilge gur “dea-scéal” atá sa bhuiséad do TG4 agus €3.5 milliún breise á thabhairt don stáisiún, ach gur léir nach bhfuil “an t-aitheantas céanna” á thabhairt d’eagrais Ghaeilge eile nó don ghéarchéim atá sa Ghaeltacht.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin nach mbeidh ar chumas Údarás na Gaeltachta ná Foras na Gaeilge “coinneáil suas” leis an méid oibre atá le déanamh acu mura dtagann “ardú níos suntasaí” ar a gcuid maoinithe.

“Ar deireadh thiar thall, is iad na heagrais phobail agus na heagraíochtaí ar fad ar fud na tíre atá ag obair ar son an Gaeilge a tharrtháil a bheas thíos leis,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

Chuir eagraíochtaí teanga fáilte roimh bhuiséad an lae inniu inar cuireadh €17.5 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin gur “céim mhór chun cinn do phobal na Gaeilge” a bhí i mbuiséad an lae inniu, an buiséad is mó ó thaobh infheistíochta ó bhunú an stáit.

€14.8 milliún breise, ardú 23%, a chuirfear ar fáil in 2021 do Roinn na Gaeltachta, ag áireamh €8.1 milliún d’Údarás na Gaeltachta, €1.8 milliún d’Fhoras na Gaeilge, €1.3 milliún don phleanáil teanga agus beagnach €2.4 milliún do scéimeanna teanga Gaeilge agus Gaeltachta.

Is chun ionaid Ghaeilge a fhorbairt timpeall na tíre a chaithfear an chuid is mó den mhaoiniú do na scéimeanna tacaíochta.

Fuair TG4 €3.5 milliún breise, an t-ardú buiséid is mó a fuair an stáisiún ó 2008.

Fuair lucht an stáisiúin dea-scéala eile inné chomh maith – €1.9 milliún breise do 2020 le cabhrú leo dul i ngleic leis an tionchar a bhí ag an Covid-19 ar a gcuid oibre.

€2 milliún breise do na hoileáin a bhí i mBuiséad 2021. Tá na hoileáin anois faoi scáth na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail seachas Roinn na Gaeltachta.

Fágann an cinneadh €1.77 milliún a chur ar fáil don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – go bhfuil ardú maoinithe faighte ag an eagraíocht Ghaeilge trasteorann den chéad uair ó 2016.

‘Céim mhór chun cinn do phobal na Gaeilge’ – fáilte curtha roimh ardú ar bhuiséad na teanga agus na Gaeltachta

Fág freagra ar 'An ‘éagóir chéanna’ á déanamh i gcónaí ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht'