‘Céim mhór chun cinn do phobal na Gaeilge’ – fáilte curtha roimh ardú ar bhuiséad na teanga agus na Gaeltachta

Deir Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil siad ‘an-sásta’ leis an ardú ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta i mBuiséad 2021 agus tá fáilte curtha ag eagraíochtaí teanga roimh fhógra an lae inniu chomh maith

‘Céim mhór chun cinn do phobal na Gaeilge’ – fáilte curtha roimh ardú ar bhuiséad na teanga agus na Gaeltachta

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí teanga roimh bhuiséad an lae inniu inar cuireadh €17.5 milliún ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin gur “céim mhór chun cinn do phobal na Gaeilge” a bhí i mbuiséad an lae inniu, an buiséad is mó ó thaobh infheistíochta ó bhunú an stáit.

€14.6 milliún breise, ardú 23%, a chuirfear ar fáil in 2021 do Roinn na Gaeltachta, ag áireamh €8 milliún d’Údarás na Gaeltachta, €1.8 milliún d’Fhoras na Gaeilge, €1.3 milliún don phleanáil teanga agus beagnach €2.4 milliún do scéimeanna teanga Gaeilge agus Gaeltachta.

Is chun ionaid Ghaeilge a fhorbairt timpeall na tíre a chaithfear an chuid is mó den mhaoiniú do na scéimeanna tacaíochta.

Fuair TG4 €3.5 milliún breise, an t-ardú buiséid is mó a fuair an stáisiún ó 2008. Fuair lucht an stáisiúin dea-scéala eile inniu chomh maith – €1.9 milliún breise do 2020 le cabhrú leo dul i ngleic leis an tionchar a bhí ag an Covid-19 ar a gcuid oibre.

€2 milliún breise do na hoileáin a bhí i mBuiséad 2021. Tá na hoileáin anois faoi scáth na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail seachas Roinn na Gaeltachta.

Fágann an cinneadh €1.7 milliún a chur ar fáil don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – go bhfuil ardú maoinithe faighte ag an eagraíocht Ghaeilge trasteorann den chéad uair ó 2016.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh sé “an-sásta” leis an méadú do Roinn na Gaeltachta, a mbeidh buiséad €78 milliún acu in 2021.

“Leis an airgead breise seo, beidh mo Roinn in ann níos mó airgid a dháileadh ar na heagraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú ar son na teanga,” ar sé.

Dúirt Catherine Martin gur “mór-ghníomh” ar son na teanga a bhí san ardú buiséid.

“Is léir uaidh seo uile go bhfuil an Rialtas seo tiomanta don teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda agus sa Ghaeltacht, go háirithe. Leis an gciste breise seo €14.6 milliún, beidh mo Roinn in ann níos mó airgid a dháileadh ar na heagraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú ar son na teanga,” arsa an tAire Catherine Martin.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur “céim shuntasach sa treo ceart” a bhí i bhfógra an lae inniu.

“Cuireann Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh an ardú maoinithe don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, go háirithe don Ghaeltacht.

“Leanfaidh muid orainn ag iarraidh breis maoinithe d’Fhoras na Gaeilge, ach is céim sa treo ceart atá sa mhaoiniú breise de €1.8 milliún don Fhoras Teanga, cé nach gcomhlíonfaidh sé na riachtanais sa phlean infheistíochta atá ag Conradh na Gaeilge.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha go raibh ardmholadh tuillte ag “gach duine a bhí páirteach san fheachtasaíocht ar son breis maoinithe don Ghaeltacht agus don Ghaeilge”.

“Tá beagnach €18 milliún sa bhreis á thabhairt don Ghaeltacht agus don Ghaeilge má chuireann tú an maoiniú ar fad do Roinn na Gaeltachta, TG4 agus Foras na Gaeilge san áireamh. Is méadú suntasach é sin,” arsa Julian de Spáinn.

Baineann €4.5 milliún den ardú €8 milliún a fuair Údarás na Gaeltachta le hairgead caipitil chun fostaíocht a chruthú agus cuirfear €700,000 de ar leataobh do na comharchumainn Ghaeltachta.

Ní fios go díreach go fóill cén sciar den ardú €1.7 milliún ar bhuiséad an Fhorais Teanga a rachaidh go dtí Foras na Gaeilge, ach chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn fáilte roimh an scéal.

“Cé go mbeidh achar eile le dul againn sula mbeidh buiséad Fhoras na Gaeilge ar ais ag na leibhéil roimh 2008, is méadú suntasach atá i gceist anseo a chuideoidh linn aghaidh a thabhairt ar chuid de na deacrachtaí maoinithe is mó atá cruthaithe thar an 12 bliain ó 2008, tréimhse inar baineadh isteach agus amach ar €5 mhilliún de bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge,” arsa Seán Ó Coinn.

Dúirt Ó Coinn gur “cinnte” go mbeadh grúpaí ar fud na tíre ag súil le tacaíocht bhreise ach go mbeifí ag “ag measúnú na riachtanas is géire agus na nithe is mó a dhéanfaidh tairbhe d’fhorbairt straitéiseach na Gaeilge”.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir go raibh sé “sásta” gur éist na hairí Rialtais leis na hargóintí a cuireadh ina láthair maidir le “riachtanais na Gaeilge” agus go raibh “tús” curtha le buiséad Fhoras na Gaeilge a mhéadú.

“Beidh sé tábhachtach anois a chinntiú go gcaithfear an maoiniú seo ar bhealach a chuirfidh le pleananna an Rialtais don Ghaeilge, agus ar bhealach a bhainfidh torthaí buana amach don Ghaeilge san am atá amach romhainn,” arsa Pól Ó Gallchóir.

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh an scéala go mbeidh €3.5 milliún breise ag an stáisiún in 2021.

Fágann fógra an lae inniu gur €40.7 milliún a bheidh ag TG4 ón státchiste an bhliain seo chugainn.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4:

“Tá muid an-bhuíoch den Aire, den Roinn agus den Rialtas as an tacaíocht shuntasach bhreise do TG4 in 2021.  Léiríonn an infheistíocht seo an mhuinín atá acu as foireann TG4, as earnáil na léiriúchán neamhspleách, as ár straitéis lucht féachana agus as ár straitéis don earnáil chlosamhairc réigiúnach.

“Leanfaidh Bord agus bainistíocht TG4 orthu, in éineacht lenár gcomhpháirtithe ar fad, ag iarraidh athshamhlú a dhéanamh ar ról agus ar stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta i sochaí na hÉireann.  Creideann muid gur cheart go mbeadh na meáin agus na healaíona i lár na físe athshamhlaithe sin.”

Fág freagra ar '‘Céim mhór chun cinn do phobal na Gaeilge’ – fáilte curtha roimh ardú ar bhuiséad na teanga agus na Gaeltachta'

  • Seán Mag Leannáin

    Féar-plé do Catherine Martin, Aire nua na Gaeltachta, rinne sí beart de réir a briathair. Tús maith. Lean ort anois.