Tá a gcuid forógraí seolta ag na páirtithe i dTuaisceart Éireann d’olltoghchán Westminster. Dá gcaithfeadh strainséir súil ar an gcuid is mó acu, seans go sílfeadh sé gur i Stormont atá Westminster. Mianta cráifeacha iad den chuid is mó agus caol seans go mbainfear amach iad. Ní hiontas é an DUP a bheith ag iarraidh reachtaíochta chun cead máirseála a chosaint; Sinn Féin ag éileamh billiún go leith punt (£1,500,000,000); an SDLP ag moladh ‘próiséas rathúnais’; an UUP ag diúltú do bheith ag éileamh airgid; Alliance sa tóir ar shochaí chomhroinnte agus an TUV ag iarraidh bac ar éigeantacht roinnt na cumhachta.
Ach tollán nó droichead clúdaithe idir Tuaisceart Éireann agus Albain? Is mór an spóirt ag lucht grinn agus aorthóirí é. Ár leagan féin de Thollán Mhuir nIocht, mar dhea. Lena gceart a thabhairt don DUP, is staidéar féidearthachta ar an bplean atá molta acu. Cúis shiombalach é seo, daingniú ar an nasc ábhartha idir réigiúin na Ríochta Aontaithe.
Bheadh an tollan nó an droichead 50 ciliméadar ar fhad –ag dul i líne dhíreach idir Latharna agus Stranraer – an fhad chéanna le Tollán Mhuir nIocht. Dá leanfaí cúrsa na mbád, bheadh sé 70 ciliméadar ar fhad. Bunaithe ar an gcaiteachas ar thógáil an tolláin idir an Bhreatain agus an Fhrainc, deir saineolaithe go mbeadh costas £13 billiún ar cheann faoi Shruth na Maoile. Tá na mílte ag baint úsáide as an Eurotunnel gach lá; tá ceangal éifeachtach iarnróid ann agus é ag freastal ar na milliúin daoine. Cén líon a bhainfeadh úsaid as an tollán/droichead seo?
Seans nach dtógfadh sé i bhfad an staidéar a dheanamh ar a indéanta is a bheadh tollán nó droichead. Is cosúil go raibh caint air seo cheana, na scórtha blianta ó shin. Rinneadh cinneadh an uair sin nach raibh droichead indéanta mar go bhfuil an fharraige ródhomhain. Tá gach seans nach bhfaigheadh an DUP freagra dearfach an uair seo ach an oiread.
Ach b’fhéidir go bhfuil a fhios sin acu cheana féin. Meastar gur chun béim a leagan ar a dtiomantas don Ríocht Aontaithe atá an moladh seo i measc an 45 ina bplean. Is cuid é dá gclár chun aitheantas Breataineach Thuaisceart Éireann a neartú. B’fhéidir nach gcloisfear mórán faoin a dtaisteal fo-thoinn nuair a bhéas an t-olltoghchán thart, ach beidh ciallachais ag a mbéim ar an Ríocht Aontaithe don chaidreamh traspháirtí in Stormont.
Ollscoil na Ríona san fhaopach faoi Charlie Hebdo
‘Je suis Charlie’ arsa scata mac léinn ar champas Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste liom an lá eile. Bhí siad i measc na gcéadta, idir mhic léinn, chéimithe agus lucht teagaisc, a raibh ceann faoi orthu faoi chinneadh na hOllscoile siompóisiam faoi shaoirse cainte a chur ar ceal.
‘Táimid náirithe’ an freagra ba choitianta. ‘Céard le haghaidh ollscoil munar féidir smaointe a chíoradh agus a dhul i ngleic le tuairimí dúshlánacha,’ a dúradar.
Ní hé amháin go ndearna an Ollscoil cinneadh gan bhrí ach rinneadar brachán den chaidreamh poiblí ina leith a chuir leis an míshuaimhneas faoin gceist.
Chuir an Leas-Sheansailéir in iúl, ar ríomhphost do dhaoine a bhí ceaptha a bheith páirteach sa siompóisiam, go raibh an t-imeacht ar ceal de bharr slándála agus ceisteanna faoi cháil na hollscoile. Nuair a sracadh míniú astu sa deireadh, dúradar gur déanadh an cinneadh mar nach raibh measúnú riosca déanta ag an lucht eagraithe.
Tá an measúnú riosca sin geallta anois ach ní shin le rá go rachaidh an ócáid ar aghaidh. Níl míniú tugtha fós ar cibé ‘míchlú’ a bhí i gceist i ríomhphost an tSeansailéara.
Liosta le háireamh iad na ceisteanna nár freagraíodh. An faitíos faoi ndear an cinneadh? Céard roimhe? An raibh bagairt déanta ag dream éigin – leithéidí na ndaoine a d’ionsaigh cruinniú in Copenhagen tar éis sléacht Charlie Hebdo?
Má bhí, tuige nár dhúirt an Ollscoil é sin? An raibh lucht rachmais a mbíonn ollscoileanna ag iarraidh déirce orthu ina choinne? Nó an raibh faitíos ar an ollscoil nach dtaitneodh sé le lucht an rachmais.
Tá boladh bréan ar an scéal seo agus tá gá le freagraí.
Fág freagra ar 'An DUP fo-thoinn lena tollán nach rachaidh áit ar bith'