An dúmhál núicléach ina bhagairt agus ina chontúirt

Tá deireadh curtha ag ionradh na Rúise ar an Úcráin le seans ar bith go dtabharfaidh tíortha suas a gcuid arm núicléach go deonach

An dúmhál núicléach ina bhagairt agus ina chontúirt

Cloistear a lán cainte ó dhaoine áirithe faoin mbaol go mbeidh cogadh núicléach ann mura ngéilltear do dhúmhál núicléach na Rúise san Úcráin. Tugtar le fios gur seasamh réasúnta ar son na síochána é seo ach nochtann an tslí a chuirtear an cheist i láthair go bhfuil clár oibre eile ag go leor den dream sin. Ina leagan sin den scéal ní hiad an dream atá ag bagairt airm núicléacha a úsáid atá freagrach as an mbaol ach an dream nach bhfuil sásta géilleadh don bhagairt.

Is fíor áfach go méadaíonn ionradh na Rúise bagairt na n-arm núicléach don chine daonna. Ach níl sa bhaol go n-úsáidfeadh Putin airm núicléacha san Úcráin ach cuid den scéal.

Ar an cúiseanna céanna go mbeadh sé baolach dúinn go léir go sáródh Putin an gheis núicléach, bheadh sé baolach dó fhéin agus don Rúis freisin, agus níl aon rud níos tábhachtaí do Putin ná a réimeas a chosaint. Dúirt Uachtarán na Síne Xi Jinping go poiblí le déanaí gur chóir don phobal idirnáisiúnta cur i gcoinne bagairt nó úsáid airm núicléacha agus is féidir glacadh leis go bhfuil an teachtaireacht sin tugtha aige go soiléir ar chúla téarmaí do Putin freisin. Aontaíonn formhór anailíseoirí inchreidte mar sin go bhfuil an baol go n-úsáidfeadh Putin airm núicléacha san Úcráin beag.

Ach aontaíonn siad ar fad freisin go bhfuil an baol sin níos airde ná mar a bhí roimh an gcogadh, agus nach féidir é a chur as an áireamh, go háirithe má tharlaíonn sraith míthuiscintí, mítharlúintí nó míléamha idir an Rúis agus NATO.

Ach is é leathadh is iomadú na n-arm núicléach an bhagairt núicléach fhadtéarmach is mó don chine daonna. Dá mhéad tíortha a bhfuil airm núicléacha acu is ea is mó an baol go n-úsáidfear iad. Tá deireadh curtha ag ionradh na Rúise ar an Úcráin le seans ar bith go dtabharfaidh tíortha suas a gcuid arm núicléach go deonach, agus tá sé tar éis cur go mór leis an spreagadh atá ann do thíortha nach bhfuil airm núicléacha acu faoi láthair iad a fháil.

Tá an Úcráin ar an dornán beag tíortha ar domhan a thug suas airm núicléacha go deonach. Mar chuid den socrú sin thug an Rúis (agus na mórchumhachtaí eile) barántas slándála don Úcráin i meamram Budapest i 1994. Tá an gheallúint sin briste ag an Rúis. Is é an ceacht a fhoghlaimeoidh tíortha eile a bhfuil airm núicléacha acu gur bhotún a bhí ann don Úcráin iad a thabhairt suas.

Ó ghéarchéim dhiúracáin Chúba go dtí mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin chloígh na mórchumhachtaí núicléacha le teagasc nár chóir airm núicléacha a úsáid seachas mar an rogha dheireanach i gcás féinchosanta. Bhí comhthuiscint ann, ní hamháin nár chóir airm núicléacha a úsáid mar uirlis ionsaithe, ach nár chóir fiú bagairt a dhéanamh go n-úsáidfí iad. Bhí dhá aidhm leis sin. An chéad cheann ná chun cogadh núicléach a sheachaint de bharr míthuiscintí nó míléamha. An dara cúis ná chun leathadh airm núicléacha a sheachaint.

Cé nach raibh na mórchumhachtaí toilteanach a n-airm núicléacha fhéin a thabhairt suas, agus go raibh siad sásta fiú a ndiúracáin a lonnú i dtíortha eile a bhí i gcomhghuaillíocht leo, bhíodar ag iarraidh leathadh airm núicléacha a sheachaint. Bhí tuiscint ann dá dtéadh siad timpeall ag bagairt iad a úsáid mura ngéillfí dóibh gurbh é an toradh a bheadh air sin go mbeadh i bhfad níos mó tíortha ag iarraidh a n-armlann núicléach neamhspleách fhéin a fhorbairt.

Tá an Rúis tar éis an chomhthuiscint sin a shárú anois. Tá úsáid bainte acu as dúmhál núicléach chun cabhrú lena gcogadh i gcoinne na hÚcráine. Arís agus arís tá leas bainte ag an Rúis as bagairtí núicléacha chun srianta a chur ar chumas na hÚcráine troid ar ais i gcoinne an ionraidh. Agus cé go bhfuil éifeacht an dúmháil núicléach sin ag maolú de réir mar a théann an cogadh ar aghaidh agus an tIarthar agus an Úcráin tar éis scata de ‘línte dearga’ na Rúise a shárú, is cinnte gur íoc an Úcráin go daor ar pháirc an chatha as na srianta a cuireadh orthu mar thoradh ar imní an iarthair faoi bhagairtí núicléacha na Rúise. Dá mhéad an leas a fheictear an Rúis a bhaint as an dúmhál núicléach san Úcráin, is ea is mó an baol go n-úsáidfidh an Rúis fhéin nó tíortha eile an cur chuige céanna amach anseo, agus go bhfaighidh nó go bhforbróidh tíortha eile a n-airm núicléacha fhéin.

Mar sin tá an baol núicléach ó chogadh na hÚcráine ina cheist níos casta ná mar a thugtar le fios go minic. Caithfear cóimheá a bhaint amach idir dhá riosca. Chun é a rá níos simplí, ar thaobh amháin tá an baol go n-úsáidfidh Putin airm núicléacha mura ngéilltear dó, agus ar an dtaobh eile tá an baol go n-úsáidfear airm núicléacha sa domhan amach anseo má ghéilltear dó. Tá freagracht ar thíortha an iarthair bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí seo, ach tá freagracht freisin ar an tSín, an India agus ar an bpobal idirnáisiúnta trí chéile. Tá an fhreagracht is mó, áfach, ar an tír atá tar éis úsáid a bhaint as an dúmhál núicléach chun iarracht a dhéanamh iachall a chur ar an Úcráin agus ar fhormhór an phobail idirnáisiúnta géilleadh dá héilimh.

Fág freagra ar 'An dúmhál núicléach ina bhagairt agus ina chontúirt'

  • Gabriel Rosenstock

    Cuireann Fachtna tús lena alt (thuas) mar a leanas:
    “Cloistear a lán cainte ó dhaoine áirithe faoin mbaol go mbeidh cogadh núicléach ann …” B’fhearr liomsa níos lú cainte a chlos ó fhoinsí ainmnithe ná a lán cainte ‘ó dhaoine áirithe’. Buailimse le ‘daoine áirithe’ anois is arís. Níl a fhios ag a bhformhór acu cad atá á rá acu.
    I dtaca le cogadh núicléach de, ní bheadh aon spéis agam i dtuairimí ‘daoine áirithe’ a bhfuil tuairimí acu faoi gach rud. B’fhearr liomsa brath ar dhaoine a bhfuil an cogadh mar ábhar taighde agus iniúchta acu ó lá go lá, dream a thuigeann i gceart an baol a bhaineann le cogadh núicléach, dream atá in ann a shamhlú cad is ‘geimhreadh núicléach ann’ dá dtitfeadh sé amach.
    I measc na ndreamanna údarásacha sin, luafainn Antiwar.com a deir go bhfuil 5,748 soc pléascán núicléach ag Stáit Aontaithe Mheiriceá. B’éigean dom an Ghaeilge ar ‘nuclear warhead’ a lorg agus is fianaise é sin ann féin, dar liom, ar a laghad plé atá á dhéanamh ar an gceist seo. Bheadh sé spéisiúil dar liom tábla a fheiceáil uair éigin a thabharfadh léargas dúinn ar líon na
    n-ainmfhocal agus na bhfrásaí is minice a úsáidtear sa Ghaeilge. Seans maith go mbeadh ‘soc pléascán núicléach’ ag bun an liosta ar fad, faraor.

    Deir Antiwar.com linn gur tharla níos mó ná bronnadh na seamróg i mí an Mhárta i mbliana, gur thacaigh Biden le plean straitéiseach a bhainfeadh leas as airm núicléacha chun cogadh a fhearadh ar an Rúis, ar an tSín agus ar an gCóiré Thuaidh.