An dtabharfar cluas éisteachta don DUP in Westminster?

Beidh deis ag ochtar feisirí an DUP a racht a chur díobh faoi Phrótacal an Tuaiscirt i ndíospóireacht parlaiminte amárach

An dtabharfar cluas éisteachta don DUP in Westminster?

Amárach sa Pharlaimint in Westminster pléifear éileamh an DUP go gcuirfí an Prótacal iarBhreatimeachta ar ceal. Ceadaíodh an díospóireacht mar fhreagra ar achainí an pháirtí a fuair tacaíocht ó 100,000 sínitheoir.

Bhí an díospóireacht Parlaiminte ar cheann de na cúig chéim i bhfeachtas an DUP chun stop a chur leis an teorainn i Muir Éireann. Tá súil acu go bhfaighidh siad dóthain tacaíochta ó fheisirí Caomhacha le brú a chur ar an bPríomh-Aire Boris Johnson an conradh idirnáisiúnta leis an Aontas Eorpach a shárú agus an Prótacal a chaitheamh i dtraipisí. 

Maíonn an DUP gur in olcas a ghabhfaidh na fadhbanna trádála a eascraíonn as an bPrótacal nuair a bheidh deireadh leis na tréimhsí cairde. Méadóidh guagacht na nAontachtach dá réir a deir an páirtí mar go bhfuil beag is fiú déanta dá saoránacht de chuid na Ríochta Aontaithe.

I bhfianaise a bhfuil cloiste ó Michael Gove thar ceann na Breataine agus Maroš  Šefčovič thar ceann an Aontais Eorpaigh is beag an t-údar dóchais ba cheart a bheith ag an DUP. Tá sé ráite agus athráite ag an mbeirt gur féidir cuid mhór de na fadhbanna a bhaineann leis an bPrótacal a fhuascailt. Bhí comhdháil ar líne ag an mbeirt Déardaoin le lucht gnó i dTuaisceart Éireann agus le ceannairí pobail, an tOrd Oráisteach san áireamh. Fuair gach dream éisteacht ach níor chualathas aon athrú poirt; gealladh mionleasuithe agus feidhmiú éifeachtach ach go bunúsach, ní chuirfí an Prótacal ar neamhní. 

An gcloisfidh an DUP a mhalairt amárach? Tá cairde acu i gcónaí i measc an ERG, an dream a ndeachaigh siad i gcomhar leo chun bac a chur ar an mBreatimeacht measartha nó bog. Thairis sin, is deacair a rá; níor léir go dtí seo go raibh cumha ar Thóraithe ina ndiaidh. Níl an svae le feisirí an DUP a bhíodh nuair a bhí cóimheá na cumhachta acu. Rinne Boris Johnson feall orthu chomh luath géar is a bhí an deis aige ach, ós deacair a bheith cinnte an féidir brath ar a fhocal, cá bhfios cén freagra a bheidh aige ar an bhfeachtas seo.

Deirtear go bhfuil dea-chaidreamh ag Maroš  Šefčovič agus Michael Gove lena chéile ach ní léir cén bhaint a bheidh ag Gove leis an scéal seo ó thus na míosa seo chugainn. Tá an Tiarna David Frost ceaptha ag an bPríomh-Aire chun a bheith i gceannas ar ghnóthaí leis an AE ó thús mhí an Mhárta. Tá suíochán tugtha do Frost ag bord an rialtais cé nach feisire Parlaiminte é: thuairisc an Financial Times gur chuir sé a chosa uaidh, ag éileamh na cumhachta chun an conradh a d’aontaigh sé mar idirbheartaí a fheidhmiú. Is cosúil go mbeidh an Tiarna Frost ag freagairt do Gove ach deirtear go bhfuil ardmheas ag Johnson air agus a dhoras ar leathadh roimhe.

An mbeidh éifeacht aige sin ar an bplé faoin bPrótacal? Maíodh abhus go mbeadh Frost báúil leis an DUP agus lena n-éileamh nach ndéanfaí idirdhealú idir muintir an Tuaiscirt agus saoránaigh sa Bhreatain Mhór. B’fhéidir é ach cuimhnímis gurb é Frost an t-idirbheartaí a d’aontaigh conradh an Bhreatimeachta. Bhí Gove báúil le freasúra an DUP do Chomhaontú Aoine an Chéasta fiche bliain ó shin ach bhí sé tiomanta (go dtí seo ar aon chuma) d’fheidhmiú an Phrótacail. 

Ní rud fánach, gan tábhacht é freasúra na n-aontachtach don Phrótacal. Buille síceolaíoch is ea an deighilt, fíor nó samhlaithe, idir iad agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe. Ceist idir iad féin agus Príomh-Aire na Breataine is ea é sin, iarmhairt an Bhreatimeachta chrua a raibh siad mar chrann taca aige. Dá gcuirfeadh an Bhreatain an Prótacal ar ceal, go haontaobhach, sháródh sé conradh an Bhreatimeachta, céim mhór a mbeadh ciallachais an-diúltach léi.

Beidh deis ag ochtar feisirí an DUP a racht a chur díobh san díospóireacht amárach. Ach beidh deis freisin ag beirt fheisirí an SDLP, Colum Eastwood agus Claire Hanna, agus Stephen Farry, Alliance a mheabhrú don Pharlaimint go raibh móramh i dTuaisceart Éireann in aghaidh an Bhreatimeachta agus gur mionlach iad an DUP abhus. 

Cé leis an imirt anois?

Fág freagra ar 'An dtabharfar cluas éisteachta don DUP in Westminster?'