An Dream Dearg ‘dírithe ar an nGaeilge’ amháin agus ní ar cheist an ghinmhillte, an phósta comhghnéis ná aon cheist eile

Chuir an scríobhneoir agus scoláire Gaeilge Ciarán Ó Coigligh, atá ag canbhasáil don DUP, i leith an ghrúpa teanga gur ginmhilleadh, pósadh comhghnéis agus Acht Teanga na héilimh atá acu

An Dream Dearg ‘dírithe ar an nGaeilge’ amháin agus ní ar cheist an ghinmhillte, an phósta comhghnéis ná aon cheist eile

Tá séanta ag an ngrúpa feachtasaíochta An Dream Dearg go bhfuil aon bhaint acu le héileamh ar bith eile seachas éilimh a bhaineann leis an cás na Gaeilge.

An t-aon trí rud atá á n-éileamh ag An Dream Dearg ná ‘Cearta, Cothromas, agus Cóir’ do phobal na Gaeilge, a dúirt urlabhraí an ghrúpa le Tuairisc.ie inniu.

Bhí an t-urlabhraí ag tagairt do líomhaintí a rinne an scoláire agus scríbhneoir Gaeilge Ciarán Ó Coigligh, atá ag canbhasáil ar son an DUP sa toghchán ó thuaidh, faoi ‘An Dream Dearg’ ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin. Dúirt Ó Coighligh go bhfuil “dochar” déanta ag an mbrúghrúpa do chás na Gaeilge ó thuaidh trína nascadh leis an nginmhilleadh agus leis an bpósadh comhghnéis.

Tá na líomhaintí céanna curtha i leith an ghrúpa ó Ó Coigligh cúpla uair ar na meáin shóisialta freisin.

“[Rinneadh] an-dochar sa mbliain 1915 nuair a ceanglaíodh an Ghaeilge leis an bpolaitíocht scarúnach, tá sé sin amhlaidh [anois]. Luadh ceist an phósta comhghnéis cúpla nóiméad ó shin, agus anois tá dochar níos measa déanta ag Sinn Féin agus ag an Dream Dearg mar chuile uair a labhraíonn siad i dtaobh a gcuid éileamh, luann siad an tAcht Gaeilge, an ginmhilleadh agus an pósadh comhghnéis,” a dúirt Ó Coigligh le Gormfhlaith Ní Thuairisc, láithreoir Adhmhaidin.

Dúirt An Dream Dearg nach bhfuil rud ar bith a éileamh acu seachas cearta teanga do chainteoirí Gaeilge agus go bhfuil an méid sin “iontach soiléir” ón méid atá ráite acu go dtí seo.

“Na ‘trí rud’ atá á n-éileamh ag an Dream Dearg ná cearta, cothromas agus cóir do phobal na Gaeilge. Is iad sin na héilimh, oifigiúla, phoiblí atá ag an Dream Dearg.

“Creidimid go bhfuil sin uilig soiléir ó achan phreasráiteas agus mír atá seolta amach ag an Dream Dearg le míonna anuas agus tá an méid sin ráite go poiblí ar bhonn leanúnach againn,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil an grúpa “bródúil” as a bheith ag obair le mionlaigh agus le pobail eile atá “faoi chois”.

Dúirt duine eile a bhíonn i mbun feachtais leis an ngrúpa, ach nach bhfuil i ról ceannais ann, le Tuairisc.ie go mbíonn daoine ó chúlraí éagsúla, cúlraí éagsúla creidimh agus polaitíochta san áireamh, ag tacú leis na hagóidí agus leis na feachtais eile a eagraíonn An Dream Dearg agus go bhfuil “éagsúlacht tuairimíochta” i measc na ndaoine sin faoin “iliomad ceisteanna eile”.

“Tá mé cinnte go bhfuil daoine atá ar son na rogha agus ar son na beatha i measc na sluaite a bhíonn i láthair ag agóidí ‘An Dream Dearg’ agus go mbíonn daoine a thacaíonn leis an bpósadh aerach agus atá ina aghaidh ann fosta.

“Ach tá na héilimh atá an ngrúpa féin iontach soiléir, dar liom, agus baineann achan éileamh leis an nGaeilge. Nuair a théim amach leis an Dream Dearg is ar an nGaeilge atá mé ag smaoineamh agus uirthi sin amháin,” a dúirt duine de lucht tacaíochta an fheachtais.

Tá ráite ag Ciarán Ó Coigligh go raibh an DUP “an-fhlaithiúil” ina gcuid tacaíochta don Ghaeilge le roinnt blianta anuas. Deir sé gur cur amú airgid a bheadh in Acht Gaeilge do Thuaisceart Éireann agus gur cur amú airgid é Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas. Tacaíonn sé leis an DUP, a deir sé, go háirithe mar gheall ar sheasamh an pháirtí sin i gcoinne an ghinmhillte agus an phósta comhghnéis.

Bhí Ó Coigligh, a bhfuil 12 cnuasach filíochta agus go leor leabhar Gaeilge eile foilsithe aige, i mbun stocaireachta le déanaí do Jim Wells, an polaiteoir de chuid an DUP atá ag seasamh sa toghchán sa Dún Theas.

Agus é faoi agallamh ag an Belfast Telegraph an tseachtain seo caite, dúirt Ó Coigligh gur bhain sé an-sásamh as a bheith ag stocaireacht ar son an DUP.

“Nothing has enthused me more than the time I have spent canvassing with the DUP.

“They are wonderful people, and very witty and lovable.”

Dúirt sé gurb é an DUP an t-aon pháirtí ar oileán na hÉireann a bhí ag teacht lena dhearcadh féin ó thaobh na polaitíochta agus a chuid tuairimí faoi cheisteanna “bunúsacha” a bhaineann leis an saol, le cúrsaí clainne agus leis an bpósadh.

Fág freagra ar 'An Dream Dearg ‘dírithe ar an nGaeilge’ amháin agus ní ar cheist an ghinmhillte, an phósta comhghnéis ná aon cheist eile'