‘An dóchas ag gint an mhisnigh, an misneach ag gint an ghnímh!’ – spreagadh mór faighte ag Misneach i gCorca Dhuibhne

Fuarthas lón machnaimh faoi dhán na Gaeltachta agus faoi go leor eile ag Meitheal Misneach a bhí ar siúl i i mBaile an Fheirtéaraigh le déanaí

‘An dóchas ag gint an mhisnigh, an misneach ag gint an ghnímh!’ –  spreagadh mór faighte ag Misneach i gCorca Dhuibhne

Ba é Áras Bhréanainn i mBaile an Fheirtéaraigh an rogha mar láthair don gcomhthionól bliantúil Meitheal Misneach le déanaí.

Ionad tábhachtach pobail is ea é a mholtar go hidirnáisiúnta i dtaobh fheabhas a chuid cúrsaí samhraidh, chomh maith le hoifigí riaracháin agus seirbhísí don aos óg. Mórócáid is ea an Mheitheal i bhféilire bliana Misneach, grúpa deonach a dheineann nasc idir staid na teangan sa Ghaelacht agus trioblóidí móra sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíochta eile atá ag bagairt orainn go léir.

Aistrítear an ócáid ó cheantar go ceantar Gaeltachta gach bliain d’fhonn an nasc idir an pobal agus gníomhairí na heagraíochta a thógaint, agus a neartú. Ba é seo an chéad gheábh againn ar Iarthar Duibhneach agus radharc diamhair na dTriúr Deirféar agus Chruach Mhárthain os ár gcomhair amach.

Ba é óigfhear eolgaiseach Dhún Chaoin, Dáithí de Mórdha, a thug an chéad chaint dar teideal ‘Dubh Agus Bán’, inar pléadh na contrárthachtaí a thagann chun solais agus é ag déanamh anailís chomparáideach ar fhíricí éagsúla a bhaineann le caighdeán maireachtana na Gaeltachta. Thug sé ar thuras sinn trí na hathruithe móra teicneolaíochta a d’athraigh an saol, ón bprimus stove anuas go dtí an leathanbhanda (nó a cheal!). Ansan, scaip sé bileog orainn go raibh aidhmeanna Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta scríte uirthi. Cé acu a bhí bainte amach? Cé acu a bhí imithe ar bóiléagar? Ba é tuairim na coitiantachta ag an gcleataráil de mhuintir na háite a bhí bailithe ann go raibh obair le déanamh fós i dtaca le dúnadh na n-oifigí poist agus seirbhísí eile le blianta. Ní fhéadfaí gan feachtas Scoil Dhún Chaoin a tharrac anuas ansan, an “gníomh díreach” is mó a deineadh ar son na Gaeltachta i gCiarraí sa bhfichiú haois. Chuir lucht Misneach an-spéis sa scéal éachtach san.

An dubh agus bán is mó a bhain an slua as a chaint ná gile an dóchais a thabharfadh líon mór na leanaí sa scoil chéanna inniu duit, ar meascán de mhuintir na háite agus de theaghlaigh a bhog go dtí an Ghaeltacht a dtuismitheoirí, ach Gaeilge ar bharr a ngoib ag a gclannaibh go léir. Is é an duibhe ná éiginnteacht na todhchaí rompu ag éirí aníos de dheascaibh a laghad seirbhísí, deiseanna fostaíochta, acmhainní sóisialaithe ná infreastruchtúr cuí tithíochta bheith ar fáil ina gceantar dúchais dóibh.

Leag an dá thaobh seo pábhaile bhreá síos i dtreo dhá chaint an tSathairn.

Sea, más iad na ‘rudaí beaga’ sa scoil an lóchrann dóchais, ní gan dua a thiocfaidh siad slán as síormhúchadh an Bhéarla, dar leis an tarna cainteoir. Ní leor Gaelainn a bheith le clos ag an dteallach anois, ní mór pobal iomlán bheith agat chun sealbhú teangan a chinntiú i gcás an linbh. Tá gá le hiarrachtaí tréana ag tuismitheoirí anois chun sóisialú a dhéanamh agus líonraí tacaíochta a thógaint d’aon ghnó. Is é ‘Tús Maith’ atá i mbun na hoibre sin agus ba mhór an spreagadh bheith ag éisteacht le hOrlaith Ruiséal ag cur síos ar na dúshláin agus ar na suáilcí a bhaineann lena cuid oibre. Tá éachtaí déanta cheana acu. Ach dá mhéad iad; tá eagla ann i gcónaí ná fuiltear ag éisteacht leis na hachainithe agus faoin ngá la borradh sa phobal i gcoitinne chun éileamh níos láidre a dhéanamh thar ceann thuismitheoirí na Gaeltachta.

I rith an lae, mar aon le toghadh oifigigh na heagraíochta don mbliain romhainn, ritheadh dhá rún ar son rogha na mban faoina gcolainn fhéin agus ar son tacaíocht a thabhairt de gach dream atá fé chois agus iad ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach in Éirinn agus timpeall an domhain. Beidh Misneach ag stocaireacht ar son cearta ban sna Sé Chontae agus ag iarraidh deireadh a chur le fuath ban in aon tslí gurbh fhéidir de bharr an chinnte seo. Tuigeadh dúinn ná fuil dóthain airde á thabhairt ar cheann de na géarchéimeanna is mó ar domhan faoi láthair; géarchéim na dteifeach, na scórtha milliún duine díshealbhaithe ag cogaíocht impiriúlach, téamh domhanda agus polasaithe eacnamaíochta an iarthair fhorbartha. Gníomh dearfach is féidir a dhéanamh ná seasamh i gcoinnibh an fhaisisteachais agus an chiníochais agus tacaíocht a thabhairt do AFA (Gníomh Frith-Fhaisisteach) mar a dheineamar i mbliana i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath in 2016 ag siúlóid Pegida.

Seo rud a mheall mé fhéinig go pearsanta chun na heagraíochta a chéad uair: fís thrasnach (intersectional) idirnáisiúnta níos fairsinge don tsochaí ina mairimid, fís ná fuil teanntaithe i ndioscúrsa cúng “cúis teangan”. Dream Gael arb é cás a bpobail is cás dóibh ag tabhairt dúshláin don gcaipitleachas, don bpatrarcacht agus don nua-choilíneachas. Geaing cairde go gcuireann faillí an dá stát ar an nGaeltacht agus ar chosmhuintir na tíre seo, confach orthu, sin uile.  Níl de chumhacht againn ach a bhfuil de chumhacht ag aon phobal eile de phobail an domhain atá toilteanach dul i mbun na comhstreachailte céanna.

Tá Daingean Uí Chúis, baile seirbhíse Gaeltachta, ar na bailte is mó airbnb in Éirinn. An dúthaigh ag brath go dian ar an turasóireacht. Rud a fhágann iomard ar inmharthanacht phobal na háite. Bhí tráthúlacht dá réir ag roinnt le caint Iarla Uí Mhurchú fé chúrsaí tithíochta agus ar an réiteach a bhí aige fhéin ar an scéal.  Dúirt sé gur fada géarchéim tithíochta sa tír seo agus gur chóir filleadh ar bhunphrionsabal tógaint tí; fothain, teas agus gile, mar dhea-ghníomh ar son na timpeallachta i gcoinnibh staid na tithíochta in Éirinn a ligeann do thiarnaí talún teaspúla bheith san iallait. Mhínigh sé conas mar a thóg sé a thigín fhéin agus é á spreagadh ag fealsúnacht na buantalmhaíochta. Tá podchraoladh anois ar fáil ag an nasc so.

Mheabhraigh a chaint dom scéal áitiúil a dúirt Súilleabháineach linn i mBaile Reo mar gheall ar shagart a dh’fhiafraigh de gharsún scoile ‘cé dhein an domhain?’. Nuair ná raibh ar chumas an leaid óig é a dh’fhreagairt, bhuail an sagart siar go dtín a athair ag baint sásaimh dó. Fear bocht ab ea an t-athair ná raibh aige ach ach tigín beag tuí agus a dhóthain de chúraimí air chun é a choimeád. “Ní fheadar do mhac cé dhein an domhan,” arsa an sagart go míshásta leis.

Ach bhí an t-athair rómhaith dhó.

‘Pé dhein é, d’fhág sé cúng go maith agamsa é!’ ar sé.

De réir chaint Iarla, seans nárbh aon díobháil an chúngracht chéanna agus sinn ag tógaint tithe dhúinn fhéinig amach anso. Léamh eile atá le fáilt ar an scéal so ná nár Dhia ná na húdaráis a chruthaigh an domhan so ach gur sinn fhéinig a shaothraigh a bhfuil againn in aineoinn a smachta, a n-éirí in airde agus iad dár gcur fé chois.

Ní raibh aon chúngracht ag cur tinnis ar lucht na Meithle ach sinn go sona sách ag fanacht thiar i mBrú na Gráige ag faire anuas ar thráigh Chloichir. Halla breá fairsing chun ár gcoda a roinnt is a ithe. D’ullmhaíomhar an bia ar fad le cois a chéile.

Dheineamair seisiún ag gabháilt dosna camáin le Diarmuid Ó Luing ar an nDomhnach. Mhol an fear céanna dhúinn bualadh síos ar an dtráigh tar éis cad é bús cainte agus  “suaitheadh aigne” a bheith déanta againn i mbun ceardlann agus cainteanna – gur mhairg bheith gan luadar, gur fearr dár n-anam is dár n-aigne bheith i gcónaí ag gluaiseacht agus ag bogadh ár mball coirp.

Táimid seolta amach cúpla buille eile ar bhóchna na todhchaí tar éis Mheitheal na Bliana.

Tabharfam linn feasta mar mhana seana-rá gaoismhear a roinn Toose Mac Gearailt ón mBaile Riach linn tar éis caint Dháithí ar an Aoine a léiríonn go feillbhinn ár bhfealsúnacht; “an dóchas ag gint an mhisnigh, an misneach ag gint an ghnímh!”.

Is deimhnitheach go mbeidh sé sin ina fhoinse mhór inspioráide dhúinn go léir agus sinn ag tarrac linn sa troid ar son thodhchaí na Gaeltachta agus shaol níos fearr don gcoismhuintir!

Fág freagra ar '‘An dóchas ag gint an mhisnigh, an misneach ag gint an ghnímh!’ – spreagadh mór faighte ag Misneach i gCorca Dhuibhne'

  • Murchadh

    ‘Níor chaill fear an mhisnigh riamh é’. Tá’s age Dia go mbíonn sé ag teastáilt ar na saolta achrannacha guairneánacha seo arb é an mana aige mórán ‘gach éinne dó féin’. An té is géire scian is leis feannadh. An ‘comh’ a fhí isteach sa ‘phobal’ athuair, athmhuintearas, comhthuiscint agus comhbhá a chothú i do shaol féin. Sin tús. Déan féin eiseamláir den athrú a shanntaíonn tú. Mar le Scoil Dhúnchaoin is ‘stróinséirí’ is mó a chuaigh i ndeabhaidh lainne ar a son. Michael Davitt i dtús cadhnaíochta; file, fáidh, fear físe agus teallaire breá. Trócaire air.