An dochar a dhéanann bréaga ar líne á léiriú ag lucht tacaíochta Iosrael agus Hamas

Tá X á neartú mar fhoinse mífhaisnéise, feirge agus seafóide agus faraor is treise scaití spéis an mhóraimh i mbréaga ná san fhírinne

An dochar a dhéanann bréaga ar líne á léiriú ag lucht tacaíochta Iosrael agus Hamas

Maraíodh Omer Siman-Tov, buachaill ceithre bliana d’aois, nuair a d’ionsaigh lucht tacaíochta Hamas kibbutz in Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.  Lámhach an bhuíon armtha a thuismitheoirí Shacha agus Abel agus maraíodh a dheirfiúracha Shachar agus Abel nuair a chuir an bhuíon an teach ina raibh cónaí orthu i Kibbutz Nir Oz trí thine.

Maraíodh Omar Bilal al-Banna, buachaill eile ceithre bliana d’aois, an lá céanna nuair a bhuamáil Iosrael teach an teaghlaigh i Zeitoun, Gaza. Gortaíodh a dheartháir Majd san ionsaí céanna nuair a bhuail smionagar an bheirt acu.

Tá leas bainte as marú na bpáistí ag lucht leanúna Iosrael agus na bPalaistíneach ar líne d’fhonn an taobh eile den choimhlint a dhamnú. Ní ar an bhfírinne, áfach, ach ar lúbadh iomlán na fírinne a bhunaigh cuid acu a leaganacha ar líne den dá uafás, mar a léiríonn taighde iontaofa a foilsíodh Déardaoin.

Maíodh ar chuntais éagsúla ar X (nó Twitter mar a thugtaí air roimhe seo) nach é Omar Bilal al-Banna ach bábóg a bhí feiceáil i ngrianghraf agus é á iompar ag fear i ndiaidh a ghortaithe, a deir Marianna Spring, comhfhreagraí bréagaisnéise an BBC. Ise a rinne an taighde don tuairisc atá ar fáil anseo.

Fuair Spring amach go raibh cuntais ar X atá i seilbh ambasáidí Iosrael sa Fhrainc agus san Ostair i measc na gcuntas a scaip an scéal faoin bhábóg. Mhaígh siad gur sampla eile é de bholscaireacht bhréagach Hamas agus na bPalaistíneach.

Agus an fhírinne?

Labhair Marianna Spring le beirt ghrianghrafadóirí a dheimhnigh gur thóg siad grianghraif den bhuachaill marbh taobh amuigh den mharbhlann in ospidéal Al-Shifa in Gaza.

Chuir an bheirt grianghraif eile ar fáil di chomh maith le faisnéis faoin áit ar tógadh iad agus faoin bhfear a bhí ag iompar an pháiste. Tá na grianghrafadóirí cinnte nach bábóg a bhí á hiompar aige, agus gurb é Omar Bilal al-Banna an páiste. Deir Spring gur léir ó na pictiúir nach bábóg ach corp páiste a bhí á iompar.

Bhí an scéal bréagach feicthe cheana féin ag 3.8 milliún duine agus á scaipeadh ag rialtas Iosrael faoin am ar fhoilsigh Spring a tuairisc.

Idir an dá linn bhí leaganacha bréagacha de scéal mharú Omer Siman-Tov in Iosrael á gcumadh agus á scaipeadh go tréan. Dúradh nár maraíodh é féin ná a dheirfiúracha in aon chor toisc ‘nach maraíonn Hamas páistí’. Chuir cuntas amháin i leith Iosrael gurbh iad fórsaí na tíre sin a mharaigh iad agus go rabhthas ag iarraidh an milleán a chur ar Hamas.

Níl mórán leantóirí ag formhór na gcuntas a scaip scéalta dá leithéid, a deir Spring, ach baineadh leas as a mbréaga mar chuid d’fheachtas forleathan ar líne in aghaidh Iosrael.

Tá an oiread faltanais agus fuatha á agairt ar an dá thaobh den choimhlint idir Iosraelaigh agus Palaistínigh faoi láthair gur ar éigean a thabharfaidh mórán aird ar dhícheall Spring agus iriseoirí eile atá ag iarraidh cur síos fírinneach a chur amach in ionad bréaga.

Is fainic mar sin féin an mhí-úsáid a baineadh as an dá eachtra thuas faoi chontúirt ar líne nach léir a leigheas fós. Ó chuaigh Elon Musk i gceannas ar X/Twitter anuraidh tá deis as cuimse á tabhairt aige do dhaoine nach bhfuil aon mheas acu ar an bhfírinne agus ar mian leo bréaga a inseacht, fearg a threisiú agus fuath a chothú.

Bhí Twitter úsáideach ar feadh i bhfad mar fhoinse nuachta agus mar ghléas chun teacht ar ábhar fiúntach den uile chineál. Faraor, ó thosaigh Musk ag díbirt daoine iontaofa ón suíomh, tá X á neartú aige mar fhoinse mífhaisnéise, feirge agus seafóide.

‘Cogar, ar chuala tú…’ a deir daoine go minic lena chéile agus le hiriseoirí, i dTeach Laighean go háirithe. Is dlúthchuid bhreá de gach comhrá a leithéid, ach teastaíonn bearna a fhágáil idir go leor scéalta a chloistear agus iad a fhoilsiú – is é sin más fiú iad a fhoilsiú in aon chor.

Ní haon iontas é riamh le linn cogaidh go mbíonn an fhírinne á cur as a riocht ag go leor daoine d’aon ghnó, Ach is fiú machnamh ar an dochar atá á dhéanamh abhus ag daoine (corr-iriseoir ina measc) a bhaineann leas as na meáin shóisialta agus na meáin thraidisiúnta chun bréag a scaipeadh. Nó chun fearg a chothú, nó fuath.

Ní léir aon chosaint ar an mbagairt ar líne ach stuaim agus an fhírinne. Faraor, is treise scaití spéis an mhóraimh, i gcéin is i gcóngar, i mbréaga ná i bhfianaise a léiríonn an fhírinne.

Ní sa Mheánoirthear amháin a chuireann daoine gan scrupall ná freagracht daoine eile i gcontúirt bhreise.

Fág freagra ar 'An dochar a dhéanann bréaga ar líne á léiriú ag lucht tacaíochta Iosrael agus Hamas'

  • Fachtna ODrisceoil

    Áiméan

  • Conor Ó Briain

    Iomarca den dáthaobachas san alt seo domsa. Formhór mór na mbréag is ar thaobh Iosrael agus a lucht tacaíochta atá siad, á scáipeadh ag na meáin thraidisiúnta leis na gcianta, ag tabhairt le fios gur tír bheag chróga dhaonlathach í Iosrael i mbun streachailte in aghaidh daoscarshlua de Arabaigh neamhshibialta. Seo feachtas bolscaireachta rite ag na mórmheáin chun bunfhírnne an scéil a chur as a riocht, sé sin scriosadh ar chearta na Pailistíneach ag an Síonachas le tacaíocht ó SAM agus an tAE.