An díomá, an imní, an dóchas agus spiorad an phobail le sonrú ar ‘The Toughest Summer’

Léiríodh go paiteanta teacht aniar lucht CLG i dtréimhse na paindéime i gclár faisnéise nua ar RTÉ

An díomá, an imní, an dóchas agus spiorad an phobail le sonrú ar ‘The Toughest Summer’

Is ionann an samhradh ag a lán de phobal na tíre seo agus biaistí caide is iománaíochta. Is ait mar sin go mbeadh fód beannaithe Chumann Lúthchleas Gael, Staid Semple, Staid an Ghearaltaigh, Páirc Uí Chaoimh, Páirc Thiarnaigh Naofa, Staid an Phiarsaigh agus a lán páirceanna eile nach iad ar fud na tíre chomh ciúin le reilig.

Is amhlaidh a bhí agus atá fós i ré seo an víris chorónaigh.

Ag tús an chláir The Toughest Summer (RTÉ1, Dé Máirt) mheabhraigh ábhar cartlainne laethanta duairce mhí an Mhárta dúinn. An víreas ag scaipeadh ar fud na hEorpa agus fios againn go mbeadh sé chugainn gan mhoill. Bhí craobhchomórtas camógaíochta na gclubanna díreach buaite ag mná chumann na Sairséalach.

Ag an am céanna bhí clubanna agus contaetha ar fud na tíre ag tiargáil don séasúr a bhí amach rompu. Baineadh stangadh agus stop as daoine is gníomhaíochtaí CLG nuair a tháinig an dianghlasáil. Sa chuid eile den chlár tugadh éachtaint ar shaol phobal CLG i rith na dianghlasála agus ina diaidh.

Rud amháin a rith liom arís agus arís eile i rith an chláir ná gur léirigh an tréimhse sin go raibh spiorad agus teacht aniar sa phobal. Na cumainn éagsúla ar fud na tíre ag friotháilt agus ag tindeáil ar sheanfhondúirí a bhí ag clutharú. Gach duine ag luí amach orthu féin.

Thomas Clancy Chorcaí ag déanamh scáthlán agus David Brady Mhaigh Eo ag cur glaonna gutháin ar sheanóirí gur mhór acu dreas cainte le laoch caide an chontae. Bheadh deora i gceann do chuid súl agus turas á thabhairt aige ar dhuine acu i dtreo dheireadh an chláir. Bhí an ceann is fearr á fháil ag na mothúcháin ar an bhfear féin.

Canathaobh ná beadh agus é, cosúil le hana-chuid againn, ag tabhairt turais ar dhaoine muinteartha tar éis stáire?

Bhí meascán breá aíonna sa chlár ó gach cearn den tír. Aidan O’Mahony atá ina Gharda i gCiarraí, TJ Reid Chill Chainnigh a bhfuil ionaid aclaíochta aige, an Dr. Caitríona Cormican sa Ghaillimh agus mórán eile nach iad. A scéal féin acu ar fad ach díomá, imní, dóchas, spiorad an phobail agus an teacht aniar le sonrú i gcaint an uile dhuine acu.

D’fhéadfaí clár ann féin a dhéanamh amach anseo ar Ann Downey ó Chumann Naomh Pádraig i gCill Chainnigh, an chéad bhainisteoir mná ar fhoireann fear. Ina theannta sin bhí ardú meanman ag baint le caint Paddy Joe Burke, bearbóir as Ros Comáin agus fear atá gafa le caid. É ag cáiseamh an easpa cluichí CLG go tuisceanach is é ag meabhrú dúinne gur áiteanna iad na páirceanna peile ina bhfíoraítear brionglóidí is mianta croí. Thrácht seo go dóchasach ar chluiche ceannais na hÉireann a bheidh againn díreach roimh an Nollaig agus an súp a bhainfeadh na Rossies as ‘Saintí Sam’ a chrochadh leo.

Go minic i gcaitheamh an chláir taispeánadh seatanna aeir de pháirceanna beaga is móra ar fud na tíre, páirc Chumann Caide na Gaeltachta san áireamh. Is mór an trua nach raibh beagán Gaeilge le cloisint, áfach. Bhí deis sin a dhéanamh sa chomhrá idir beirt fhear uasal Micheál Ó Muircheartaigh agus Pádraig Mac Mathúna ó Chontae an Chláir ach níor tapaíodh an deis.

Clár maoithneach a bhí anseo a chuirfeadh deoir i gceann do chuid súl ach a thabharfadh ardú meanman duit chomh maith. Agus borradh in athuair faoin víreas corónach agus athruithe dá réir ar thionóil phoiblí, tá súil le Dia agam nach róluath a deineadh an clár seo.

Fág freagra ar 'An díomá, an imní, an dóchas agus spiorad an phobail le sonrú ar ‘The Toughest Summer’'