An dá fhoireann is fearr ar domhan ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus na All Blacks i mBaile Átha Cliath

is cinnte go mbeidh go leor de na fadhbanna a tháinig chun cinn in imirt na hÉireann an tseachtain seo caite leigheasta ag Joe Schmidt

An dá fhoireann is fearr ar domhan ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus na All Blacks i mBaile Átha Cliath

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá sé linn faoi dheireadh, an cluiche sin idir na foirne atá ar bharr rangú rugbaí an domhain. Tabharfaidh ‘All Blacks’ na Nua-Shéalainne, an fhoireann atá ar bharr sa rangú cuairt ar Staid Aviva inniu le himirt i gcoinne na nGael, an fhoireann atá sa dara háit ar domhan.

Chas na foirne seo ar a chéile dhá bhliain ó shin le linn chomórtas idirnáisiúnta na Samhna tráth ar imir siad a chéile faoi dhó. I Chicago a imríodh an chéad cheann de na cluichí sin, áit ar éirigh leis na hÉireannaigh stop a chur leis an gcuriarracht a bhí ag na All Blacks, sin nár chaill siad riamh i gcoinne fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann.

Beidh caint go deo ar an gcluiche sin agus ar an toradh nach raibh súil leis (40 -29). Ach an oiread le hArd Oifig an Phoist i 1916 nó Páirc Thuamhan i 1978, lá a bhfuair na Muimhnigh an lámh in uachtar ar na All Blacks (12 – 0), tá an líon lucht leanta a bhí i Soldier Field an lá sin in 2016 ag méadú le chuile inseacht. Ach coicís ina dhiaidh sin thug foireann na Nua-Shéalainne cuairt ar Staid Aviva, mar ar aimsigh siad bua a chuir cúrsaí rugbaí ina gceart dóibh arís (21-9).

Ach idir sin agus seo, tá borradh iontach tagtha faoi chúrsaí rugbaí sa tír seo. D’éirigh leis na Gaeil greim a fháil ar an ‘Grand Slam’ agus is iad na Laighnigh curaidh na hEorpa agus an Pro 14. Is cinnte anois más faoi aon fhoireann a bheith ag gleo maidir lena stádas mar an fhoireann is fearr ar domhan go gcaithfidh siad foireann Joe Schmidt a imirt agus a chloí. An bhfuil siad níos fearr ná foireann na hÉireann?

I gcás na All Blacks beidh freagra againn ar an gceist sin an deireadh seachtaine seo.

Ach an mbeidh siad in ann sin a dhéanamh?

Is cinnte nár thug siad aon léargas dúinn an Satharn seo caite, agus iad ag imirt i gcoinne na Sasanach ,go bhfuil an stádas atá acu faoi láthair tuillte acu. Bhí an t-ádh glan orthu an lá a thabhairt leo le haon phointe amháin. Más tada é, léirigh na hAll Blacks agus iad ag imirt sa gcéad leath i gcoinne Shasana gur féidir iad a chloí. Seans maith nach ndéanfaidh siad na botúin chéanna sin arís an Satharn seo.

Maidir leis na Gaeil, bhí bua agus bearna aon phointe dhéag acu ar na Pumas san Aviva an Satharn seo caite ach is cinnte freisin nach raibh siad thar mholadh beirte sa gcluiche céanna. Tá rudaí chomh simplí leis seo – má imríonn foireann Joe Schmidt mar sin arís an Satharn seo, déanfaidh na hAll Blacks slad orthu. Níl aon cheist faoin méid sin. Ach tá aithne níos fearr againn ar Joe Schmidt ná sin agus is cinnte go mbeidh go leor de na fadhbanna a tháinig chun cinn leigheasta aige le linn na seachtaine.

Ní hamháin go bhfuil mise ag súil le sárchluiche idir an dá fhoireann rugbaí is fearr sa domhan, táim ag súil freisin leis an gcoimhlint iontach idir cuid de na himreoirí is fearr sa domhan. Beidh an choimhlint idir an dá leathchúl amuigh, Sexton agus Barrett, agus an ceann idir Stander agus Reid ag uimhir 8, gan trácht ar Ryan i gcoinne Whitelock sa dara sraith, ríspéisiúil. Tá mé ag súil go mbeidh an lá linn agus go leanfar leis an bhforbairt atá á déanamh againn agus muid ag réiteach don Chorn Domhanda.

Fiú má theipeann orainn an Satharn seo, is cinnte go mbeidh sólás éigin le fáil agam as a bheith in ann a rá go bhfaca mé cuid de na himreoirí is fearr a d’imir an cluiche seo ariamh ag imirt. Díreach mar a bhí le rá agam i Soldier Field sa mbliain 2016.

Fág freagra ar 'An dá fhoireann is fearr ar domhan ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus na All Blacks i mBaile Átha Cliath'