Dá bhféadfainn breith ar chláir Marie Kondo i mo lámh, ghabhfainn buíochas leo agus chaithfinn amach iad

Sa mhír nua seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

Dá bhféadfainn breith ar chláir Marie Kondo i mo lámh, ghabhfainn buíochas leo agus chaithfinn amach iad

Glantachán mór. Níl a fhios agam an gníomh cultúrtha é, ach sin an rud is mó atá ar siúl agam i m’am saor na laethanta seo. Rinne mé cúrsa machnaimh cúig lá fosta. Sos maith ón chaint is ón chabaireacht a bhíonn de shíor ag dul ar na gléasanna éagsúla atá fán árasán agam.

Léigh mé The Life-Changing Magic of Tidying le Marie Kondo, saineolaí glantacháin, cúpla bliain ó shin agus thaitin a modh fillte éadaí liom.

Anois, tá kondo-áil á dhéanamh agam ar fud an árasáin.

Ag an tús, bhí cláracha Netflix Kondo ag dul sa chúlra agam chun spreagadh a fháil ón bhean ar aoibhinn léi ord a chur ar an phrácás agus eagar a chur ar an aimhréidh.

D’éirigh mé dubh dóite leo i ndiaidh tamaill, áfach, iad róshimplí agus an struchtúr ceannann céanna orthu uilig. Dá mba réad fisiciúil iad na cláracha seo, thógfainn i mo lámh iad, thabharfainn fá deara cad é mar a bhraithfinn i mo chroí istigh, agus thuigfinn nach gcuireann siad lúcháir orm níos mó.

Ansin, ghabhfainn buíochas leo agus chaithfinn amach iad.

Is fearr liom i bhfad na físeáin bheaga ghairide agus na blaganna a dhéanann Sunyata Zohar (steppingfromatobe_sunyata ar Instagram). Le cúig bliana déag tá sí ag cuidiú le daoine eagar a chur ar a saol agus tá na leideanna s’aici stuama, praiticiúil, úsáideach.

Is maith liom bheith ag éisteacht le podchraoltaí. Tá The Nobody Zone, sraith sé chlár, thar barr ar achan dóigh. Tá na gnéithe éagsúla de scéal dúnmharfóra Éireannaigh i Londain sna 1980idí ríofa le chéile go cliste agus go healaíonta.

Ní raibh eolas ar bith agam ar an scéal sular thosaigh mé air, agus ní raibh mé cinnte ar feadh tamaill an ficsean nó fíorscéal a bhí ann.

Chuir sé sin go mór leis an eispéireas éisteachta. Comhléiriú de chuid RTÉ agus Third Ear sa Danmhairg atá ann. Tá leagan Gaeilge ann, a rinneadh in éineacht le Raidió na Gaeltachta, agus Sinéad Ní Uallacháin mar thráchtaire air, ach ní raibh a fhios sin agam ag an am, faraor.

Cúpla podchraoladh eile atá ag coinneáil cuideachta liom ná Dolly Parton’s America agus S-Town, sraith iriseoireachta iniúchta (buíochas le hÁine Ní Bhreisleáin agus Don Ó Donnacháin as iad a mholadh).

Maidir le leabhair, bhí dúil mhór agam in The Shoemaker and His Daughter le Conor O’Clery faoina bhean chéile agus a muintir, Airméanaigh a chaith a saol san Aontas Sóivéadach. Beidh Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil ag leaindeáil lá ar bith anois ó shiopa leabhar An Ceathrú Póilí, agus tá mé ag fanacht (go mífhoighneach) le chóir a bheith mí anuas le Manufacturing Happy Citizens: How the Science and Industry of Happiness Control Our Lives le Edgar Cabanas agus Eva Illouz.

Chuir mé eolas ar Fhéile Litríochta Jaipur nuair a tháinig an seó bóthair go Béal Feirste agus HomePlace Seamus Heaney i mBaile Eachaidh mí Mheithimh seo caite. Bíonn agallaimh leathuaire á gcraoladh acu cúpla uair sa tseachtain anois.

D’éist mé leis an chomhrá a bhí ag Meru Gokhale le Pioc Iyer, atá ina chónaí sa tSeapáin, faoin tost, socracht agus aonrú. Tá an domhan mór siúlta ag Pioc Iyer, ach labhair sé faoina oiread taitnimh a bhaineann sé anois as bheith ag tabhairt faoi deara an iliomad mionrudaí ar na siúlóidí srianta a dhéanann sé taobh istigh d’achar cúpla ciliméadar ón teach gach lá.

Agus ós ag trácht ar rudaí gar don bhaile atáimid, molaim go mór an ‘Virtual Cabaret’ a chraolann Ionad Ealaíon Duncairn, atá lonnaithe i dtuaisceart Bhéal Feirste, gach oíche Dé Sathairn ar YouTube. Bíonn ceol beo den scoth ann gach seachtain le tuairim is 70 ceoltóir, Damien Dempsey, Julie Fowlis, Zoe Conway agus Ríoghnach Connolly ina measc. Caith cúpla punt isteach sa phota. Tá an t-airgead á roinnt ar na ceoltóirí uilig atá páirteach sa togra fiúntach seo a chuirfidh dea-spionn ort.

Fág freagra ar 'Dá bhféadfainn breith ar chláir Marie Kondo i mo lámh, ghabhfainn buíochas leo agus chaithfinn amach iad'