An coróinvíreas – cúiseanna imní agus dóchais i dtús ré an ghalair

Is mó cúiseanna imní ná dóchais againn agus géarchéim an choróinvíris ag dul i dtreise in aghaidh an lae beagnach

An coróinvíreas – cúiseanna imní agus dóchais i dtús ré an ghalair

An tAire Sláinte Simon Harris. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Níl ach ocht lá ann ó fógraíodh go hoifigiúil go raibh an Coróinvíreas tagtha i dtír in Éirinn. San idirlinn, táimid go léir ag dul i dtaithí ar an eagla ar scála nár airigh ár bhformhór riamh.

Is i gceanncheathrú Fhoras na Gaeilge a tugadh an chéad léargas do scríbhneoir an cholúin seo ar an easpa céille agus/nó an neamhshuim a chuirfidh leis an ngéarchéim  atá ag leathadh de réir a chéile ar fud na tíre.  

Bhí fógra comhairleach dar teideal ‘Conas do lámha a ní le gallúnach agus uisce’ greamaithe ag foireann an Fhorais den scáthán i leithreas na bhfear.

Ach fad a bhí a lámha á ní go cúramach ag colúnaí Tuairisc.ie thug sé fear meánaosta faoi deara a bhí ar tí siúl amach tar éis dó a ghnó a dhéanamh. 

Nuair a dhírigh scríbhneoir Tuairisc.ie aird mo dhuine ar an bhfógra agus ar thábhacht níochán lámha i ré an choróinvíris (ar feadh thart ar chúig shoicind, de réir chomhairle an fhógra agus an HSE), céard a rinne sé? Chuir sé a lámha faoin mbuacaire ar feadh trí shoicind, ar a mhéid, agus faoin aerthriomadóir ar feadh dhá shoicind, ar a mhéid, sular shiúil sé amach agus an doras á oscailt aige lena lámh thais. 

Tá daoine dá leithéid, idir óg agus aosta, i ngach áit ar domhan ar ndóigh.

Tiocfaidh cuid acu chun céille de réir mar a scaipeann an chontúirt sna laethanta atá amach romhainn. Faraor, beidh sé ródhéanach faoin am sin.

Spreag a dhíth céille mhínáireach machnamh ar chúiseanna eile imní atá follasach agus géarchéim an choróinvíris ag dul i dtreise in aghaidh an lae beagnach. Rinneadh tréan-iarracht smaoineamh ar chúiseanna dóchais ach, ní nach ionadh, ní mór an chuid a aimsíodh de thoradh an tsaothair.

Is fiú cuimhneamh mar sin ar chomhairle na saineolaithe. Nigh do lámha go minic, agus go hiomlán, le gallúnach agus uisce te.

Cúiseanna dóchais

1. Tá sár-obair fhada dhian á déanamh ag foireann Fheidmeannnach na Seirbhíse Sláinte agus na Roinne Sláinte chun cásanna coróinvíris a iniúchadh agus comhairle agus cóir leighis a chur ar fáil do dhaoine atá ionfhabhtaithe leis an víreas.

2. Tá sruth leanúnach faisnéise agus comhairle á sholáthar ag an bpríomhoifigeach sláinte, an Dr Tony Holohan, agus ag a lucht cúnta a thuilleann muinín agus meas an phobail. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil gach cinneadh a rinne siad gan locht. Mar shampla, b’fhearr le go leor daoine dá bhfoilseofaí sonraí na n-eitiltí ar ar tháinig daoine ionfhabhtaithe abhaile ón Iodáil. Ach níl ráitis na saineolaithe á séanadh ná á gceistiú. Ní beag san.

Cúiseanna imní 

1. Cé nach mian le dochtúirí an pobal a scanrú gan chúis, is léir ón méid atá ráite ag cuid acu nach mbeidh ospidéil na tíre ábalta cóir leighis a chur ar na sluaite a bheidh i gcruachás tar éis tamaill. Tógadh ospidéal nua sa tSín in imeacht coicíse. Níl éacht dá leithéid indéanta abhus. 

2. Ba léir le tamall drogall an rialtais agus cur ar ceal pharáidí na Féile Pádraig á phlé. Ach nuair a d’fhógair an dream a bhí ag reáchtáil na paráide in Eochaill i gcontae Chorcaí De hAoine go raibh sí curtha ar ceal acu, thugadar sampla den chur chuige atá molta ag saineolaithe neamhspleácha éagsúla – is é sin gur fearr imeachtaí a shrianadh nó a chur ar ceal sula dtagann leathadh an víris chun solais.

 3. Níl tuiscint chruinn ná iomlán ar an víreas seo ag saineolaithe i dtír ar bith ar domhan. Tá na húdaráis ag iarraidh é a shrianadh mar sin gan faisnéis lánchruinn a bheith acu faoi. Mar shampla cé mhéad ama a thógann sé sula dtosaíonn duine atá ionfhabhtaithe ag ionfhabhtú daoine eile?

 4. Níl drugaí leighis ná vacsaín ar fáil fós ná aon dóchas ann go mbeidh saineolaithe ábalta ceachtar acu a cheapadh sa ghearrthéarma. Meastar go dtógfaidh sé suas le bliain ar a laghad orthu vacsaín éifeachtach a aimsiú, a thástáil agus a chur ar fáil. 

5. Tá sé thar am ag na Teachtaí Dála a toghadh mí ó shin rialtas seasmhach de chineál éigin a chur ar bun. Murach géarchéim an choróinvíris, d’fhéadfaí a bheith foighdeach ar feadh tamaill eile. Ach tá galar ag leathadh sa tír a chuirfidh imní réasúnta ar mhórán agus a bhainfidh an bonn den gheilleagar agus den ghnáthshaol laethúil.

Is leor focal amháin chun cur síos ar an riachtanas polaitiúil. Dúisígí!

Fág freagra ar 'An coróinvíreas – cúiseanna imní agus dóchais i dtús ré an ghalair'

  • Máiread

    Níl an chiall comh coiteannta na laetheannta seo, faraoir