‘Níor múineadh an Teagasc Críostaí Béarla riamh i séipéal Bhaile an Fheirtéaraigh’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (08 Aibreán 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

1916 s15-2

2                                        An Claidheamh                                        Aibreán 8, 1916

An beagán Béarla in uachtar

Cúig scoil atá sa chuid sin den tír idir Baile an Fheirtéaraigh agus na sléibhte thoir agus ó thuaidh. Scoil nua ceann acu — an ceann acu atá ar an Leataobh. Ní raibh aon scoil san áit sin riamh go dtí anuraidh, agus bhí le scoil ann mar bhíodh cúrsa fada le cur díobh ag mórán scoláirí ón gceantar. Bhí an Béarla méadaithe ar an Leataobh sular cuireadh an scoil sin ar bun. Chuala gur Béarla ba rogha leis na leanaí ann le roinnt blianta anuas, pé rud ba chiontach leis. Bhíothas ag scaradh leis an nGaeilge ann agus ag géilleadh don Bhéarla. Béasa an Daingin — béasa an bhaile mhóir, a bhí ag dul thar teorainn chucu is dócha. Ach is baolach gur measa a bheidh an scéal anois ós rud é go bhfuil an scoil nua acu agus slí nua dá bharr sin chun Béarla a leathnú. Bíonn roinnt leanaí sa scoil sin gan breis Gaeilge acu — don Daingean a théidís ar scoil nó gur tógadh an scoil nua seo. Ní feabhas ar scoil a leithéidí a bheith ann mar is iontach mar a thugtar cothrom don Bhéarla in Éirinn. Mura mbeadh ach duine nó beirt gan Gaeilge i scoil i lár na Gaeltachta, ar an duine nó beirt sin a bhítear ag smaoineamh agus clár oibre i gcomhair na scoile á chur le chéile, ach bíodh duine nó beirt agus gan ach Gaeilge acu i scoil i lár na Galltachta, agus is fada ó bheith ag smaoineamh orthu sin a bhíonn an té a shocraíonn clár oibre sa scoil sin. Is é an fáth go bhfuilim ag cur síos ar an obair sin anois ná é seo: an príomhoide atá sa scoil nua seo ar an Leataobh, dúirt sé liom gur mar gheall ar chúigear nó seisear (a tháinig thar teorainn aige) a bhíonn ag foghlaim Teagasc Críostaí agus iad taobh le beagán Gaeilge, go mbíonn sé féin ag múineadh an Teagasc Críostaí as Béarla i séipéal Bhaile an Fheirtéaraigh, uaireanta. Agus le linn a bheith ag machnamh ar an méid sin, bhí ag cuimhneamh ar chaint a chuala tamall ó shin ó fhear ón mball sin. “Níor múineadh an Teagasc Críostaí Béarla riamh i séipéal Bhaile an Fheirtéaraigh,” ar seisean.

Nach breá mar a osclaítear bealach don Bhéarla i gcónaí agus nach mó slí a fhaightear chuige. Níorbh ionann scéal don Ghaeilge i mbaill áirithe i gCiarraí. Bhí mórsheisear i dTuath Ó Siosta lá i gcuimhne daoine atá go láidir fós agus an Teagasc Críostaí foghlamtha as Gaeilge acu, ach ní cheisteofaí iad lá an Easpaig agus scaoileadh abhaile iad agus dúradh leo an Béarla a bheith acu an chéad uair eile. Chuaigh a bhformhór thar lear gan dul faoi lámh Easpaig.

Cad é sin duitse mar ghnó, a deireann an fear seo thall liom. Bog breá, a mhic ó! Aon rud a thabharfaidh an lámh uachtair don Bhéarla sa Ghaeltacht nó a bhrúfaidh isteach ar an nGaeilge in aon áit nó in aon chuma, rud domsa é agus rud duitse leis é, más Gael thú.

I dtosach an ghalair is ea is fusa é a leigheas. N’fheadar an ndéanfaidh an iarracht seo aon chabhair chun an galar seo a leigheas ach is fearr trácht thairis go háirithe, agus na daoine a bhfuil ina gcumas feabhas a chur ar an scéal, léifidh an méid seo. Is fearr labhairt os ard mar gheall ar rudaí mar seo ná a bheith ag machnamh orthu nó ag cáineadh a chéile os íseal mar gheall orthu.

ghéilltear don Bhéarla i gcúrsaí teagaisc sa séipéal de bharr fátha den sórt sin ní foláir nó géilltear sa scoil dó. Rudaí mar sin a bhí i m’aigne nuair a cheap mé gur miste an Ghaeilge an nua-scoil seo, cé go bhfuil an Clár Dátheangach i bhfeidhm inti, agus teistiméireacht chun é a mhúineadh ag gach duine den triúr atá ag obair inti. Caithfimid a bheith an-aireach i dtaobh na scoile seo ar eagla go bhfaigheadh an Béarla an rogha ann de bharr na rudaí sin a luaigh mé agus de bharr rudaí eile nár luaigh mé fós.

Scoileanna an-Ghaelach na scoileanna eile de réir mar a thuig mé. Níor chaith mé puinn aimsire iontu an turas seo. Tá an Ghaeilge ar fheabhas ag na hoidí, agus tá go binn ag an gcuid is mó de na leanaí. Bhuail leanaí óga liom tráthnóna ag teacht abhaile ó scoil Chille Chuáin agus iad ag seanchaíocht as Gaeilge. Ag rith thar abhainn a bhí siad agus ní raibh a fhios acu go raibh mise ná éinne eile ag éisteacht leo. Ba chuma leo sin. An Ghaeilge a rogha sin. Chuala go bhfuil cuid mhaith leanaí óga sa bpíosa sin ó Bhaile an Fheirtéaraigh go Cnoc Bréanainn a labhraíonn an Ghaeilge le chéile de ghnáth.

Peadar Ó hAnnracháin

Seanmóir

An tAthair Mac Coisdealbha a thug uaidh an tseanmóir seo síos os comhair Fhianna Fáil i dteampall Mhíchíl agus Eoin, Lá Fhéile Pádraig.

Tagann trí smaointe chugainn ar an tionól seo, smaoineamh ar an am atá caite, smaoineamh ar an am atá i láthair, agus smaoineamh ar an am atá chun teacht.

Tháinig sibh le chéile in aon slua amháin ar maidin.

Tháinig sibh le chéile in aon lua amháin timpeall altóir Chríost.

Tháinig sibh le chéile in aon slua amháin timpeall altóir Chríost san eaglais seo.

Tháinig sibh le chéile in aon slua amháin an mhaidin áirithe seo. Is ceart é sin. Is í seo Féile Pádraig, aspal ár dtíre. Gach fear a ghránn Éire, ba cheart dó grá a bheith aige do Naomh Pádraig: sa chéad áit, de bhrí gur ghráigh sé Éire, sa dara háit, de bhrí gur chaith sé é féin ina seirbhís, ach thar agus os cionn gach uile ní de bhrí gurbh eisean a thug di an tseoid is uaisle dá bhfuil aici, seoid an Chreidimh. (Agus seoid an Chreidimh seoid na scríne sin.) Dá bhrí sin rinne sibh an ceart agus teacht le chéile in aon slua amháin Lá Fhéile Pádraig. Taispeánann sibh dó go dtugann sibh grá dósan ar son an ghrá a thug sé daoibhse.

sibh cruinnithe in aon slua amháin timpeall altóir Chríost. Comhartha íobartha gach altóir, ach comhartha a íobartha féin is ea altóir Chríost. Níl grá níos mó ag aon duine ná é seo, a anam a thabhairt ar son a charad. Ar an ábhar sin, níl aon áit níos oiriúnaí, níl aon áit ina bhfaighidh an té a ghránn a thír an oiread misnigh, an oiread sóláis, an oiread nirt agus a gheobhaidh sé ag altóir Chríost, ag íobairt Chríost.

Tháinig sibh le chéile in aon slua amháin san eaglais áirithe seo…

Fág freagra ar '‘Níor múineadh an Teagasc Críostaí Béarla riamh i séipéal Bhaile an Fheirtéaraigh’'