‘Somebody had blundered’ – nach deas an leithscéal é sin do mháithreacha muirneacha na Mumhan? – An Claiḋeaṁ Soluis (8 Eanáir 1916)

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (8 Eanáir 1916)...uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C Solais

6                                    An Claidheamh Eanáir 8,                                   1916

Luach Saothair an tSaighdiúra

Murdar

Arís agus arís eile cluineann muid gur shábháil crógacht agus calmacht na saighdiúirí Éireannacha Arm Shasana agus Arm na Fraince chomh maith ó bheith gafa ag na Bulgáraigh. Níor ainmníodh sa chéad teachtaireacht a tháinig ó pháirc an áir ach Regiments na Mumhan, Átha Cliath agus na Connacht Rangers. Ach sa dara teachtaireacht a tháinig, dúradh gur throid na hInis Ceithlinní go hiontach agus go héifeachtach, agus gur choinnigh dhá chomplacht acu na Bulgáraigh siar, cé go raibh deichniúr de na Bulgáraigh in aghaidh gach duine de na hInis Ceithlinní bochta, agus nár tháinig fear inste scéil acu slán.

An Seanscéal

Is é an seanscéal céanna i gcónaí é; na hÉireannaigh bochta á gcur i dtosach agus ar chúl catha, chun saighdiúirí eile a shábháil. Is follasach go bhfuil mianach an tsaighdiúra in Éireannaigh an lae inniu chomh maith is a bhí sé sna hÉireannaigh a chuaigh rompu. Is follasach gur throid na buachaillí bochta seo ó Éirinn chomh curata agus chomh calma is a throid na sinsir a tháinig rompu faoi Napoleon. Agus is beag nach sna háiteanna céanna atá troid an lae inniu agus a bhíodh an troid in aimsir Napoleon. Níl Waterloo, Fontenoy, agus Ramilles ach tamaillín gearr ó Mons, Loos, agus Neuve Chapelle. Baineann sléibhte agus gleannta na Macadóine leis an tír chéanna a bhfuil Béalgrád mar phríomhchathair uirthi, go díreach mar a bhí sí san aimsir i bhfad i gcéin.

Na Bulgáraigh

Saighdiúirí cróga, miotalacha is ea na Bulgáraigh. Tá mianach na crógachta agus na troda iontu chomh maith is atá sé sna Gaeil. Go mion agus go minic a thaispeáin na saighdiúirí tuaithe seo go raibh siad i riocht talamh a sheasamh go dásach, dána in aghaidh na dTurcach, na nGréagach agus na Seirbiach. B’fhearr leo riamh an píce ná an gunna mar arm troda.

Bulgáraigh agus Éireannaigh

Léitear sna tuairiscí go raibh cuimse de na Bulgáraigh in aghaidh na nÉireannach – go raibh suas agus anuas le deichniúr acu in aghaidh gach saighdiúra Éireannaigh. Bhí siad ag teannadh le chéile ó am go ham, go dtí go raibh siad ar deireadh thiar a bhfoisceacht fad láimhe dá chéile; chaith gach taobh acu na gunnaí uathu agus thosaigh siad ag sá a chéile – go sábhála Dia sinn – le pící, chomh fiáin fíochmhar is a sháfadh búistéirí scata muc. Mheasc fuil uasal na nGael le fuil laochra na Bulgáire an lá sin, agus shnámhfadh long mhaith mhór ar an méid dá gcuid fola a shil síos ó bhruach na gcnoc go doimhneacht na gcumar agus na ngleann. Beannacht dílis Dé lena n-anam.

Cúig Mhíle Fear

Deir na tuairiscí ó thaobh na Gearmáine gur maraíodh ar thaobh Shasana cúige mhíle fear sa chath sin. Má maraíodh, is cinnte beag nach gur buachaillí bochta as Éirinn a bhformhór sin. Admhaíonn tuairiscí Shasanacha go ndearnadh ciseach agus foghail mhór orthu, gur leagadh ar lár cúig chéad déag fear.

An Luach Saothair

N’fheadar mé an ndéanfar dearmad ar shaothar na nÉireannach sa chogadh uafásach seo nuair a bheidh sé thart; nó cén luach saothair a gheofar as ucht fuil Chlainne Gael a dhoirteadh ina srutháin? Tá a fhios againn céard a tharla tar éis Waterloo, agus tá a fhios againn cén sciúirse agus cén ghéarleanúint a tugadh dúinn ó shin anuas. Is maith an scéalaí an aimsir.

Teitheadh ó Mons

Ach i dtaobh an chatha dheireanaigh seo sna Balcáin, inar throid na hÉireannaigh chomh cróga calma, agus inar scriosadh glan amach na créatúir, tagann mórán smaointe in aigne duine mar gheall air. Nuair a bhí na Regiments Éireannacha mar ba ghnách agus mar ba dhual dóibh ag troid go míleata sa teitheadh ó Mons, cad chuige ar fágadh na Munster Fusiliers i gcúl catha ar scátha na Sasanach, ag coinneáil na nGearmánach siar, nuair a bhí an t-arm go léir ag teitheadh agus ag rith lena n-anam? Cad chuige nár insíodh do na hÉireannaigh bhochta seo ó Chúige Mumhan gur ghread an t-arm go léir leis sna cosa in airde? Agus cad chuige arís gur fágadh iadsan ina gcadhain aonraic i gcúl catha chun troid chomh fada is a bhí fear acu beo, agus chomh fada is a bhí urchar aige le cur ina ghunna? “Somebody had blundered.” Nach deas an leithscéal é sin do mháithreacha muirneacha na Mumhan?

An Céasadh

Agus arís ar a dhul i dtír d’arm Shasana in Gallipoli, céasadh go bocht agus treoraíodh go suarach na Regiments Éireannacha. D’ordaigh ceannairí gan cheann, gan ghliocas gan éirim do na hÉireannaigh bhochta dul isteach i mbéal an bháis. Deir Leas-Rúnaí an Chogaidh linn gur baineadh an Cheannaireacht den oifigeach a bhí i gceannas an lá sin ag Suvla Bay, agus nach bhfuil aon phost cogaidh ar bith anois aige. Ba é an feall gur tugadh Ceannaireacht nó cúram fir riamh dó. Ba chóir an fear a chrochadh chomh hard le crann píce, nó punt luaidhe a chur trína cholainn.

An Mhacadóin

Maidir leis an troid sa Mhacadóin, ba follasach le mí nó níos mó nárbh fhéidir Arm na Seirbiach a shábháil agus nárbh fhurasta d’Arm Shasana agus na Fraince dul chun cabhrú leo. Ina dhiaidh sin agus eile, fágadh an lán glaice saighdiúirí sin chomh domhain sin isteach sa tír, agus níor tugadh gléas cogaidh amháin dóibh, is é sin le rá níor tugadh an gléas cogaidh ceart dóibh, chun seasamh in aghaidh fear calma na Bulgáire, a bhí i bhfad níos iomadúla ná iad féin.

Talamh Cnocach Sléibhteach

Ba cheart go mbeadh a fhios ag páistí gur thír chnocach shléibhteach na Balcáin, agus ó nádúr gur troid ar mhullaigh agus ar shleasa cnoc a bheadh ann, agus dá bhrí sin go mbeadh sé riachtanach gunnaí sléibhe a bheith acu. Agus an gcreidfear é nach raibh aon ghunna sléibhe acu?

Na hInis Ceithlinní

Deirtear nach raibh ag na hInis Ceithlinní bochta ach a ngunnaí agus na pící a bhí ar bharr na ngunnaí acu, chun na Bulgáraigh dhána, dhásacha a choinneáil siar, cé go raibh acusan gunnaí móra agus mionghunnaí agus gach arm feiliúnach eile dá réir leis na hÉireannaigh bhochta a leagan ar lár.

Agus leagadh ar lár na créatúir chomh tiubh is chomh sciobtha is a leagann speal i lámh spealadóra an tsraith féir. Bhí an nuacht sin sna páipéir; chuaigh sé trí lámha an chinsire, agus dá bhrí sin is fíor é. Deirimid arís agus arís eile cad chuige nach raibh gunnaí sléibhe ag na hInis Ceithlinní?

Is deacair caint nó scríobh ar an dúnmharú sin gan a bheith fíochmhar feargach. Nuair a léitear ar an gcuma a sheas na feara lánchroíocha lánchalma seo fód in aghaidh na mBulgárach a bhí chomh curata calma leo féin, agus fós go raibh deichniúr acu in aghaidh gach saighdiúra Éireannaigh ba mhaith le duine an té ba chiontach leis an dúnmharú sin a chrochadh chomh hard le crann píce.

Smaointe

Nuair a smaoinítear ar iomad na nÉireannach a fágadh ag an mbás sa teitheadh ó Mons, nuair a smaoinítear ar an tuaiplis a rinneadh in Gallipoli, nuair a smaoinítear ar an easpa ceannaireachta sa Macadóin, fiafraímid dínn féin an féidir go ndearnadh na bochtáin churata, chalma seo ó Éirinn a chur ar lár in aon turas? Nach iontach gurb iad na saighdiúirí Éireannacha a chuirtear san áit chontúirteach i gcónaí – i dtús agus i gcúl an chatha! Is mar sin a bhí sé riamh. An mbeidh sé mar sin i gcónaí?

Fág freagra ar '‘Somebody had blundered’ – nach deas an leithscéal é sin do mháithreacha muirneacha na Mumhan? – An Claiḋeaṁ Soluis (8 Eanáir 1916)'