An churláil scuabtha leis ón tSeapáin go dtí Ros Muc!

Le scór bliain atá aitheantas Oilimpeach ag an gcurláil, ach tá gaol gar aici le spórtanna a bhíodh á gcleachtadh míle go leith bliain ó shin

An churláil scuabtha leis ón tSeapáin go dtí Ros Muc!

Nuair a bhrúigh mé cnaipe na teilifíse an lá faoi dheireadh, céard a bheadh á thaispeáint ar an scáileán ach cuid den iomaíocht as Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i Pyeongchang sa Chóiré Theas.

Spórt na curlála a bhí ar bun – an ceann sin a imrítear ar an oighear agus beirt a mbíonn scuaba acu ar a mbionda ag cuimilt an bhealaigh ar a bhfuil cnap mór rabhnáilte ag déanamh a bhealaigh i dtreo targaide.

Níor tugadh an oiread de sciúradh riamh d’aon urlár agus a thugann an bheirt don chosán agus an té a chaith an cnap ina ndiaidh aniar á dtreorú faoin taobh ar chóir an snasú a dhéanamh – roimhe amach, ar thaobh na ciotóige nó na deasóige.

Tá an churláil anois mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha le fiche bliain – i gCluichí 1998 i Nagano na Seapáine a tugadh aitheantas don chéad uair di.

Tráth an ama sin chuaigh leathbhádóir de mo chuid sa seomra spóirt i Raidió na Gaeltachta isteach sa tábhairne ba ghaire den stáisiún. Ba bheag suim a bhí ag bean an tí i gcúrsaí cluichí, ach ní mba thúisce istigh mo chomrádaí ná a labhair sí . ‘An bhfuil spórt coimhthíoch, aisteach éicint ar siúl na laethanta seo?’ a dúirt sí. ‘Bhí beirt as Ros Muc istigh anseo ar maidin agus b’éigean dom iad a ruaigeadh mar gur bhriseadar péire de mo chuid ‘ashtrays’ de bharr a bheith á sleamhnú chuig a chéile síos agus aníos an cuntar!’

Bhí Nagano gafa chomh fada leis an gCladach Ó Dheas agus as sin go Doire an Fhéich.

B’fhéidir gur le scór bliain atá aitheantas Oilimpeach ag an gcurláil, ach tá gaol gar aici le spórtanna a bhíodh á gcleachtadh míle go leith bliain ó shin, ach an t-oighear agus na scuaba a fhágáil i leataobh go fóilleach.

Is cinnte gur as cluiche na babhlála a tháinig an churláil agus bhí sin á cleachtadh ag na Gréagaigh le clocha ciorclacha sa séú céad. Uathu siúd a fuair na Rómhánaigh an caitheamh aimsire a imrítear go forleathan san Iodáil ó shin faoin ainm bocce. Iadsan a scaip ar fud na Fraince é, áit a dtugtar boules nó pétanque air.

Fearacht na babhlála agus an bocce, fanann an meall ar dhromchla an chosáin sa gcurláil nuair a scaoiltear leis, ach is amhlaidh a chaitear san aer cuid den bhealach é sa pétanque.

Faoin 13ú céad bhí oiread sin de thóir ar an mbabhláil i Sasana agus gur chuir an Rí Risteard II faoi choisc é mar go raibh níos mó tóir ag an gcosmhuintir ar mar chaitheamh aimsire ná a bhí acu ar an mboghdóireacht – scil a bhí thar a bheith riachtanach don arm nuair a bhíodh bagairt as Mór-Roinn na hEorpa nó as Albain.

Ní baileach go bhfuil an scuabchlár nó an ‘shuffleboard’ chomh sean leis na cluichí atá luaite agam agus a imrítear d’uireasa na scuaibe. Is ar bord loinge is mó a rinne sé dul chun cinn sular ghlac an t-eitleán ceannas ar thaisteal – níos minice ná a chéile seans, ní bhíodh scuab i lámha na maithe agus na móruaisle a thrasnaíodh an tAtlantach ach amháin nuair a bhídís ag meilt an ama agus ag seachaint an díomhaointis faoi bhealach dóibh.

Comórtas curlála do na fir agus ceann eile do na mná a bhíodh ag Cluichí an Gheimhridh ó Nagano anall, ach tá comórtas dúbailte i gceist den chéad uair ag na cinn atá ar bun sa Chóiré Theas faoi láthair.

Ag iomaitheoirí Cheanada atá formhór na mbonn buaite.

Tá scéal thar a bheith suimiúil ag baint leis an gcnap mór de chloch a úsáidtear sa gcurláil. Eibhear amháin a bhíonn i gceist agus níl ach dhá áit ar dhroim na cruinne a ndéantar í sin a bhaint – Creag Ealasaid (Ailsa Craig), oileán atá amach ó bhéal Abhainn Chluaidh ar chósta thiar na hAlban agus as cailéar atá i mbaile beag in iarthuaisceart na Breataine Bige a bhfuil Trefor mar ainm air.

Tá siopa agus oifig an phoist in Trefor, ach níl aon teach tábhairne ann ina bhféadfadh muintir na háite cleas na luaithreadán a dhéanamh leis an earra a tharraing cáil orthu ar fud an domhain.

Bíonn suas le 50 punt meáchain (20k) sa gcloch atá in úsáid ag na Cluichí Oilimpeacha, imlíne 36” (90cm) ann agus é tuairim 5” (13cm) ar airde.

Mar sin féin ní luíonn de ar an leac oighir ach stropa beag atá faoi bhun leathorlaigh.

Ní nach ionadh, le blianta beaga tá iarrachtaí déanta ag eolaithe a leathcheann a dhéanamh as plaisteach nó as ábhar cosúil leis, nó fiú as eibhear de chuid Cheanada atá níos dlúithe.

Ach is beag gaire atá ag ceachtar acu sin ar an gcloch a thagann as Trefor agus as Creag Ealasaid, áit ar tógadh 2,000 tonna eibhir chun siúil as in 2013, dóthain a choinneoidh clocha le lucht na curlála go ceann dhá bhliain eile.

‘Paddy’s Milestone’ a thugann muintir na háite ar Chreag Easalaid siocair é a bheith leath bealaigh idir Béal Feiste agus Glaschú. Is ann freisin a lorg líon mór Caitliceach tearmann le linn Reifirméisean na hAlban sa 16ú céad.

Faoi na gainéid agus na puifíní atá sé sa lá atá inniu ann, ach má tá £1½ milliún le spáráil agat, is leat é – sin an méid atá an t-úinéir a iarraidh air. Beidh sé le rá agat go bhfuil Donald Trump mar chomharsa agat – is leisean galfchúrsa Turnberry a bheas le feiceáil uait agat trasna na farraige.

Seachain ar do chraiceann an gcaithfeá cloch leis!

Fág freagra ar 'An churláil scuabtha leis ón tSeapáin go dtí Ros Muc!'