An chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge le seoladh ag an Uachtarán Catherine Connolly

Táthar ag obair ar an bhfoclóir nua ó cuireadh tús leis an tionscadal i mí Mheán Fómhair 2022

An chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge le seoladh ag an Uachtarán Catherine Connolly

Seolfaidh an tUachtarán Catherine Connolly an foclóir nua Gaeilge i mBaile Átha Cliath an mhí seo. Beidh an foclóir nua á sheoladh sa mhúsaem Epic ar Ché Theach an Chustaim ar an taobh ó thuaidh den Life ar an 9 Nollaig.

Beidh 20,000 ceannfhocal ar an bhfoclóir nua aonteangach agus 40,000 brí mínithe sna hiontrálacha sin. Beidh teacht ag an bpobal ar an bhfoclóir nua ar an 9 Nollaig trí chnaipe nua a bheidh ar an suíomh Foclóir.ie.

Dúirt Cormac Breathnach, bainisteoir Thionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, go mbeidh sé ar fáil “i lár an lae” an lá sin, cúpla uair an chloig sula seolfaidh Catherine Connolly go hoifigiúil é.

“Oibreoidh Foclóir.ie mar a d’oibrigh sé ó seoladh in 2013 é, ach beidh feabhas mór ar an ábhar atá ar fáil agus an cluaisín nua don fhoclóir nua Gaeilge curtha leis an mhí seo chugainn,” a dúirt sé le Tuairisc.

Táthar ag obair ar an bhfoclóir nua ó cuireadh tús leis an tionscadal i mí Mheán Fómhair 2022. Cé go mbeidh an chéad ghála de 20,000 ceannfhocal ar fáil an mhí seo, leanfaidh an obair ar aghaidh go dtí mí Lúnasa 2027 agus beifear ag cur leis na hiontrálacha idir seo agus sin de réir a chéile.

Bhí tuairim is aon duine dhéag ag obair ar an bhfoclóir le trí bliana anuas, idir an fhoireann lánaimseartha agus foireann pháirtaimseartha. Tiocfaidh deireadh leis an tionscadal ar fad in 2027 nuair a sheolfar an foclóir nua Gaeilge-Béarla atá an fhoireann chéanna a réiteach.

Tugadh an léargas cuimsitheach ar obair na foirne agus ábhar an fhoclóra ag dhá ócáid a reáchtáladh ag Oireachtas na Samhna ag tús na míosa seo. Nuair a bheidh an foclóir nua ar fáil ina iomlán, i gceann dhá bhliain, beidh 80,000 brí ar fad ann.

Dúirt Breathnach gur “rud nua ar fad” a bheidh san fhoclóir do phobal na Gaeilge agus go mbeidh siad in ann brí focail agus nathanna a dteanga féin a thuiscint ina dteanga féin. Dúirt sé go bhfuil sé mar aidhm ag a fhoireann an nós fadbhunaithe aistriúcháin Bhéarla a aimsiú le focal Gaeilge a thuiscint a bhriseadh i measc lucht labhartha na Gaeilge.

Dúirt sé nach raibh de rogha ag cainteoirí Gaeilge go dtí seo ach téarmaí agus focail nár thuig siad a chuardach in Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill le haistriúchán Béarla a fháil orthu, agus ansin na torthaí sin a chuardach ar mhórfhoclóir Béarla amhail The Oxford English Dictionary leis an mbunfhocal Gaeilge a thuiscint. San fhoclóir nua a bheidh ar fáil an mhí seo, tabharfar míniú i nGaeilge, den chéad uair, ar iontrálacha Gaeilge.

Tugadh tús áite do “bhríonna thar iontrálacha” agus an 20,000 ceannfhocal á réiteach do sheoladh an fhoclóra. Fágann sé sin nach mbeidh focail áirithe i measc an chéad ghála seo atá le foilsiú ach go mbeidh gach uile bhrí a bhaineann leis na focail atá ar fáil le léamh ann. Is é sin le rá go dtabharfar tús áite do gach uile bhrí a bhaineann le focal (dála ‘faigh’ nó ‘caith’) seachas líon ard focal éagsúil nach mbeadh ach brí nó dhó luaite leo a chur ar an bhfoclóir.

Fág freagra ar 'An chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge le seoladh ag an Uachtarán Catherine Connolly'

  • Croidhe Cainnte Ciarraighe

    Cad is mórfhoclóir aonteangach Gaeilge ann? Ar chualaís trácht ar chasóigín bheag bhídeach ina bhfuil breis is 4000 de leathanachaibh sna pócaíbh aici?… Gheobhad mo ‘Chóta’…