An Chéad Ghlúin Eile sa Sugar Club, Ceirnín nua le Kneecap, Gobnait i gcathair Chorcaí, agus céilí ar an gCeathrú Rua

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

An Chéad Ghlúin Eile sa Sugar Club, Ceirnín nua le Kneecap, Gobnait i gcathair Chorcaí, agus céilí ar an gCeathrú Rua

CEOL

An Chéad Ghlúin Eile sa Sugar Club

Deirfiúracha ceolmhara as Ráth Chairn glas na Mí iad An Chéad Ghlúin Eile, Étáin agus Máire Ní Churraoin. Amhránaithe iad atá ag baint casadh nua as an amhránaíocht ar an sean-nós agus iad ag fanacht dílis don traidisiún ag an am céanna. Ghnóthaigh a n-albam Cá’il an Bheirt?,  Gradam Albam na Bliana – Amhráin Thraidisiúnta ag Gradaim Nós 2025. Beidh siad le feiceáil ar stáitse sa Sugar Club Dé Sathairn an 1 Márta ag a 7pm. Tá na ticéid beagnach díolta amach ach tá corrcheann fós ar fáil.

 

Fuaimrian scannán Kneecap á eisiúint ar cheirnín

Agus lán cléibh duaiseanna buaite acu ag na gradaim BAFTA, IFTA agus neart eile, tá féirín eile ag Kneecap do lucht leanta an scannáin agus an fuaimrian á eisiúint acu ar cheirnín vinile. Eiseofar an ceirnín dúbailte inniu is tá an triúr féin le cloisteáil air, chomh maith le ceol le healaíontóirí eile, Orbital, Fontaines DC agus Bicep ina measc. Cloisfear focheol an scannáin, a chum Michael ‘Mikey J’ Asante MBE ar an albam chomh maith le giotaí cainte.

Tá an ceirnín le fáil i siopaí go leor.

DRÁMAÍOCHT

Ceoldráma Gobnait ar stáitse sa Cork Opera House

Tá an ceoldráma nuascríofa Gobnait ag déanamh a bhealaigh ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh go cathair Chorcaí agus stáitse an Cork Opera House. Beidh an ceoldráma le feiceáil sa gcathair mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Scríofa ag Seán Óg Ó Duinnín, Alan Kiely agus Kevin Connolly, déanann an ceoldráma athshamhlú ar shaol Naomh Gobnait agus iad ag tarraingt ar fhoinsí staire agus béaloidis.

Is é Gobnait an dara léiriú de chuid Chumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Díoladh gach ticéad don seó nuair a cuireadh ar stáitse é den chéaduair i mBéal Átha an Ghaorthaidh i rith mí Feabhra agus tá díol sciobtha ar na ticéid don léiriú sa Cork Opera House. Tá €31 ar na ticéid agus tá siad ar fáil anseo.

Cruinniú drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Beidh cruinniú drámaíochta á eagrú ag an aisteoir agus áisitheoir drámaíochta Dic Breathnach in Áras na Gaeilge, 63-66 Sráid Amiens i mBaile Átha Cliath ar an gCéadaoin, an 5 Márta ó 6-8 pm. Deis atá san ócáid d’aisteoirí, scríbhneoirí, agus stiúrthóirí scripteanna nua a theacht le chéile. Grúpa oibre a bheidh ann ina mbeifear in ann aiseolas a fháil ar shaothar nua. Cruinniú míosúil a bheidh ann amach anseo.

Tuilleadh eolais le fáil ó Dic Breathnach ag richsideshow@gmail.com

LEABHAIR

An Ghluaiseacht á seoladh sa gCeathrú Póilí

Beidh seoladh á dhéanamh ar an leabhar An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta le Rónán Mac Con Iomaire i Siopa Leabhar An Cheathrú Póilí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich mar chuid d’Fhéile an Earraigh Dé Céadaoin an 5 Márta. Tá an ócáid á reáchtáil i gcomhar leis an eagraíocht Fís an Phobail.

Insítear sa leabhar seo den chéad uair an scéal iomlán faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta agus an feachtas gearr corraitheach a d’athraigh an Ghaeltacht ó bhun.

Níl aon táille ar an doras. Tá tuilleadh eolais anseo.

 

Léigh agus pléigh ar-líne le hEithne Ní Ghallchobhair

Beidh ócáid ar líne leis an scríbhneoir Eithne Ní Ghallchobhair á heagrú ag ClubLeabhar.com i mí an Mhárta. Is é an leabhar Caithréim agus Tóir le Ní Ghallchobhair leabhar na míosa ag an gclub léitheoireachta do mhí Feabhra agus beidh deis ag léitheoirí caint leis an údar a chloisteáil mar chuid den ócáid. Cuirfear an imeacht ar bun trí Zoom ar an 20 Márta ag a 7pm. Níl aon táille air ach is gá clárú roimh ré.

Tá tuilleadh eolais agus nasc clárúcháin anseo.

Leabhrán dánta le gasúir i nGaeltachtaí chathair na Gaillimhe á sheoladh

Seolfar an leabhrán nua dánta ‘Féile Filíochta’ i mí an Mhárta, leabhrán ina bhfuil dánta a scríobh daltaí i nGaelscoileanna i gceantair Ghaeltachta timpeall ar chathair na Gaillimhe. Scríobh daltaí i Rang a 4 as Scoil an mBaile Nua, Maigh Cuilinn, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Scoil Shéamais Naofa, Bearna, Scoil Náisiúnta Naomh Breandán, Eanach Dhúin  agus Scoil Bhríde, Mionlach, na dánta ag sraith ceardlann a cuireadh ar fáil dóibh leis na filí Máire Holmes agus Seán Ó Coistealbha roimh an Nollaig.

Is iad na hOifigigh Pleanála Teanga sna limistéir pleanála teanga thart timpeall ar chathair na Gaillimhe a bhunaigh agus a stiúir an tionscadal seo. Beidh an leabhrán á sheoladh in Óstán Bhaile Chláir ar an gCéadaoin, 19 Márta ag 11am. Beidh an leabhar á sheoladh ag an bhfile Louis de Paor agus beidh ceardlanna damhsa agus aisteoireachta do na páistí ar bun san óstán.

DAMHSA

Céilí ar an gCeathrú Rua

Beidh céilí i Halla Éinne ar an gCeathrú Rua Dé Sathairn an 8 Márta ag 7.30pm. Is é Traolach Ó Conghaile a bheidh ina fhear an tí agus ceoltóirí as an áit ag casadh in éineacht leis. Beidh cead isteach saor in aisce agus tá fáilte roimh chách. Tá an céilí á eagrú ag grúpa ealaíontóirí Chonamara, Gliogar, le tacaíocht ó CATU na Gaillimhe (Community Action Tenants Union) agus ón scéim Céad Míle Fáilte le Conradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'An Chéad Ghlúin Eile sa Sugar Club, Ceirnín nua le Kneecap, Gobnait i gcathair Chorcaí, agus céilí ar an gCeathrú Rua'