An ceant leabhar Gaeilge is mó le fada ar siúl inniu agus leabharlann mórscoláire ar díol

Tá leabharlann Thomáis Uí Chon Cheanainn, an scoláire as Baile an tSagairt ar an Spidéal i gConamara, á cur ar ceant in Uíbh Fhailí inniu

An ceant leabhar Gaeilge is mó le fada ar siúl inniu agus leabharlann mórscoláire ar díol

Beidh ceann de na ceantanna leabhar Gaeilge is mó le fada an lá ar siúl inniu agus leabharlann Thomáis Uí Chon Cheanainn, an scoláire as Baile an tSagairt ar an Spidéal i gConamara, á cur ar ceant.

Tá na céadta leabhar Gaeilge agus leabhair a bhaineann leis an nGaeilge á gcur ar ceant ag Purcell Auctioneers in Uíbh Fhailí inniu, leabhair arbh le Tomás Ó Con Cheanainn a bhformhór.

Ollamh le Gaeilge Chlasaiceach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, eagarthóir ar an iris léinn, Éigse, agus ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann ab ea Tomás Ó Con Cheanainna bhásaigh in 2015.

Do leabharlann Uí Chon Cheanainn is mó atá suntas á thabhairt ag Purcell Auctioneers i mBiorra roimh a ‘margadh leabhar na Nollag’ a bheidh ag tosú inniu ag meán lae.

650 luchtóg ar fad a bheidh á gcur ar ceant amárach, ina measc ualach leabhar Gaeilge agus leabhair a bhaineann le cúrsaí staire, cúrsaí ginealais agus cúrsaí logainmneacha. Tá idir fhoilseacháin atá na céadta bliain d’aois agus úrscéalta, sheanirisí, chnuasaigh filíochta agus leabhair acadúla agus taighde ón bhfichiú haois i measc na saothar a bheidh ar díol. Tá éagsúlacht mhór ag baint leis na praghsanna forchoimeádta atá leagtha ar na luchtóga agus na céadta euro i gceist i gcásanna áirithe.

Tá idir €500-700, mar shampla, á lorg ar leagan Laidine agus Gaeilge den Leabhar Breac (Leabhar Mór Dún Doighre) a foilsíodh i mBaile Átha Cliath in 1876.

D’fhéadfadh sladmharghadh nó dhó a bheith ar fáil chomh maith agus go leor de na leabhair Ghaeilge a ndíol le chéile i mboscaí.

Fág freagra ar 'An ceant leabhar Gaeilge is mó le fada ar siúl inniu agus leabharlann mórscoláire ar díol'