Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2024?
An chuimhne is mó a bheidh agam ar 2024 ná gur bhog mé go Baile Átha Cliath agus gur thug mé faoi go leor rudaí den chéad uair riamh i mo shaol, ó thaobh cúrsaí oibre de ach go háirithe. Fuair mé mo chéad phost lánaimseartha, bhí mé ar an teilifís den chéad uair agus bhí an deis agam triail a bhaint as réimse leathan gnéithe sna meán, os comhair agus taobh thiar den cheamara. É sin ráite, déarfainn gurb é an chraic le mo chomrádaithe tí a smaoineoidh mé siar air sna blianta amach romhainn. Nuair a bhíonn ochtar sa teach leat, bíonn neart rógaireachta ag dul ar aghaidh!
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2024?
An scéal is mó a chuir áthas orm i mbliana ná rath na lúthchleasaithe Parailimpeacha i bPáras. Bhí an deis agam casadh leo ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus iad ag teacht abhaile mar chuid de mo phost mar thuairisceoir le Nuacht Cúla4 – b’in mo chéad seachtain amuigh ar an bhfód agus chuir mé beirt a bhuaigh boinn ag na Cluichí Parailimpeacha faoi agallamh – Róisín Ní Riain agus Orla Comerford. Chuaigh agallamh Orla go mór i bhfeidhm orm mar nuair a chríochnaíomar é ghabh sí gach buíochas liom agus dúirt sí “Rinne mé an méid sin agallamh i bPáras agus níor chuir duine ar bith ceist orm as Gaeilge.”
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2024?
An scéal is mó a chuir brón orm i mbliana ná bás Shaoírse Ruane i mí an Mhárta. Ba pháiste ar leith í a d’fhulaing de bharr na hailse. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an tuairisc nuachta a rinneadh ar a sochraid, agus na deora a shil mé an oíche sin. Chuir sí Donal Walsh i gcuimhne dom, Ciarraíoch óg a raibh ailse air chomh maith agus a fuair bás in 2013. Rinne an bheirt acu gach iarracht áilleacht an tsaoil a thaispeáint dúinn ina mbealaí féin agus tá rian láidir fágtha ag an mbeirt acu ar shochaí na hÉireann.
Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?
Thug mé féin agus beirt mo chuid cairde faoi thuras bóthair i gCalifornia i mí Bealtaine ar feadh 10 lá. D’fhanamar in Yosemite National Park ar feadh dhá oíche agus ní dhéanfaidh mé dearmad ar an tréimhse sin go deo na ndeor. Bhíomar ag tiomáint i measc na scamall ar thaobh cnoic – chuir sé an An Chonair i gCiarraí i gcuimhne dom agus muid sceimhlithe inár mbeatha go dtitfimis (níor thit buíochas mór le Dia!) – ach bhain áilleacht an nádúir ann an anáil dínn ar fad. Bhíomar fliuch báite ag na heasanna ach níor mhothaigh mé riamh chomh beo agus muid ag dreapadh na gcnoc ann. Mholfainn do gach éinne cuairt a thabhairt air ar a laghad uair amháin ina saol.
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?
Mhol mo chara Seán dom an leabhar ‘The Bodhrán Makers’ le John B Keane a léamh ag tús na bliana. Cé go raibh a chuid drámaí léite agus feicthe agam ní raibh aon úrscéal dá chuid léite agam go dtí sin, agus thaitin liom cé chomh hÉireannach is a bhí sé. Ní féidir scéalta faoi bhuachaillí agus cailíní an dreoilín a shárú! Ó thaobh podchraoltaí de, thaitin ‘How To Gael’ go mór liom – ní minic a fhreastalaíonn tú ar sheó beo agus go bhfágann tú le punt ime atá buaite agat (Kerrygold ar ndóigh!)
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?
An rud is mó a d’fhoghlaim mé i mbliana ná an tábhacht a bhaineann le sos a ghlacadh agus am a chaitheamh leis na daoine atá tábhachtach duit. Is féidir leat an méid is mó ama is maith leat a chaitheamh ag obair is ag obair ach mura bhfuil daoine mórthimpeall ort chun ceiliúradh a dhéanamh ar na buanna nuair a thagann siad – an fiú é? Ní raibh an deis agam dul abhaile agus am a chaitheamh le mo theaghlach chomh minic agus ba mhian liom i mbliana agus sin rud gur mhaith liom níos mó béime a chur air in 2025.
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?
An rún is mó a bhí agam i mbliana ná “tapaigh gach deis oibre”, go háirithe agus mé i mBaile Átha Cliath den chéad uair i mbliana. Tháinig go leor deiseanna ollmhóra i mo threo i mbliana agus thapaigh mé iad, teilifís agus raidió beo ina measc. Thosaigh mé amach i mí Eanáir le post páirtaimseartha nua sa roinn Spóirt in RTÉ agus anois ag deireadh na bliana is iriseoir mé le Nuacht Cúla4, agus tuairiscí de mo chuid á gcraoladh ar bhonn seachtainiúil. Táim an-bhródúil as an dul chun cinn atá déanta agam i mbliana, agus ag súil go leanfaidh mé orm ag foghlaim in 2025
Bíonn Katelyn Hayes le feiceáil ar an gclár nuachta do pháistí Nuacht Cúla4 ar Cúla4.
Fág freagra ar '‘An ceacht is mó a d’fhoghlaim mé in 2024 ná sos a ghlacadh’'