An Cabhán agus an Mhí ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar na boic mhóra

Tá seans maith ag an gCabhán craobh Uladh a bhuachan den chéad uair le breis agus scór bliain nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Dhún na nGall tráthnóna ach cluiche i bhfad níos deacra a bheidh roimh an Mhí i gcoinne Átha Cliath

An Cabhán agus an Mhí ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar na boic mhóra

Imreoir an Chabháin, Gearóid McKiernan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An Cabhán v Dún na nGall – Cluain Eois, 2.00pm (Beo ar RTÉ2)

Tar éis ocht mbliana déag, tá foireann pheile an Chabháin ar ais i gcluiche ceannais Uladh tráthnóna agus beidh slua mór as an gcontae i bPáirc Naomh Tiarnach agus súil acu Corn an Anglo-Celt a bheith acu ag dul abhaile.

Cé gurb iad foirne an Chabháin is mó a bhfuil craobh Uladh buaite acu (39 uair), níl sí buaite ag fir Bhreifne ach uair amháin le 50 bliain anuas agus rud nach ionadh, silfear deora áthais má éiríonn leo tráthnóna.

Ní cluiche éasca a bheidh rompu in aghaidh Dhún na nGall, boic mhóra chraobh Uladh le roinnt blianta anuas.

Is é seo an t-ochtú cluiche ceannais atá bainte amach ag na Conallaigh le naoi mbliana anuas agus tá ceithre cinn acu sin buaite acu. B’éigean dóibh Fear Manach agus Tír Eoghain a chloí le bheith i gcluiche ceannais na bliana seo agus tá cuma na maitheasa orthu arís.

Caithfidh imreoirí an Chabháin a bheith ar a n-airdeall agus súil ghéar a choinneáil ar chiceanna amach Shaun Patton. Aon chic amháin a chuir cúl báire Dhún na nGall amú sa gcluiche leathcheannais i gcoinne Thír Eoghain agus is mór is fiú d’fhoireann Declan Bonner an ceannas sin a bheith acu i lár páirce.

Bhí Michael Murphy agus Ciarán Thompson ar fheabhas sa gcluiche sin agus caithfidh Gearóid McKiernan a chinntiú nach mbeidh an tionchar céanna ag an mbeirt sin tráthnóna.

Má bhíonn McKiernan ag imirt i lár páirce, beidh tuilleadh saothair ar thosaithe an Chabháin ach chruthaigh leithéidí Dhara McVeety, Martin O’Reilly agus Conor Madden go maith sa chraobh go dtí seo.

Is beag an locht atá ar thosaithe Dhún na nGall ach an oiread. Bhain drochghortú do Patrick McBrearty i gcluiche ceannais Uladh anuraidh ach tá sé tagtha chuige féin anois agus fuair sé trí chúilín sa gcluiche a bhuaigh siad i gcoinne Thír Eoghain ag tús na míosa. Mar sin féin, tá sé faoi scáth Jamie Brennan faoi láthair agus fear Bhun Dobhráin ag imirt an-mhaith go deo.

Tá coisíocht iontach ag Brennan agus bíonn sé síoraí ag iarraidh an liathróid a thabhairt chun cinn. D’aimsigh sé 1-3 i gcoinne Thír Eoghain agus 0-4 in aghaidh Fhear Manach agus beidh lucht tacaíochta Dhún na nGall ag súil le sárthaispeántas eile uaidh inniu.

Nuair a d’imir na foirne seo i gcoinne a chéile anuraidh, ba iad Dún na nGall a bhuaigh agus farasbarr ocht bpointe acu. Ní bheidh bearna chomh mór sin idir na foirne tráthnóna ach seans gurb iad na Conallaigh a bheidh ag ceiliúradh arís ag deireadh an lae.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fear na Mí, Cillian O’Sullivan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Áth Cliath v An Mhí – Páirc an Chrócaigh, 4.00pm (Beo ar RTÉ2)

Ón mbliain 2005, aon chluiche amháin atá caillte ag peileadóirí Átha Cliath i gcraobh Laighean. In 2010 a tharla sé sin nuair a tháinig an Mhí aniar aduaidh orthu. Ibeag seans go n-éireoidh leo an gaisce céanna a dhéanamh tráthnóna.

Tá foireann na Mí níos fearr ná mar a bhí siad le fada ach tá bearna ollmhór fós idir iad féin agus scothfhoireann Jim Gavin. Tá scata imreoirí cumasacha ag an Mhí, Donal Keogan, Bryan Menton, Cillian O’Sullivan, Mickey Newman agus a leithéidí, ach tá caighdeán níos airde ar fad bainte amach ag Áth Cliath.

Tá Cormac Costello ar dhuine de na tosaithe is fearr sa tír faoi láthair agus cé go bhfuil sé ar an bhfód le tamall fada, níor thosaigh sé ach dhá chluiche craoibhe d’Áth Cliath, rud a léiríonn cé chomh láidir agus atá an painéal.

Má tá laige ar bith i bhfoireann Átha Cliath, sa líne lánchúil atá sí agus bí cinnte de go mbeidh Andy McEntee agus an Mhí ag iarraidh teacht i dtír uirthi. Tá gaiscí déanta ag James Conlan ó tháinig sé isteach ar an bhfoireann agus beidh an Mhí ag iarraidh chuile leas a bhaint as an gcoisíocht atá aige.

Seans go ndéanfaidh an Mhí iarracht teannadh isteach ar chiceanna amach Átha Cliath ach tá an-chuid fuinnimh ag teastáil chun é sin a choinneáil suas ar feadh 70 nóiméad agus fiú má bhíonn ar Stephen Cluxton an liathróid a chiceáil amach i dtreo lár páirce, beidh Brian Fenton, Michael Darragh Macauley agus Brian Howard amuigh ansin, réidh le hí a gheafáil.

Tá corrchomhartha feicthe againn go bhfuil Áth Cliath tite siar de bheagán ón sárchaighdeán a bhain siad amach le blianta beaga anuas ach tógfaidh sé foireann níos fearr ná ceann na Mí chun iad a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'An Cabhán agus an Mhí ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar na boic mhóra'