An Breatimeacht agus scéalta cinniúnacha eile 2019…

Is cuid den spraoi a bhaineann le deireadh na bliana iarracht a dhéanamh a thomhas céard a tharlóidh sa tréimhse atá romhainn…

An Breatimeacht agus scéalta cinniúnacha eile 2019…

Theresa May, Simon Harris, Eoghan Murphy agus Leo Varadkar. Pictiúr: Rollingnews.ie

Obair chontúirteach a bheith ag iarraidh breithiúnas nó tairngreacht a dhéanamh ar a dtarlóidh sa bpolaitíocht nó sa nuacht. Ní túisce do thuairim tugtha go soiléir agus go hard ná go dtiteann an spéir ar an talamh agus athraíonn chuile shórt ó bhun. Tar éis an méid sin is cuid den spraoi a bhaineann le deireadh na bliana iarracht a dhéanamh a thomhas céard a tharlóidh sa tréimhse atá romhainn. Seo a leanas na cúig ábhar a bheidh cinniúnach in 2019.

1. Breatimeacht

Slán an scéalaí! Níl aon amhras ach go mbeidh an scéal seo ar cheann na nuachta go ceann i bhfad, go háirithe má leanann rialtas na Breataine leis an treo ina bhfuil siad ag dul faoi láthair. Sa gcás go  mbeadh  reifreann eile agus/nó olltoghchán ann, tá seans go mbeadh an cás níos soiléire. Nó go deimhin má chinneann an Bhreatain glacadh leis an deis atá tugtha ag cúirt bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dóibh próiseas Airteagal 50 a chur ar ceal. Idir an dá linn, beidh lucht gnó, lucht turasóireachta agus daoine atá ina gcónaí cois teorann anseo an-imníoch faoina bhfuil i ndán dóibh.

2. Sláinte

Tá an tAire Sláinte Simon Harris diongbháilte go mbeidh seirbhísí ginmhillte ar fáil sa tír seo ar an 1 Eanáir 2019. Níl dochtúirí, altraí ná éinne eile atá ag obair san earnáil cinnte go bhfuil muid réitithe.

Go deimhin admhaíonn an Taoiseach gur de réir a chéile a tharlóidh sé! Agus níl aon bhaint ag go leor den imní le coinsias, creideamh ná dearcadh ar son na beatha. Tá baint aige leis na seirbhísí a bheith sábháilte agus iontaofa, agus na seirbhísí tánaisteacha a theastaíonn in ospidéil a bheith ar fáil ar mhaithe le sábháilteacht na mban.

Idir an dá linn, tá an seanfhadhb chéanna ann i gcónaí le seirbhísí a fhágann géarchéim sna haonaid timpiste agus éigeandála.

3. Tithíocht

Caithfidh go mbeidh toradh éigin i mbliana ar na beartais ar fad atá á ngealladh ag an rialtas le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta. An leithscéal atá ag an rialtas agus an tAire Tithíochta Eoghan Murphy le fada anois nach féidir tithe a thógáil thar oíche ach go bhfuil an obair ar bun. Caithfear na tithe nua a fheiceáil i mbliana. Caithfear freisin aghaidh a thabhairt ar chúrsaí cíosa go háirithe agus foláirimh ann in aghaidh an lae go bhfuil géarchéim nua airgeadais ag teannadh linn.

4. Toghcháin, toghcháin, toghcháin….

Tá bliain mhór toghchán romhainn in 2019. Tá péire acu sin socraithe cheana féin mar go bhfuil an dátaí againn do na toghcháin Eorpacha agus áitiúla, an 23 Bealtaine. Ceann de na ceisteanna móra an tionchar a bheidh ag an sioscadh ar fad faoi imeacht na Ríochta Aontaithe ar mheon an phobail san Aontas. Nó an ndéanfaidh siad neamhaird ar fad de agus díriú ar a gcuid fadhbanna logánta féin?  Páirtithe náisiúnacha, na gilets jaunes, athrú ceannaireachta sa Ghearmáin, géarchéim airgeadais san Iodáil – d’fhéadfá dul trí gach ceann den fhiche a seacht ballstát.

Breathnaítear ar thoghcháin áitiúla sa tír seo mar thoghcháin lár téarma. Beidh léargas le fáil ar thuairimí na phobail i dtaobh na nua-pholaitíochta. Beidh seans ag na páirtithe iarrthóirí nua a chur i láthair an phobail agus gheobhaidh muid léargas fírinneach – seachas léargas pobalbhreithe – ar sheasamh na bpáirtithe.

Ní cosúil go mbeidh olltoghchán againn i mbliana ó tharla fad a bheith curtha leis an gcomhaontú soláthair agus muiníne mar gheall ar an éiginnteacht a bhaineann leis an mBreatimeacht. Braitheann sin ar chúinsí go leor. Toghchán go luath in 2020, deirtear linn ach ní lia duine ná tuairim cén chéad chonspóid eile a thabharfaidh chuig na bothanna muid.

Agus le filleadh ar thús na scéil, toghchán sa mBreatain agus i  dTuaisceart Éireann? Críonna an té a thabharfadh buille faoi thuairim.

5. Reifrinn

Tá dhá reifreann, ar a laghad,  beartaithe do mhí na Bealtaine. Baineann ceann le reacht an cholscartha agus an tréimhse go gcaithfidh lánúin a bheith scartha sula mbíonn siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar cholscaradh. Bheadh go leor den tuairim, mise san áireamh, nár cheart go mbeadh dintiúir mar sin sa mBunreacht ar chor ar bith agus déarfainn go mbeidh sé mar chuid den díospóireacht, ar cheart na dintiúir a chur i reachtaíocht seachas sa mbunreacht mar atá an cás faoi láthair.

Vóta do shaoránaigh nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn nó d’imircigh i dtoghcháin Uachtaránachta an leasú eile atá beartaithe. Tá feachtas ag éileamh a leithéid gníomhach le fada. An cheist mhór ná cén teorainn a chuirfear leis? Cé go gcreideann formhór an phobail gur beag tábhacht atá leis an oifig, cé mhéad againn a bheidh sásta an smacht ar an oifig a thabhairt ar láimh do na milliúin ar fud an domhain atá i dteideal saoránachta.

Áit na mban sa teaghlach nó sa mbaile an tríú hábhar atá á mheas i gcomhair reifrinn. Tá an t-ábhar seo ina chnámh spairne le fada agus ar ndóigh cuireadh an reifreann a bhí beartaithe don fhómhar seo caite ar athló. Tá rún anois aitheantas a thabhairt do lucht cúraim. Tá an chonspóid ag bailiú nirt agus déarfainn go gcuirfear an vóta seo ar athló go ceann tamaill eile ó tharla a ndóthain a bheith ar a n-aire ag an rialtas.

Fág freagra ar 'An Breatimeacht agus scéalta cinniúnacha eile 2019…'