An bhfuil tú chun vótáil sa toghchán? –‘Sa toghchán? Cén toghchán?’

An dtiocfaidh na vótóirí amach do Thoghchán an Tionóil 2016? Fadhb mhór is ea an titim ar líon na ndaoine a chaitheann vóta

Polling station

Bhí an chéad díospóireacht teilifíse d’fheachtas an toghcháin don Tionól ar UTV an tseachtain seo. Níor splanc sé tintreach. Níor mhúscail sé díospóireacht phoiblí. Ní dhearna aon duine den chúigear ceannairí botún ach ba bheag cosúlacht a bhí air gur ghríos siad éinne a bhí patuar chun a dhul amach ag vótáil ar an 5 Bealtaine.

Bhí cáil ar Thuaisceart Éireann sa tseanaimsir as an tinreamh vótála ard a bhíodh ann aimsir thoghcháin. Níorbh iontas é ráta vótála 80% i gceantair áirithe agus ní ‘vótáil go moch is go minic’ ba chúis leis uilig. Ba léir ó 1998 ar aghaidh gur thit vóta an SDLP agus an UUP go tubaisteach ach le blianta beaga anuas tá vótaí an DUP agus Shinn Féin ag titim freisin.

I 1998 nuair a bhí dóchas mór ag daoine as ré úr chaith seachtar as gach deichniúr vóta i dtoghchán an Tionóil (69.95%). Thit an ráta go 64% san vótáil don Tionól in 2003 agus go 63% in 2007. Tharla an laghdú ba mhó in 2011 nuair nár tháinig ach 55.7% amach. Údar suntais ab ea an titim sin tar éis ceithre bliana den DUP agus Sinn Féin i gceannas i Stormont; údar imní dóibh is ea é gur baolach go leanfar ar an bpatrún céanna i mbliana.

San díospóireacht ar UTV chuir Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, Mike Nesbitt, ceannaire an UUP agus David Ford, ceannaire an Alliance i leith an DUP agus Shinn Féin gur lig siad an pobal síos sna naoi mbliana atá caite acu i gceannas. Mar fhreagra air sin, dúirt Arlene Foster, an Chéad-Aire agus ceannaire an DUP, agus Martin McGuinness an LeasChéad-Aire gur dhána an mhaise é do na páirtithe sin a bheith ag casaoid ó tharla go raibh siadsan sa bhFeidhmeannas freisin. Mhaígh Foster agus McGuinness go raibh Stormont ag feidhmiú go héifeachtach anois ó rinne siad socrú ‘An Tús Nua’, ach bhí siad ar a gcosaint agus ní raibh siad chomh mór ar a suaimhneas is a bhí an triúr eile.

Ar an iomlán, bhí an díospóireacht leamh, amhail an feachtas, go dtí seo ar aon nós. Rinne mé féin suirbhé beag neamheolaíoch ar shráid in aice liom i mBéal Feirste. Ní raibh mórán den trí dhuine dhéag a labhair liom ag súil le ré órga i Stormont.

Labhair beirt fhear sna fichidí luatha liom. “Cén toghchán?” ar siad. “Ní bhacfainn leo, dream gan mhaith,” arsa duine acu faoi na páirtithe ar fad. Bhí suim ag an duine eile in iarrthóir aontachtach neamhspleách a thuill cáil mar léirsitheoir i bhfabhar bratach an Aontais a chrochadh ar Halla na Cathrach gach lá. An dtabharfadh sé vóta di? Má bhíonn am agam ar an lá, ar sé.

Ina nduine agus ina nduine a labhair an chuid eile liom. Bhí fear agus beirt bhan aosta diongbháilte go gcaithfidís vóta, duine don DUP agus duine don SDLP. Ní raibh an dara bean toilteanach a rún a scaoileadh liom. Bhí fear óg ag tacú go láidir le Sinn Féin. Ba as toghcheantar faoin tuath bean mheánaosta a dúirt go gcaithfidh sí vóta, mar a dhéanann sí ‘i gcónaí’ ach ní inseodh sí dom cé dó.

Daoine a bhí ag obair in oifigí i ndeisceart Bhéal Feirste ab ea triúr agus iad ina gcónaí i dtoghcheantar Bhéal Feirste Thoir, Theas agus Thiar fá seach. Bheadh an duine in iarthar na cathrach ag vótáil go cinnte, a dúirt sí. ‘Seans’ nó ‘b’fhéidir’ an freagra a fuaireas ón mbeirt eile.

“D’éirigh mé as vótáil in 2003,” a dúirt fear sna daicheadaí; ní raibh tada cloiste a mheallfadh chun vótála arís é, a dúirt sé. Mhaígh an duine deiridh a labhair liom gur dheacair iarrthóir a aimsiú a bhféadfaí tacaíocht a thabhairt dó/di mar go raibh siad uilig róchoimeádach i dtaca le ceisteanna sóisialta. An raibh sé ag rá nárbh fhiú Stormont a bheith ann? “Nach ‘in í an cheist?” ar sé.

Nílim ag rá go raibh na daoine a labhair liom ionadaíoch ar an bpobal. Níl a fhios agam.

Ach níorbh údar uchtaigh a dtuairimí d’éinne den 276 iarrthóir atá sa tóir ar 108 suíochán. Ba chosúil gur ag snámh in aghaidh easa a bheidís agus iad ag iarraidh a chur ina luí ar vótóirí go bhfuil Stormont oiriúnach don fheidhm nó go mbeidh siad in ann é a fheabhsú.

Fág freagra ar 'An bhfuil tú chun vótáil sa toghchán? –‘Sa toghchán? Cén toghchán?’'

  • Bearnaí Ó Doibhlin

    Ní hionadh é go mbíonn muintir an tuaiscirt patuar faoin toghchán agus fios go maith acu nach mbeidh ach cúpla suíochán ag athrú agus na dreamanna céanna ar ais i gceannas ina dhiaidh.