‘An bhfuil praghas ag baint le siamsaíocht a dhéanamh de na healaíona dúchasacha?’

Labhair an damhsóir comhaimseartha Sibéal Davitt, le Tuairisc faoin damhsa ar an sean-nós, an nuálaíocht, an ‘cailín álainn’, ‘an gabhar inmheánach’ agus a seó nua

‘An bhfuil praghas ag baint le siamsaíocht a dhéanamh de na healaíona dúchasacha?’

D’fhás Sibéal Davitt aníos deich nóiméad siúil ó lár chathair Bhaile Átha Cliath agus bhí sí meallta riamh ag fuinneamh bríomhar na cathrach. “Thaitin sé liom go mbeinn in ann siúl isteach agus go mbeadh rud éigin ar bun i gcónaí,” a deir Davitt.

Is é saoirse na cathrach a thaitníonn léi a deir sí agus í ina cónaí i gceantar Bhaile Átha Cliath 8 anois. Chuaigh sí chuig Gaelscoil Bhríde i Raghnallach agus bhí Gaeilge aici sa mbaile freisin. Is é an damhsa an rud is mó ar chuir sí suim ann agus í ag fás aníos.

“Deir mo mhuintir liom go raibh mé ag damhsa ó thosaigh mé ag siúl! Nuair a dhéanann mo chlann cur síos orm deir siad go raibh mé i gcónaí gníomhach agus i gcónaí ag bogadh thart.”

Is ag iarraidh tuirse a chur uirthi a bhí a máthair, dar le Davitt nuair a chláraigh sí í do ranganna damhsa an chéad lá riamh. “Thagainn abhaile ón scoil agus bhínn ag damhsa ar feadh dhá uair an chloig. Níor thuig mé ag an am é ach bhí tús á chur agam leis an gcleachtas agus an tobchumadóireacht.”

Baineann Davitt an-úsáid as an tobchumadóireacht ina saothar anois. “Rinne mé ranganna bailé agus cé go raibh tuiscint agam ar an damhsa sin, thuig mé nár thit mé isteach sa mhúnla sin. Cé go bhfuil áit agam i mo chroí don bhailé, ní damhsóir bailé mé.”

Nuair a bhí sí sna déaga a tháinig sí trasna i gceart ar an damhsa ar an sean-nós. “Bhí mé i gcónaí ag iarraidh an damhsa ar an sean-nós a dhéanamh. Bhí na bunchéimeanna ag mo Mham, cosúil leis an mbunchéim i gConamara. D’fhoghlaim mé cúpla céim ó Mham agus thosaigh mé ag cur níos mó suime ann ina dhiaidh sin.”

Thosaigh sí ag glacadh páirt i gceardlanna damhsa ar an sean-nós le damhsóirí ar nós Mick Mulkerrins agus Róisín Ní Mhainín. Thart ar an am sin a chuala sí caint ar an gcomórtas damhsa ar an sean-nós (Steip) ag an Oireachtas.

“Tharla sé seo thart ar na blianta 2002 agus 2003, tráth nach mbíodh aon réamhbhabhtaí ann. Ghabhfá straight go TG4 beo! Tháinig mé sa dara háit agus bhí mé gafa leis an damhsa ar an sean-nós ina dhiaidh sin.”

Lean Sibéal uirthi ag dul san iomaíocht sna comórtais damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas ar feadh ceithre bliana ina dhiaidh sin. Deir sí gur bhain sí an-taitneamh as a bheith ag glacadh páirt sna comórtais ach go raibh sí ag iarraidh sos a thógáil tar éis tamaill.

Bhí sí ag dul ar an ollscoil i gColáiste na Tríonóide nuair a chuala sí faoin gclár Glas Vegas a léirigh Adare Productions do TG4. Seó tallainne a bhí ann ina raibh deis ag duine de na hiomaitheoirí turas go Las Vegas a bhuachan agus taispeántas a chur i láthair spotálaithe tallainne Meiriceánacha.

Chuir Davitt isteach ar an gcomórtas, bhuaigh sí é agus rinne sí an turas go Las Vegas. Bhí ríméad uirthi ag an am, ach ag breathnú siar anois air, ceistíonn sí an téarmaíocht a úsáideadh thart ar an damhsa agus an praghas a íoctar as siamsaíocht a dhéanamh de na healaíona dúchais.

“Dul san iomaíocht, níl a fhios agam an oireann sé dom. Is máthair anois mé agus tá mé ag féachaint siar ar an duine óg sin a bhí ag glacadh páirt sa seó. Bhí borradh mór faoin sean-nós ag an am agus d’airigh sé ar nós go raibh chuile dhuine beo ag caint air. Bhí daoine ag caint faoi na mná a bhí á dhéanamh agus ag rá go raibh sé sexy, go raibh na mná gnéasach agus an damhsa féin gnéasach.”

Tá Davitt ag iarraidh anailís agus scrúdú a dhéanamh ar an dearcadh seo ina seó aonair.

“An bhfuil praghas ag baint le siamsaíocht a dhéanamh de na healaíona dúchasacha? Níl na freagraí agam ach tá na ceisteanna á gcur agam. Má tá tú ag iarraidh rud a chur i mbosca ní fheiceann tú ach píosa amháin de. Tá mé fós ag dul ar thuras pearsanta faoi cad a chiallaíonn sean-nós domsa agus cad a chiallaíonn sé don domhan.”

Rinne Davitt staidéar ar an nGaeilge agus ar léann na scannán san ollscoil agus i rith an ama sin bhí sí ag damhsa leis an gcomhlacht damhsa comhaimseartha Coiscéim i mBaile Átha Cliath.

“Nuair a bhí mé críochnaithe leis an gcéim d’oibrigh mé sa Leabharlann Náisiúnta ar feadh bliana. Chuaigh mé go hOllscoil Luimnigh ina dhiaidh sin chun céim a dhéanamh sa damhsa comhaimseartha, agus tá mé ag obair leis an damhsa comhaimseartha ó shin.”

Is mar thoradh ar mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon a cruthaíodh an seó Minseach. “Chuir mé tús leis in 2019. Bhí a fhios agam i gcónaí go raibh mé ag iarraidh seó a dhéanamh faoin nGaeilge agus faoin sean-nós, ach ní raibh mé ag iarraidh saothar a chruthú a mbeadh daoine ag súil leis. Bhí mé ag iarraidh seó a chruthú a raibh teachtaireacht aige. Seó a raibh rud nua le rá aige.”

D’oibrigh Davitt leis an scríbhneoir agus aisteoir Caitríona Ní Mhurchú agus an t-ábhar á fhorbairt aici.

“An chaoi a n-oibríonn sé, bímse ag cumadh sa stiúideo, ligim don saothar é fhéin a nochtadh ar bhealach nádúrtha trí bheith ag cleachtadh, ag cumadh, agus ag cruthú. Lá amháin bhí muid sa stiúideo agus dúirt mé le Caitríona, ‘tá sé seo cosúil le Glas Vegas!’ agus dúirt Caitríona, ‘faigh an físeán dom’.”

Bhreathnaigh siad ar an bhfíseán agus thug sé ar ais í ar bhóithrín na smaointe. “Séard a bhí le feiceáil againn ná tróp den ‘cailín álainn’ agus déanaimse an damhsa ‘álainn’ seo is mé ag glacadh páirt sa seó. Bhí mé ag iarraidh titim isteach sa mhúnla sin ag an am, an rud a bhí inghlactha.”

De réir mar a éiríonn sí níos sine deir Davitt go bhfuil a cuid damhsa faighte níos saoráidí agus níos fisiciúla agus go bhfuil tábhacht leis an tsaoirse sin do mhná.

“Lá amháin sna cleachtaí tháinig an ‘gabhar’ amach agus d’ith sí an cailín álainn.”

Chonaic Davitt go leor cosúlachtaí sna téamaí atá ag dó na geirbe di féin agus na téamaí a bhí á bplé ag an scannán Barbie, féiniúlacht na mban agus an brú a bhíonn ar mhná óga cloí le coincheap ar leith den bhanúlacht.

“Bhí sé suimiúil nuair a bhí mé ag breathnú ar an scannán Barbie, bhí sé an-chorraitheach dom agus bhí mé an-bhrónach ina dhiaidh. Níl a fhios agam an raibh Margot Robbie ag an Fringe in 2020, ach ghoid sí an-chuid téamaí ó Minseach. Níl mé ach ag magadh! Ach léiríonn sé cé chomh huilíoch is atá na ceisteanna seo.”

Is teanga ann féin é an damhsa a deir Davitt. “Tá beagáinín cainte fite fuaite tríd an seó, míním cad is brí leis an sean-nós agus de réir a chéile claochlaíonn an rince ar an sean-nós go damhsa comhaimseartha. Taispeánann sé cé chomh héasca is atá sé dul ó cheann go dtí an ceann eile. Léiríonn sé nach rud amháin agus rud eile atá i gceist agus iad scoite amach óna chéile. Tagann sé ar fad ón gcleachtas céanna. Is damhsa ar fad é,” a deir sí.

Beidh Minseach le feiceáil ar stáitse na Taibhdheirce ar an Déardaoin, 4 Aibreán. Ticéid anseo.

Fág freagra ar '‘An bhfuil praghas ag baint le siamsaíocht a dhéanamh de na healaíona dúchasacha?’'