An bhfuil duine ar bith in Éirinn nár bhuail plá míoltóg é am éigin ina saol? 

An CO2 ar an aer a mheallann na míoltóga a deirtear agus má tá tú beo is ag tarraingt d’anála tá tú ag scaoileadh le CO2

An bhfuil duine ar bith in Éirinn nár bhuail plá míoltóg é am éigin ina saol? 

‘Mamaí, bhain ceann acu greim asam!’ a deir sí liom agus í ag siúl isteach an doras théis traenáil peile is a lámh in airde aici.

‘Ara ’mhaighdean bheannaithe, tá sé sin thar fóir!’ a dúirt mé, ‘an bhfaca an cóitseálaí é?’

Bhreathnaigh sí cam orm. ‘Chonaic chuile dhuine iad Mamaí,’ a deir sí liom is thaispeáin a lámh dom. Bhí meall beag dearg ag at ar a huillinn.

Na míoltóga! Tá siad ar ais.

Sa tráthnóna a thagann siad amach. Tráthnóntaí meirbh marbhánta éiríonn siad aníos óna dtearmainn cheilte agus amach leo ag tarraingt trioblóide. Na sluaite acu ag dordán. Go síoraí ag dordán is ag tóraíocht an chéad bhraoinín eile.

‘Tá mé a cheapadh gur bhain níos mó ná ceann acu greim asam,’  a deir sí go truamhéalach agus í ag déanamh staidéar ar an damáiste i ndiaidh an tráthnóna traenála.

Chonaic mé meallta beaga dearga eile ag at ag na rúitíní, ar chúl na nglúine agus suas agus síos ar na lámha. Bhí drochobair déanta cinnte.

Bíonn níos mó tóir ag na míoltóga ar dhaoine áirithe thar a chéile. Is tá daoine ann a gcuireann an greim ón míoltóg as dá gcraiceann níos mó ná mar a chuireann sé as do dhaoine eile.

Ní chuireann na míoltóga mórán suime ionamsa. Níl mé maslaithe, dháiríre níl. Bhuel, b’fhéidir go bhfuil mé ruainne beag maslaithe.

Céard atá mícheart liomsa? B’fhéidir go ndéarfá leat féin, ‘cén fáth nach ndeachaigh siad gar domsa nuair atá an duine a bhí ag seasamh le mo thaobh ite acu?’ Céard a rinne mise orthu?

Níor mhór do na míoltóga a bheith go dona sula gcuirfidís isteach ormsa. Chaithfeá a bheith sáinnithe in áit a chuirfeadh plánna na hÉigipte i gcuimhne duit sula mbainfeadh siad greim asam.

Ar ndóigh tá sé tarlaithe dom. Bhí mé faoi ionsaí ag plá míoltóg ar scála a chuirfeadh scéalta ón mBíobla i gcuimhne duit. Nach raibh chuile dhuine againn?

An bhfuil duine ar bith a tógadh in Éirinn nach raibh sáinnithe ag plá míoltóg am éigin ina saol?

Níl mé ach a rá gur túisce a bhainfeadh na míoltóga greim as an duine a bheadh ag seasamh le mo thaobh ná mar a bhainfidís asamsa. Ná seas in aice liom, is dóigh atá mé a rá, má bhíonn muid sáinnithe ag plá míoltóg le chéile go deo. Ar mhaithe leat féin atá mé.

Níl a fhios agam an bhfuil aon bhunús leis na teoiricí a bhíonn againn go mbíonn níos mó tóir ag na míoltóga ar dhaoine thar a chéile. Deirtear scaití gur fuil mhilis atá agat má tá na míoltóga ag déanamh raic ort, ach ní cheapaim gur cruthaíodh é seo go heolaíochtúil riamh.

An CO2 ar an aer a mheallann na míoltóga a deirtear agus má tá tú beo is ag tarraingt d’anála tá tú ag scaoileadh le CO2. Deirtear gurb é sin an fáth go mbíonn na míoltóga cruinnithe thart ar do chloigeann mar gur ann is mó atá an CO2 á scaoileadh amach.

An bhfuil aon fhírinne ansin meas tú? Feictear domsa gur thíos ag na rúitíní a bhíonn siad i bhfolach ort agus iad chomh fada ó do chloigeann is a d’fhéadfaidís a bheith.

Más fíor é, níl a fhios agam cén leigheas a bheadh air más ag iarraidh leanúint ag tarraingt anála atá tú. B’fhéidir go bhféadfá buicéad le píobán aeir ag teacht amach as nó snorcal a chaitheamh is tú amuigh ag spaisteoireacht tráthnóntaí samhraidh.

Fág freagra ar 'An bhfuil duine ar bith in Éirinn nár bhuail plá míoltóg é am éigin ina saol? '