An bhfuil deireadh ag teacht le ré eile i gceantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath?

D’imigh na longa lastais ó Dhuga na Canálach… D’imigh na longa guail... An bhfuil ré nua eile ar na bacáin?

An bhfuil deireadh ag teacht le ré eile i gceantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath?

Ba cheart go mbeimis ag filleadh ó Barcelona faoin am seo. Agus na Plurabelle Paddlers deich mbliana ar an bhfód, bhí sé i gceist againn a bheith páirteach i ‘regatta’ thall an tseachtain seo. Ach chuir an víreas deireadh leis an bplean áirithe sin.

Mar sin féin, agus gan fiú deis againn a bheith ag traenáil ar an uisce, bhí an traenáil ag baile fós ag dul ar aghaidh (Pilates gach Satharn) agus bhí roinnt againn ag seiceáil ar chúrsaí thart ar an gclubtheach nua, gach cúpla lá.

Thug an cúram áirithe sin mé isteach go dtí ceantar na ndugaí. Satharn a bhí ann, an lá a mbeimis amuigh ar an uisce, murach an diabhal de víreas sin.

Bhí sé beagáinín gaofar- b’fhéidir nach mbeimis ag traenáil ar an uisce ar aon nós, lá mar sin. Bhí ár gcairde sa ‘Viking Splash’ ina dtost. Bhí lucht Surfdock, na cláir chéaslóireachta agus na curachaí beaga curtha i dtaisce.

Agus cuma an ‘Marie Celeste’ ar an áit, bhí mé ag tabhairt suntais do rudaí nach bhfaca mé i gceart roimhe sin. Thug mé faoi deara go raibh go leor iarsmaí den seansaol thart ar na duganna. Anseo is ansiúd, bhí píosaí d’innealra mór iarainn – ní bheadh tuairim na ngrást agat cén úsáid a baineadh as cuid acu.

Ach tugann siad chun cuimhne an ré ina mbíodh longa móra guail agus gainimh ag triall ar na duganna éagsúla thart ar bhéal na Life agus Duga na Canálach Móire.

Choinnigh mé orm ag siúl amach ón gCanáil chomh fada le bruach na Life féin.

Agus anois, cé go bhfuil na suíomhanna tógála ar ais i mbun oibre, an Satharn sin bhí gach rud ciúnaithe síos arís. Ní fhéadfá gan suntas a dhéanamh de na blocanna móra oifigí atá á dtógáil thart anseo.

Anuas orthu sin, beidh tuilleadh árasán agus óstán á dtógáil i lár na cathrach.

Nuair a tosaíodh orthu, bhí géarghá, a dúradh, le forbairtí móra oifigí agus árasán, toisc go raibh an oiread sin daoine anois ag obair i lár na cathrach. Agus an gnó ag méadú as éadan gach lá.

Thart orainne, sa Duga, tá blocanna móra d’oifigí agus iad tógtha ar láimh ag na comhlachtaí is mó teicneolaíochta ar domhan.

Cheannaigh Google an bloc mór mhillteach atá á tógáil thart ar Mhuilte Uí Bheoláin – agus tá go leor blocanna eile acu cheana féin thart faoin gcathair.

Agus mé ag breathnú ar an bhforbairt atá faoin ainm ‘LinkedIn’ tháinig an fear slándála amach chun labhairt liom. Ní raibh san oifig ach é féin. Ba léir go raibh obair mhór athchóirithe beartaithe acu.

Bhí mé ag déanamh iontais de na pleananna móra a bhí ag LinkedIn anois. Agus daoine ag obair ón mbaile, an raibh aon bhaol go mb’fhéidir nach dteastódh an foirgneamh mór nua seo uathu? Mheas an fear slándála go mbeidís ar ais i mbun oibre chomh luath agus a bheadh an t-athchóiriú déanta.

“Tá sórt cultúr anseo gur maith leo daoine a bheith thart orthu,” a dúirt sé. “Tá sé beartaithe acu an tseanoifig a leagan, cosán a thógáil idir na blocanna agus dearadh nua-aoiseach a bheith ar an rud ar fad.”

Ach bheadh amhras ormsa go mbeidís chomh mór sin as alt leis na hollchomhlachtaí eile.

Le gairid d’fhógair Twitter go bhféadfadh an fhoireann oibre fanacht ag obair on mbaile ‘go deo’. Dúirt comhlachtaí teicneolaíochta eile nach mbeidís ag súil le foireann oibre a fheiceáil san oifig go dtí 2021.

I seanscannáin na mbuachaillí bó, d’fheicfeá radharcanna i mbailte tréigthe ina mbíodh an scrobarnach ag fuadach síos na sráideanna loma. Tá an chosúlacht sin ar cheantar na nduganna anois – an áit a bhfuil an luach is airde ar spás oifige agus an cíos is airde ar árasán.

Agus frítheadh amach nuair a tosaíodh ar an ‘nglasáil’ go raibh go leor de na hárasáin i lár na cathrach faoi stiúir an chomhlachta AirBnB (a bhfuil a cheannáras Éireannach le taobh Dhuga na Canálach). Cé mhéad acu sin a thógfar ar cíos arís nuair a thiocfaidh deireadh leis an ngéarchéim?

Nó an amhlaidh go mbeidh siad curtha ar an seanmhargadh ‘tithíocht ar cíos’?

Is as tíortha eachtrannacha cuid mhaith de na hoibrithe sna tionscail teicneolaíochta in Éirinn. Má bhíonn cead acu feasta ‘oibriú ón mbaile’ nach gciallaíonn sin go bhféadfaidís filleadh ar an mbaile a bhí acu sular bhog siad anseo?

Cé aige a mbeadh a fhios cé acu i Maidrid nó i Sráid an Phiarsaigh atá an té atá ag obair ‘ón mbaile’?

Agus fiú má bhíonn cruinniú foirne anois is arís acu go gcaithfidh siad freastal go fisiciúil air, nach bhféadfaidís dul i muinín Ryanair chuige sin?

Sheas mé ag caifé beag i gcúlsráid bheag idir an Life agus an Chanáil.

Bhí sé oscailte den chéad uair ó mhí an Mhárta agus gan acu ach caife agus roinnt bonnóg dheas mhíshláintiúil (anois, bhí píosa maith siúil déanta agam).

Ní bheadh custaiméirí acu i rith na seachtaine anois, agus níorbh fhiú dóibh oscailt, dúirt an freastalaí linn.

Tá an ceantar seo breac le caiféanna, bialanna agus siopaí ag díol béilí réamhdhéanta agus a leithéidí. Iad uile dírithe ar an bpobal óg ilchultúrtha a bhí ceaptha a bheith ina gcónaí thart. An dtiocfaidh siad ar ais? An bhfuil infheistíocht chiallmhar déanta ag leithéidí Google?

D’imigh na longa lastais ó Dhuga na Canálach. D’imigh na longa guail. Ní fheicfeá dugaire thart anseo anois ag tarraing aon rud de láimh as long lastais. Tá an Naomh Éanna ansin i gcónaí mar chuimhneachán ar ré atá thart.

An bhfuilimid ag breathnú ar ré eile ag teacht chun deiridh – ré ina raibh na mílte míle ag obair thart anseo i dtionscal nua-aimseartha?

Ré a cheapamar, nach dtiocfadh deireadh léi go brách.

Fág freagra ar 'An bhfuil deireadh ag teacht le ré eile i gceantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath?'