An bhfuil a leithéid de rud ann agus seans, an bhfuil a leithéid de rud ann agus ádh?

Tá mistéir ag baint leis an ádh agus an mí-ádh sa litríocht agus sa saol

An bhfuil a leithéid de rud ann agus seans, an bhfuil a leithéid de rud ann agus ádh?

Faoi dheireadh thiar thall, dhiúltaigh mé don seans.’ Faith Healer, Brian Friel.

In urscéal, caithfear a bheith ag faire amach go cúramach don seans agus don ádh agus don chomhtharlú. Caithfear gan úsáid rómhór a bhaint astu, ach guaim a choinneáil ort féin. Cén chaoi a gcasann carachtair, a bhí scartha óna chéile, ar a chéile arís? An féidir leat i ndáiríre beirt a thabhairt le chéile trí sheans ar eitilt Ryanair go Szczecin nó in aice leis na glasraí in Dunnes Stores ar Shráid Sheoirse, agus iontas an tsaoil a bheith orthu faoi?

In úrscéal dá chuid, The Ambassadors, tá a phríomhcharachtar, Lambert Strether, curtha ag Henry James ag taisteal ar thraein lá agus a ag tabhairt cuairte ar an tuath sa bhFrainc. Níl aon cheann scríbe cinnte aige. Imíonn sé den traein ag stáisiún áirithe nuair a bhuaileann an fonn é agus téann ag siúl ag baint suilt as an tírdhreach, as an aer úr. Léiríonn James é sin i seacht leathanach den úrscéal. Dealraíonn sé nach bhfuil aon rud suntasach eile chun tarlú nó go bhfeiceann Strether lánúin i mbád rámhaíochta. Agus ansin, de réir a chéile, nochtar dó go bhfuil sé ag breathnú ar Chad Newsome agus Madame de Vionnet. Tá siad aimsithe faoi dheireadh aige. Mar a deirtear san úrscéal, seans as milliún ab ea é.

Ar ndóigh, is gaireas simplí, neafaiseach é seo in úrscéal. Éiríonn le James bréagriocht neamhghnách a chur i bhfolach trí neart téagair agus saibhris a thairiscint ar na leathanaigh roimh an teacht le chéile. Níl an chuma ar chuairt Strether amach faoin tuath gur ullmhúchán ceilte do rud eicínt eile é. Cuairt inti féin í, neamhspleách agus fíorspéisiúil. Tá sé nádúrtha agus beagnach inchreidte an bheirt a fheiceáil sa mbád, de bharr na mionsonraí inchreidte a thugtar sa scríbhinn roimhe sin.

An bhfuil a leithéid de rud ann agus seans, an cineál seans a tharla do Strether an lá sin, an cineál seans nó gábh ina mbíonn carachtair in úrscéalta? An bhfuil a leithéid de rud ann agus ádh? Nó fiú a bheith ádhúil? Déarfadh lucht imeartha cártaí go mb’fhéidir go bhfuil. Nó daoine a chuireann airgead ar chapaill. Ach níl sé chomh simplí sin. Na cúpla uair fánach a ndeachaigh mé chuig na rásaí leis an bhfile Anthony Cronin, mhaígh sé nár mhór scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar chruthaigh an capall ag rásaíocht, agus ar ghinealach an chapaill, sula gcuirfidh tú aon airgead ar gheall. Ní raibh ciall ná réasún geall a chur ar bhonn seans amháin, chomh fada agus a bhain sé leis-sean.

Sna 1970idí, le linn m’óigese, ba rud coitianta é a dhul abhaile ar an ordóg ag an deireadh seachtaine. Dá mbíteá ag síobhshiúl go hInis Córthaidh, ghabhtá ar an mbus go Bré agus bhíteá i do sheasamh amuigh ar an bpríomhbhóthar – nach é an príomhbhóthar é níos mó – ó Bhaile Átha Cliath go Loch Garman.

Scaití chuireadh sé drochmhisneach ort, mar théadh carr agus carr eile thart gan seasamh ná stopadh. Nó, níos measa fós, d’fhaighteá marcaíocht go hÁth na Fuinseoige, b’fhéidir, agus bhíteá sáinnithe ansin.

Chuir tú eolas ar na stráicí beaga bóthair taobh amuigh de chathracha agus de bhailte cosúil le Fearna, Cam Eolaing, Guaire agus an tInbhear Mór. Is bhíteá fágtha i do sheasamh, ansin ag súil le go stopfadh carr eicínt.

Ach uaireanta bhíodh an t-ádh dearg ort. Thugadh an chéad carr go díreach go hInis Córthaidh thú, agus d’fhéadfadh an rud céanna tarlú ar an mbealach ar ais. Ní fhéadfá fad do thuras a thuar riamh. Bhí an chuma air go mba sheans uilig é, a bheith san áit cheart ag an am ceart. 

Sin mar a d’éirigh liom a bheith istigh i lár Bhaile Átha Cliath ag a sé a chlog go luath tráthnóna amháin i mí Lúnasa 1973 agus marcaíocht dhíreach faighte agam ó Inis Córthaidh. Rith sé liom go bhféadfainn dul chuig an bpictiúrlann, agus ansin bhuail an smaoineamh mé go bhféadfainn siúl suas go hAmharclann na Mainistreach go bhfeicfinn céard a bheadh ar stáitse ann.

Cheannaigh mé ticéad do The Silver Tassie le Sean O’Casey.

Sa léiriú sin le Hugh Hunt bhí aisteoirí sa dráma a mbeadh an-mheas go deo agam orthu san amharclann i gcaitheamh na mblianta ina dhiaidh: Clive Geraghty, Des Cave, John Kavanagh, Patrick Laffan, May Cluskey, Deirdre Donnelly, Niall O’Brien. Bhí Colm Meaney ina measc freisin, fear a bhainfeadh clú agus cáil amach in Star Trek ina dhiaidh sin.

Ba é an rud aisteach faoi, agus mise ocht mbliana déag d’aois ag an am, nach raibh aon chur amach agam ar an dráma seo, ná fiú gur dhiúltaigh Amharclann na Mainistreach dó sa mbliain 1928, agus gur bhris O’Casey agus an amharclann amach le chéile dá bharr. Ní raibh a fhios agam ach oiread go raibh sé an-deacair ag gnáthlucht leanúna O’Casey glacadh leis an gcur chuige eispriseanaíoch atá aige sa dara gníomh den dráma, dream a raibh an-tóir acu ar an gcur chuige níos traidisiúnta a bhí aige.

Bhí mé soineanta agus mé ag dul isteach chuig an dráma. Chuaigh mé ar ais chuig mo shuíochán théis an tsosa agus chonaic mé rud a bhí an-difriúil ar fad. Bhí cantaireacht ann in áit agallaimh. In áit suíomh aitheanta, bhí suíomh teibí. 

Aisteach go leor, níor rith sé liom iontas a bheith orm faoi chéard a bhí ag tarlú, ná fiú mearbhall a bheith orm dá bharr. Thaitnigh an chéad ghníomh liom mar a bhí agus thaitnigh an ceann seo liom freisin. Dá mbeinn eolach faoin gconspóid, b’fhéidir go scrúdóinn an léiriú ní ba ghéire. Ach bhí súil agam go mbeadh rudaí aisteach, nó ní chuirfeadh sé isteach ná amach orm mura mbeadh. Ní raibh anseo ach sampla eile.

Tamall roimhe sin, sa mbliain 1973, foilsíodh leabhar Éireannach a leag síos caighdeán don aistíl ón gcéad abairt: ‘Is ann dom, dá bhrí sin smaoiním.’ Ní raibh a fhios agam cárb as ar tháinig sé sin, ná níor aithin mé an abairt deiridh den leabhar, Birchwood le John Banville: ‘ó tharla nach féidir liom labhairt faoi, beidh orm fanacht i mo thost dá réir.’ Ach thaitnigh éirim an dá abairt liom.

In úrscéalta a tháinig ina dhiaidh sin, dhéanfadh Banville machnamh ar nádúr an tseans – san úrscéal Mefisto tá an líne ‘i dtús báire bhí an seans ann’ – agus ag déanamh cur síos ar an saol féin agus muid a bheith i láthair go lag ann, amhail is dá mb’ionann don saol, cibé rúd é sin, agus scéal grinn a bheadh cumtha trí sheans. Sna húrscéalta sin níor chuir Banville mórán suime i gcúisíocht ná i síceolaíocht an duine. Níor theastaigh uaidh carachtair a chruthú a bhí, mar a déarfá, inchreidte, ná leabhair ar léir fúthu go raibh siad inléite.

Thaitnigh an íomhá spleodrach leis, an abairt a raibh an oiread sin íoróine agus cogar mogar inti agus a bheadh sí in ann a iompar. Dá mbeadh carachtar aige a mba mhaith leis fáil réidh leis – agus rinne sé sin in Birchwood i gcás Granny Godkin – ansin, ag leanúint sampla Charles Dickens in Bleak House, ní dhearna sé ach í a shéideadh. 

Shíl mise, i mbliain sin 1973, go raibh sé seo iontach ar fad. Amhail The Silver Tassie, tháinig mé ar Birchwood den chéad uair agus mé soineanta go maith. Ní raibh mé ag súil le haon uisce faoi thalamh. D’aithin mé go raibh muid in Éirinn san am a caitheadh, le gorta, aicíd, tithe móra a bhí i mbaol, daoine á gcur as seilbh is a bhí ag siúl na mbóithre, éirí amach. D’aithin mé go raibh an t-úrscéal beagnach ag gáire faoi na rudaí sin, fiú dá mba gháire dóite nó múchta a bhí ann. D’aithin mé nach raibh na carachtair in ainm is a bheith fíor ná forbartha ach níor chuir sé sin isteach ná amach orm mar mheall na habairtí chun léitheoireachta mé, cé gur dhóichí nach raibh mé cinnte ag an am céard a rinne próiseas na léitheoireachta chomh corraitheach sin.

Ar leathanach deiridh Birchwood, scríobh Banville ‘Níl aon chruth ná ord ann, níl ann ach macallaí agus comhtharluithe, cleasaíocht láimhe, gáire gruama.’ Fiú sa bparagaf deiridh, tá an scéalaí ag iarraidh ciall a bhaint as an saol: ‘Sílim, dá bhféadfainn an saol a thuiscint, go mb’fhéidir ansin go dtosóinn ag tuiscint na gcréatúr a chónaíonn ann. Ach ní fhéadaim.’

Le linn dom a bheith i mo sheasamh ar an mbóthar lasmuigh de Ghuaire, théis domsa a dhul faoin droichead iarnróid agus casadh ar chlé, ag fanacht leis an gcéad charr eile a thiocfadh an bealach, gheall mé go gcoinneoinn a leithéid sin de nuaíocht chugam féin, dá stopfadh carr. Mura stopfadh an carr seo, ach an chéad cheann eile, bheadh an t-ádh fós orm. Agus dá mbeinn fágtha ag fanacht is ag fanacht ansin, agus gach tiománaí do mo mheas le linn dó tiomáint tharam, ní bheadh ann ach an mí-ádh.

Ach céard is mí-ádh ann, a d’fhiafraigh mé díom féin? Cén chaoi ar thit sé ar dhuine? Cén fáth? An bhféadfadh athrú a theacht ar an ádh?

Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024.

Fág freagra ar 'An bhfuil a leithéid de rud ann agus seans, an bhfuil a leithéid de rud ann agus ádh?'

  • JP

    Luíonn sé níos mó le réasún, ceapaim, gur trí sheans nó trí thimpist a cruthaíodh an duine is an domhan seo. Óir más d’aon ghnó nó d’aon turas a cruthaíodh an duine is an domhan nó an duine sa domhan seo is ainspiorad a rinne.

  • Éilís Ní Anluain

    Píosa álainn scríbhneoireachta