Níor chuala mé aon chaint riamh ar Project 333 go dtí go bhfaca mé an scannán faisnéise Minimalist ar Netflix le gairid. Courtney Carver a d’fhorbair an coincheap sa mbliain 2010 agus mana soiléir go maith aici – ‘simple is the new black’.
Is éard a bhí mar rún aici leis an tionscnamh seo cabhrú le daoine an saol a shimpliú dóibh féin, gan a bheith róghafa le hathruithe faisin agus roghanna níos ciallmhaire a dhéanamh faoi na nithe ar a gcaithfidís a gcuid airgid.
An bunús atá le Project 333 ná go roghnódh duine 33 ball éadaigh nó faisin agus go ndéanfaidís cinneadh gan aon rud eile a chaitheamh ar feadh tréimhse trí mhí ach an 33 rogha sin…sin Project 333 duit.
San áireamh sa 33 píosa a roghnófá, bheadh an gléasadh ar fad, bróga, seodra agus oiriúintí eile. Ní chuirtear san áireamh fo-éadaí, pitseámaí nó éadaí oíche eile, éadaí aclaíochta ná fáinní geallta nó pósta.
Mheasfá ar an gcéad amharc go mbeidh cuid mhaith scóipe i gceist agus cead agat 33 rud a roghnú ach nuair a thosaíonn tú ag déanamh liosta de na rudaí nach féidir déanamh dá n-uireasa – cóta geimhridh, buataisí, jíons, léinte, geansaithe, etc. – ní fada go bhfeicfidh tú chomh deacair agus atá sé. Caithfidh duine a chur san áireamh go mbeidh éadaí le ní agus go dteastóidh malairt éigin uait fad is atá siad ag triomú le húsáid arís.
De réir rialacha Project 333 nuair atá an rogha déanta agat is ceart gach ball éadaigh eile a chur i dtaisce, faoi ghlas más féidir, agus níl cead dul in aice leo ar aon chúis go ceann trí mhí.
Deir lucht an tionscnaimh go mbíonn imní ar dhaoine go gceapfadh a gcomhghleacaithe oibre nó a gcairde go bhfuil an t-éadach céanna á chaitheamh acu lá i ndiaidh lae ach leis na roghanna cearta agus neart ‘measc agus meaitseáil’ deirtear nach dtabharfar faoi deara ar chor ar bith é.
An fhealsúnacht atá taobh thiar den tionscnamh ná go bhfuil i bhfad an iomarca á chaitheamh againn ar fad ar éadach nua de bharr a bhfuil d’fhógraíocht agus de mhargaíocht dírithe orainn gan stad, seacht lá na seachtaine.Is éard atá i gceist aici dáiríre an cleachtas sin a bhriseadh agus tabhairt orainn roghanna níos ciallmhaire a dhéanamh.
Bhíodh dhá séasúr ann tráth den saol maidir le cúrsaí faisin agus stíle – fómhar/geimhreadh agus earrach/samhradh – ach is cosúil go gcreidtear go bhfuil 52 séasúr anois ann agus go mbíonn an ball éadaigh a cheannófá inniu ‘as faisean’ an tseachtain seo chugainn!
Níl aon dáta tosaithe ag Project 333 – tosaíonn duine ag a rogha ama, nuair a bhíonn tú ullamh don dúshlán. Moltar cuid mhaith machnaimh a dhéanamh ar na nithe a roghnófar le caitheamh don tréimhse trí mhí agus deirtear gur smaoineamh maith é liostaí a scríobh roimh ré. Ar ndóigh, ba cheart duit tús áite a thabhairt do bhaill éadaigh a thaitníonn go mór leat.
Deir lucht an tionscnaimh gur cheart smaoineamh “that this is not a project in suffering” agus gur cheart a oiread agus is féidir éadach maith a roghnú don tréimhse trí mhí. Deirtear go bhfoghlaimeoidh duine cuid mhór fúthu féin agus faoina gcuid stíle le linn an tionscnaimh agus go mbeidh saineolas agus taithí ar leith acu le roghanna níos fearr a dhéanamh don dara tréimhse trí mhí!
Iad siúd a n-éireodh leo sa dúshlán seo is cinnte go mbeadh sábháil an-mhór airgid déanta acu; bheadh an fonn sin a bhíonn orainn géilleadh do lucht fógraíochta agus margaíochta agus earraí nua a cheannach briste acu. Gníomh fiúntach ann féin a bheadh ansin.
An mbeinn féin in ann don dúshlán seo? An bhféadfainn maireachtáil ar feadh trí mhí – os cinn 90 lá agus oíche – agus gan cead agam ach 33 ball éadaigh a úsáid? Tá amhras orm ach tá mé ag déanamh mo mhachnaimh air. Mañana, b’fhéidir!
Fág freagra ar 'An bhféadfá maireachtáil ar feadh trí mhí gan cead agat ach 33 ball éadaigh a úsáid?'