An beart déanta arís ag Katie

Is í Katie Taylor curadh dornálaíochta an domhain don chúigiú huair tar éis di Yana Allekseevnaar a bhualadh ar maidin.

Katie Taylor
Curadh an Domhain, Katie Taylor, ag ceiliúradh a bua sa Chóiré Theas ar maidin. Pictiúr Inpho

Is í Katie Taylor curadh dornálaíochta an domhain don chúigiú huair. Fuair Taylor an ceann is fearr ar an Asarbaiseánach, Yana Allekseevnaar, i mbabtha ceannais Chraobh an Domhain éadrom-mheáchan san Chóire Theas ar maidin.

Measadh gurbh í an tÉireannach an buaiteoir tar éis na gceithre bhabhta, Taylor, a bhí ag buachan 40-36, 39-37, 39-37 de reir na moltóirí. Cé go raibh an choimhlint sách géar, bhuaigh an seaimpín Oilimpeach gach babhta.

Ciallaíonn an bua inniu nach bhfuil troid caillte ag bean Bhré i gCraobh an Domhain ó 2006 agus tugann an cúigiú chraobh cothrom í leis an Indiach, Mary Kom, mar an bandornálaí is rathúla i stair Chraobh an Domhain.

Cé go raibh gortú riosta ag cur as do Taylor, is í a bhí i gceannas ó thús deireadh na troda. Bhí an tÉireannach i bhfad níos ionsaithí toisc gur dornálaí frithbhuille is ea Allekseevnaar agus gur ag tabhairt faoi bhean Chill Mhantáin gach re seal a bhí sí.

D’fhág sin go raibh Taylor in ann buillí maithe a fháil ar cholainn an Asarbaiseánaigh agus farasbarr a dhéanamh di féin.

Chinn an triúr moltóirí gur le Taylor an dara babhta agus cé go raibh go leor pointí fós le gnóthachtáil ag a céile comhraic, ní dhearna sí ach seasamh siar níos minice ná a mhalairt.

Thug moltóir amháin an triú babhta don Asarbaiseánach ach bhí Taylor róghlic agus róchumasach di agus agus níorbh aon iontas gurb ise a bhí ag ceiliúradh nuair a bhuail an cloigín sa deireadh.

Níl aon dabht anois ach go bhfuil Taylor ar cheann de na lúthchleasaithe is fearr a rugadh sa tír seo. Chomh maith le cúig Chraobh Dhomhanda, tá sé cinn de Chraobh na hEorpa buaite aici chomh maith le bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain i 2012.

Tar éis na troda, rinne na maithe agus na móruaisle comhghairdeas le Taylor; Uachtarán na hÉireann, Michéal D. Ó hUiginn, agus an Taoiseach Enda Kenny ina measc.

Fág freagra ar 'An beart déanta arís ag Katie'