An béarlachas fíorghaelach as bolg na Gaeilge…

FRIOTAL: Béarlachas? Caithfear a gceart a thabhairt do na trí C: canúint, comhthéacs agus cumarsáid éifeachtach

Cartoon ceart

Muidne a mbíonn sé de chrann orainn aistí a cheartú nó rud éigin atá cosúil le Gaeilge a chur ar cháipéisí a scríobhadh i gcanúint státseirbhísúil den Bhéarla, is maith linn leabhair a tharraingt chugainn anois is arís a chuireann i gcuimhne dúinn cad é mar theanga í an Ghaeilge i lámha máistir atá beag beann ar lucht gramadaí is ‘glan-Ghaeilge’.

Údar ba ea Pádraig Ua Maoileoin, cuir i gcás, nár bhreac líne ar pár riamh nach raibh seolta, aclaí. Fear é a bhíodh ag scríobh as bolg na Gaeilge, é teann go leor as a chumas féin chun bheith istigh ina shaothar a thabhairt d’abairtí mar seo: ‘bhí a n-aigne déanta suas acu.’

Anois, ní gann iad na heagarthóiríní a thabharfadh daorbhreith ar an abairtín sin. ‘Béarlachas’, bíodh a fhios agat – rí gach lochta agus coir do chrochta.

Dar liom, táimid rócheanúil ar an achasán céanna; tá saoithe ann a chuirfeadh béarlachas i do leith as ‘carr’ a rá in ionad ‘gluaisteán.’ Ní raibh clú na hiontaofachta ar Wikipedia an lá is fearr a bhí sé, ach tá iontráil ann dar teideal béarlachas a bhuaileann Beannchar le míchruinneas is le míthuiscint. Más ag beachtaíocht atáimid, bímis beacht: is é is béarlachas ann ná cora cainte Béarla a ardú idir chorp is chleiteacha isteach sa Ghaeilge – ‘ní hé sin mo chupán tae’ agus mar sin de. Bíonn a leithéid ann, gan dabht, agus is cuid de ghnó an eagarthóra agus an mhúinteora teacht roimhe.

Ach mo léan nach cúrsaí ceart nó mícheart a bhíonn ann i gcónaí. Caithfear a gceart a thabhairt do na trí C: canúint, comhthéacs agus cumarsáid éifeachtach. Bítear in amhras faoin Ultach a déarfadh ‘Tá agam le dul abhaile anois’ agus ní slán don Mhuimhneach a déarfadh go ‘maireann’ sé i dTrá Lí. Sin cúrsaí canúna agat: an nath nach scarfadh fear na Gaillimhe leis ar ór na cruinne, b’fhéidir gur meas béarlachais a bheadh ag an Chorcaíoch air.

Bíonn cúrsaí réime i gceist chomh maith: ‘miondealú caiteachais’ sna Ráitis Airgeadais agus ‘briseadh síos ar chaiteachas’ sa ghnáthchaint. Sin an comhthéacs agat.

Maidir le cumarsáid de, thiocfadh tráchtas a scríobh ar cé chomh hinghlactha is atá leaganacha ‘béarlachais’ gan dul a dhath níos faide ná ‘síos’ agus ‘suas’. Dúradh liomsa agus mé san ollscoil nach bhfuil in ‘gléasta suas’ ach aithris ar done up agus gur cheart ‘gléasta’ a rá. Ní fheadair, a Pheadair: measaimse go bhfuil difear céille idir ‘Cá bhfuil tusa ag dul agus tú gléasta mar sin?’ agus ‘Cá bhfuil tusa ag dul agus tú gléasta suas mar sin?’ Uaireanta eile, d’fhéadfaí a mhaíomh gur treisitheoir é ‘suas’ – tá ‘Dúirt mé suas lena bhéal é’ níos bríomhaire ná ‘Dúirt mé lena bhéal é.’ Chuala mé fear ag gearán faoi dhuine postúil a shíl sé a bheith ‘líonta lán suas de féin’. Cumarsáid thar a bheith éifeachtach, dar liom, agus thar a bheith gaelach fosta.

An té ar mhian leis an peann a bhaint as láimh an údair, is dócha go gcuirfeadh sé ‘bhí cinneadh déanta acu’ in áit ‘bhí a n-aigne déanta suas acu.’ Tá go breá, ach ná ligimis orainn féin go mbeadh an leasú sin pioc eolaíoch ná córasach. Tá ‘gléasta suas’, ‘d’intinn a dhéanamh suas’ agus a lán leaganacha mar iad tugtha in Foclóir Uí Dhónaill. Cá bith bealach ar tháinig siad isteach sa Ghaeilge, tá siad inti sách fada le go dtabharfaí cead cónaithe dóibh.

Fág freagra ar 'An béarlachas fíorghaelach as bolg na Gaeilge…'

  • magfrank

    Tá an comhrá seo tábhactach ach tá sé suimiúil staidéir a dhéanamh ar an m”Béarlachas” atá le feiceáil i dteanga eile. Tá mise ag déanamh staidéir ar an Seirbis, teanga atá sách scartha ó na Teangacha Rómánsúil agus ón mBéarla… mar sin féin tá briathra mar RANTovati le feiceáil nó nokautiran (=knocked out), biznismen srl. Ar ndóigh bíonn daoine ag gearáin faoi na samplaí seo agus níos mó nach iad ach tá sé soiléir gur comhartha é go bhfuil an teanga sách beo…

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ardfhear
    Bímis dúchasach gan Laidin stálaithe a dhéanamh dár dteanga.