‘An Béal Bocht’ agus ‘Rocky Ros Muc’ i measc na mbuaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach

Cuireadh tús inniu i Llaneilli na Breataine Bige le Féile na Meán Ceilteach 2018 agus bhí údar gaisce ar an gcéad lá ag na Gaeil

‘An Béal Bocht’ agus ‘Rocky Ros Muc’ i measc na mbuaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach

Tá duaiseanna buaite ag An Béal Bocht agus Rocky Ros Muc ar an chéad lá d’Fhéile na Meán Ceilteach ar cuireadh tús léi i Llaneilli na Breataine Bige inniu.

Bhuaigh An Béal Bocht, an leagan beochana d’úrscéal cáiliúil Myles na gCopaleen a rinne Nerve Productions agus De facto Films do TG4, an duais don bheochan is fearr.

Is sa rannóg don chlár faisnéise spóirt is fearr a thug Rocky Ros Muc duais leis ag an fhéile. Below the Radar a léirigh an scannán faisnéise bunaithe ar leabhar Rónáin Mhic Con Iomaire faoi shaol Sheáin Uí Mhainnín, an dornálaí iomráiteach as Conamara.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gur “mór an t-ardú croí” do TG4 go bhfuil na gradaim seo buaite ag dhá chlár a choimisiúnaigh an stáisiún Gaeilge.

“Is ardú mór croí é go bhfuil gradaim chomh haitheanta le Torc buaite ag An Béal Bocht agus ag Rocky Ros Muc ag Féile na Meán Ceilteacha, buaic na bliana do thionscal na teilifíse in Éirinn, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus an Bhreatain Bheag,” ar sé.

Tá deich saothar Gaeilge eile san iomaíocht do ghradaim an tseachtain seo ag Féile na Meán Ceilteach 2018, ócáid bhliantúil a bhfuil sé mar aidhm aici ardán agus aitheantas a thabhairt do scoth na saothar ó na tíortha Ceilteacha.

Fág freagra ar '‘An Béal Bocht’ agus ‘Rocky Ros Muc’ i measc na mbuaiteoirí ag Féile na Meán Ceilteach'