An baol ann gur gorta agus cinedhíothú an oidhreacht bhuan a bheidh ag Iosrael in Gaza

Beidh Netanyahu agus a leithéid fós ag súil le líomhain an fhrithSheimíteachais a úsáid mar sciath chosanta, ach caillfidh an teaictic sin a cuid cumhachta

An baol ann gur gorta agus cinedhíothú an oidhreacht bhuan a bheidh ag Iosrael in Gaza

Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá faoi láthair, sna seachtainí agus sna míonna romhainn amach gheobhaidh ar a laghad na mílte bás den ocras in Gaza de bharr gorta a tharraing an duine. Is dócha gur na deicheanna de mhílte a bheadh i gceist, nó d’fhéadfadh fiú na céadta míle duine bás a fháil.

Tá leath den daonra in Gaza i mbaol báis ón ocras agus gan an leath eile ach céim amháin ón riocht sin mar a mhínigh an t-oibrí daonchairdis Aonghus Lambkin dom in agallamh scanrúil ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ní bheidh sa tuairim is 30,000 duine a fuair bás go dtí seo ach tús na tubaiste. Ní féidir leis an bpobal idirnáisiúnta ach an tubaiste seo a mhaolú le seachadadh bia ón aer nó ón bhfarraige isteach in Gaza.

An t-aon slí chun é a sheachaint ná go gceadódh Iosrael soláthar bia ar scála ollmhór thar teorainn isteach go Gaza. Níl aon chomhartha go bhfuil Iosrael toilteanach sin a dhéanamh. Agus anois tá siad ag marú oibrithe daonchairdis atá ag iarraidh teacht i gcabhair ar phobal Gaza, bíodh sin d’aon ghnó, de bharr iad a bheith ar nós cuma liom fúthu, nó trí thimpiste.

Thar aon ní eile is tragóid agus tubaiste a bheidh anseo do na Palaistínigh. Ach is tragóid agus tubaiste a bheidh ann freisin d’Iosrael. B’fhéidir nach dtarlódh sin i mbliana, nó an bhliain seo chugainn, ach luath nó mall beidh praghas le híoc. Is é Benjamin Netanyahu atá ag tarraingt na tubaiste seo ar Iosrael mar gheall ar a leas gearrthéarmach polaitiúil fhéin.

Dealraíonn sé go bhfuil cinneadh déanta aige más féidir leis siúd a rialtas a choimeád le chéile nach bhfuil tada gur féidir le Joe Biden a dhéanamh anois chun stop a chur leis. Agus tá an ceart aige.

Fiú dá stopfadh Meiriceá ag tabhairt tacaíocht mhíleata d’Iosrael anois, d’fhéadfadh siad leanúint ar aghaidh dá n-uireasa ar a laghad go dtí i ndiaidh thoghchán na huachtaránachta thall. Ach fiú Donald Trump ní bheadh sé ag iarraidh a bheith luaite le híomhánna de na mílte páiste as an bPalaistín ag fáil bháis den ocras. Mar a dúirt sé an tseachtain seo caite: ‘Caithfidh tú an cogadh a chríochnú….Caithfidh Iosrael a bheith an-chúramach mar tá tú ag cailliúint tacaíocht an domhain.’

Chomh maith leis an tubaiste caidreamh poiblí do sheasamh agus stádas Iosrael a bhaineann leis na híomhánna sin, méadaíonn a ngníomhartha le cúpla seachtain anuas an baol go ndéanfar breithiúnas sa chás atá á ghlacadh ag an Afraic Theas ina gcoinne ag áitiú go bhfuil siad freagrach i gcinedhíothú. Tá tairseach sách ard ag baint le breithiúnas go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh, agus tá gach éinne gafa leis an gceist cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an tairseach sin bainte amach ag Iosrael in Gaza.

Ach an rud a ndéantar dearmad air, mar a mhínigh an t-iar-rapporteur cearta daonna leis na Náisiún Aontaithe Fionnuala Ní Aoláin dom, go bhfuil go leor coireanna eile atá bainteach le cinedhíothú go bhféadfaí Iosrael a chiontú iontu – comhcheilg chun cinedhíothú a dhéanamh, gríosú chun cinedhíothú a dhéanamh, iarracht chun cinedhíothú a dhéanamh nó claonpháirtíocht i gcinedhíothú. Agus ba é a tuairim gur dócha ná a mhalairt anois go gciontófar Iosrael i gceann de na coireanna sin.

Na deicheanna nó na céadta míle duine básaithe i ngorta de dhéanamh Iosrael, íomhánna de pháistí a fuair bás den ocras, breithiúnas i gCúirt Idirnáisiúnta de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil Iosrael ciontach i ngríosú chun cinedhíothaithe nó ceann éigin eile de na coireanna thuasluaite – d’athródh na rudaí sin íomhá agus seasamh idirnáisiúnta Iosrael go deo. Beidh Netanyahu agus a leithéid fós ag súil le líomhain an fhrithSheimíteachais a úsáid mar sciath chosanta, ach caillfidh an teaictic sin a cuid cumhachta.

Scriosfar go deo an t-iarsma deireanach den rómánsúlacht a bhaineann le scéal Iosrael mar thearmann na nGiúdach a d’éalaigh ó chinedhíothú na Naitsíoch. Agus brostófar próiseas atá ag tarlú ar aon nós, is é sin go bhfuil an Páirtí Daonlathach i Meiriceá ag athrú ó bheith níos báúla le hIosrael go dtí a bheith níos báúla leis na Palaistínigh. Tá seo ag tarlú mar gheall ar dhearcadh difriúil a bheith i measc na ndaoine níos óige agus mar gheall ar an méadú ar thábhacht an vóta Mhoslamaigh agus Arabaigh. Más é cinedhíothú na nGiúdach a spreag bunú stáit mar thearmann do na Giúdaigh, seans gur cinedhíothú ar Phalaistínigh a chuirfidh iachall ar an domhan ar deireadh tearmainn sábháilte dá gcuid féin a thabhairt do mhuintir na Palaistíne.

Fág freagra ar 'An baol ann gur gorta agus cinedhíothú an oidhreacht bhuan a bheidh ag Iosrael in Gaza'

  • JP

    Dhírigh na hIosraelaigh trí huaire i ndiaidh a chéile ar na hoibrithe daonchairdis sin, feithicil ar fheithicil, ceann ar cheann, duine ar dhuine. Bhí fhios acu cé bhí ann, cé bhí acu. Marú eile as fhuil fhuar ag Stát nua-naitsíoch na nGiúdach.

  • C. Ó Floinn

    Díol suime é nach luann Fachtna an dream a chuir tús leis an gcogadh seo, i.e. Hamas. D’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad agus leis an mbaol ocrais trí na gialla a scaoileadh saor agus trína gcuid airm a thabhairt suas. Dá bhrí sin, is iadsan is mó is cúis le fulaingt agus cruatan mhuintir Gaza faoi láthair.

    Ach tá léirithe acu arís is arís eile gur cuma leo dáiríre faoi phobal Gaza – tá fuath chomh mór sin acu do na Giúdaigh gur fearr leo ár agus scrios a tharraingt ar a bpobal féin seachas ligean do na Giúdaigh maireachtáil faoi shíocháin ina stát féin ar leac a ndorais.

    Cé a bhí i gceannas ar an stráice ó tharraing na hIosraelaigh amach as an áit beagnach 20 bliain ó shin? Cad a rinne Hamas chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine ó shin i leith? Cad a rinne siad leis na múrtha airgid a fuair siad mar chúnamh daonnachtúil i gcaitheamh na mblianta? Seachas coinníollacha saoil an phobail a fheabhsú agus an t-airgead a infheistiú in infreastruchtúr agus i seirbhísí poiblí, etc. is é a rinne siad ná tolláin a thógáil, pá a íoc lena dtrodaithe agus airm a cheannach chun go bhféadfaidís leanúint leis an gcogadh in aghaidh na nGiúdach.

    Ba é Hamas a chuir tús leis an tubaiste is déanaí seo sa Mheánoirthear nuair a rinne siad slad ar shibhialtaigh Iosraelacha ar an 7ú Deireadh Fómhair. Thuig siad go mbeadh freagra fíochmhar ann ó Iosrael air seo agus gurb iad muintir Gaza is mó a bheadh thíos leis ach rinne siad an slad ar aon nós. Cé go bhfuil gréasán fairsing tollán tógtha acu a d’fhéadfadh foscadh a thabhairt do shibhialtaigh, ní ligeann siad do ghnáthmhuintir Gaza na tolláin chéanna a úsáid chun éalú ón gcogadh a tharraing Hamas féin ar Gaza. Go deimhin, tá gach cuma ar an scéal go ndéanann Hamas a ndícheall gan ligean do na sibhialtaigh éalú ón láthair chogaíochta mar gur mhian leo pobal Gaza a úsáid mar sciath daonna i gcoinne an IDF agus ar an gcaoi sin cur le líon na marbh. Thuig siad go gcuirfeadh bás na sibhialtach déistean ar an bpobal idirnáisiúnta le gníomartha Iosrael. Agus cé go raibh stoc-charn bia agus leighis ag Hamas sna tolláin, níor roinn siad sin leis an ngnáthphobal ach an oiread. Go deimhin, bíonn Hamas ag goid cúnamh daonnachtúil ó na carthanachtaí chun gur féidir leo leanúint ar aghaidh leis an gcogaíocht in aghaidh Iosrael.

    Anuas air sin, ní dóigh liom go bhfuil sé ceart ná cóir a rá go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael. Dá olcas é Netanyahu agus cuid dá airí rialtais (agus cuid dá bhfuil ráite acu), ní hé an polasaí stáit atá acu Palaistínigh a dhíothú.

    Bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus sa stráice Gaza sa lá atá inniu ann (sin gan trácht ar an milliún Arabach in Iosrael féin agus an diaspóra). Ní thuigim cén chaoi gur cinedhíothú é sin. I bhfeachtas a mhair 9 mí in 2017, mharaigh fórsaí an Iarthair thart ar 11,000 sibhialtach agus iad ag iarraidh fáil réidh le ISIS i Mosul san Iaráic. Ar ndóigh, is tubaiste é an oiread sin sibhialtach bás a fháil ach ar cuireadh i leith thíortha NATO go raibh cinedhíothú á dhéanamh acu ar phobal na hIaráice? Níor cuireadh – tuigeadh go raibh siad ag iarraidh fáil réidh le grúpa sceimhlitheoireachta a chuireann iad féin faoi cheilt i measc na sibhialtach. Níor damnaíodh fórsaí an Iarthair ó dhubh go dubh as an méid a rinne siad – tuigeadh go raibh misean casta baolach acu agus go mba fhíordheacair dóibh gan sibhialtaigh a mharú. Is ionann ISIS agus Hamas. Tá Hamas ag iarraidh na hIosraelaigh a dhíothú. Tá ráite ag Hamas go leanfaidh siad leis na hionsaithe ar Iosrael go dtí go n-éireoidh leo sin a dhéanamh – is é sin le rá nach nglacann Hamas le Giúdach ar bith a bheith beo ar thalamh na Palaistíne (i.e. tá siad ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin).

    Maidir leis an mbaol gorta a luann Fachta, ní féidir an locht ar fad a chur ar Iosrael as sin. I dtuairisc sa Sunday Times, dúradh nach bhfuil aon easpa soláthairtí bia agus leighis ann ach nach bhfuil ag éirí leo na soláthairtí a chur chomh fada le muintir Gaza. Tá cúiseanna éagsúla leis sin – Hamas agus ISISa bheith ag creachadh na leoraithe cúnaimh (tá ISIS fós gníomhach i bhfásach Sinai agus caithfidh cuid mhaith de na leoraithe a mbealach a dhéanamh ón Éigipt tríd an bhfásach céanna), na soláthairtí a bheith á seoladh isteach ón aer (téann cuid mhaith le gaoth isteach san fharraige nó isteach in Iosrael féin), agus moilleanna rófhada (is gá seiceálacha diana a dhéanamh ar na leoraithe toisc go bhfuil eagla ar Iosrael go ndéanfaí airm a smuigleáil isteach). Ar ndóigh, fadhb mhór eile ná go bhfuil an bealach isteach ó Iosrael dúnta faoi láthair mar gheall ar an mbaol smuigleála arm.

  • Breathnóir1

    Is léir don dall go bhfuil cinedhíothú ar siúl ag Iosrael, le lántacaíocht an Iarthair. Mór an náire muid ar fad, dála an scéil go bhfuil muid ag ligean dó seo tarlú.

  • Déaglán

    Tá an ceart ag an údar agus measaim go bhfuil míthuiscint ar C Ó Floinn. Ní toisc go gceapann sé go bhfuil seo ar fad mífhearáilte ar Iosrael. Mar bíodh Ó Floinn ceart nó mícheart (agus i ndeireadh na dála is tuairim suibíochtúil é sin) ní féidir a shéanadh go hoibiachtúíl go bhfuil formhór an domhain casta i gcoinne Iosrael agus fiú sa chúpla tír cumhachtach ina bhfuil tacaíocht láidir ag Iosrael go fóill tá an tacaíocht sin ag dul i léig. Níl rudaí ag breathnú go maith d’Iosrael mar sin, cuma an dtaithníonn sé sin leis nó nach dtaithníonn. Agus is teip cuíosach tubaisteach é sin do cheannasaíocht pholaitiúíl Iosrael.