Nuair a bhreathnaíonn staraithe siar ar an gcoicís seo caite, seans go n-aithneofar í mar cheann de na tréimhsí ba thábhachtaí i gcúrsaí geopholaitíochta ó aimsir an dara cogadh domhanda. Ní hamháin gur thug na Stáit Aontaithe comharthaí go raibh siad chun tarraingt amach as ceann de na comhghuaillíochtaí míleata is cumhachtaí ar domhan, ach léirigh siad go raibh siad ar tí deireadh a chur leis an tacaíocht do chomhghuaillí agus é ag troid chun é féin a chosaint agus an chuma air go raibh siad chun dul chuig an taobh eile.
NATO
Sa bhliain 1987 cheannaigh Donald Trump fógraí i roinnt nuachtán sna Stáit Aontaithe chun gearrán a déanamh faoin gcaoi go raibh na Stáit Aontaithe ag tabhairt tacaíochta dá gcomhghuaillithe thar lear agus níor tháinig aon athrú ar a dhearcadh ó shin. Le linn a thréimhse dheireanach mar uachtarán, bhagair sé roinnt uaireanta go raibh sé chun na Stáit Aontaithe a tharraingt amach as NATO, cé nach ndearna sé an beart de réir a bhriathra sa deireadh.
Ach tá sé tar éis cur lena bhagairtí le blianta beaga anuas. Roimh an toghcháin is deireanaí dúirt sé nach dtiocfadh sé i gcabhair go deo ar aon bhallstát de chuid NATO nach raibh ag caitheamh 2% dá olltáirgeacht intíre (OTI) ar chúrsaí cosanta. Díreach tar éis dó a bheith tofa mar Uachtarán rinne sé bagairt go díreach ar dhá bhallstát de chuid NATO, Ceanada agus an Danmhairg.
Coicís ó shin, dúirt státrúnaí cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, gur chóir do na ballstáit thart ar 5% d’OTI a chaitheamh ar chúrsaí cosanta agus tá sé ráite ag na Meiriceánaigh go gcaithfidh gurb iad tíortha na hEorpa amháin a bheith freagrach as cosaint na hEorpa. Chuige sin, dúirt Hegseth mura mbeadh tíortha na hEorpa in ann cur lena gcaiteachas cosanta ná chóir dóibh a bheith ag súil go dtiocfadh Meiriceá i gcabhair orthu as seo amach.
Cé nár chuir Trump a bhagairtí i bhfeidhm le linn a thréimhse dheireanach mar uachtarán toisc go raibh comhairleoirí ina rialtas i gcoinne na mbagairtí céanna, níl sé faoi na srianta céanna anois.
Luaigh sé roimh an toghchán go raibh port NATO mar eagraíocht cosanta seinnte agus tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil sé chun an fhís seo a chur i bhfeidhm.
Ní dóigh go dtarraingeoidh sé amach na Stáit Aontaithe go luath ach, seans go dtosóidh sé ag aistriú trúpaí ón Eoraip beagán ar bheagán. Ina dhiaidh sin, seans go dtarraingeoidh sé aonaid iomlána amach ó thíortha éagsúla agus chuige sin, beidh na Stáit Bhaltacha ar bharr an liosta.
Faoi dheireadh a thréimhse uachtaránachta seans go dtarraingeofaí na trúpaí Meiriceánacha go léir amach as an Eoraip agus beidh sé thar a bheith deacair ag aon rialtas eile iad a aistriú ar ais.
Is cosúil go bhfuil na Meiriceánaigh sásta an domhan a roinnt i réimsí tionchair agus go bhfuil siadsan chun díriú ar an leathsféar Meiriceánach as seo amach. Tá an chuma ar chúrsaí chomh maith go bhfuil siad chun glacadh leis go bhfuil réimse tionchair dá gcuid féin ag na Rúisigh, limistéar a chuimsíonn an Úcráin. Ina theannta sin, tá comharthaí ann freisin go bhfuil siad chun glacadh leis go bhfuil cuid de réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise laistigh de réimse tionchair na Síne.
Úcráin
Sular toghadh Trump ina Uachtarán bhí sé thar a bheith soiléir go raibh cuid dá dhlúthchomhairleoirí, leithéidí a mhac Donald Jr., Tucker Carlson, an t-iarghinearál Michael Flynn, JD Vance agus fiú Elon Musk, níos cóngaraí do thaobh na Rúise ná aon rud eile agus cé gur léirigh Trump go raibh sé amhrasach faoin tacaíocht mhíleata a cuireadh ar fáil don Úcráin, níor léirigh sé go raibh sé go hiomlán ina coinne.
I bhfianaise a chuid ráiteas le coicís anuas, níl amhras ar bith ann faoina sheasamh anois.
Tuairiscíodh gur chuir Trump roinnt glaonna ar Putin roimh an toghchán. Shéan na Rúisigh go bhfuair siad na glaonna céanna ach níor dhúirt Trump ach nach raibh sé sásta an t-ábhar a phlé.
Tar éis an toghcháin, tuairiscíodh go raibh glaonna eile aige le Putin, rud nach raibh sé sásta a phlé ach oiread, ach coicís ó shin d‘admhaigh an bheirt uachtarán go raibh siad i dteagmháil lena chéile. De réir ráitis ó Putin i ndiaidh an phlé le Trump, bhí plean eagraithe acu agus dúirt go dtiocfadh gach uile rud le chéile go tobann.
Tá roinnt comharthaí ann gur aontaigh an bheirt uachtarán faoi shocruithe de shaghas éigin. Ar an gcéad dul síos luaigh Trump, i ndiaidh an chomhrá le Putin, go raibh drogall air a dhearbhú go gcaithfí leis an Úcráin mar chomhpháirtí comhionann i gcainteanna faoi shos cogaidh san Úcráin.
Go luath ina dhiaidh sin, bhog sé an t-idirghabhálaí, an Ginearál Keith Kellogg, a cheap sé díreach tar éis an toghcháin, ar leataobh chun plé leis na hÚcránaigh amháin. Ach ar an taobh eile chuir sé foireann láidir, lena n-áirítear an Státrúnaí Marco Rubio agus an Comhairleoir Slándála Náisiúnta Michael Waltz le chéile chun plé a dhéanamh leis na Rúisigh.
Anuas air seo dúirt Trump gur chóir go n-aithneofaí an Rúis mar bhallstát den ghrúpa G8 arís agus d’eisigh sé roinnt ráiteas bréagach faoin gcogadh. Ina theannta sin bhí sé sásta cead a gcinn a thabhairt d’urlabhraithe éagsúla bagairtí a dhéanamh ar an Úcráin mura síneodh sí margadh faoi acmhainní nádúrtha.
Má fheidhmíonn na Meiriceánaigh mar chomhghuaillí de shaghas éigin do na Rúisigh, agus ina thaobh sin, níl na comharthaí rómhaith do na hÚcránaigh, beidh siad in ann an-dochar a dhéanamh dóibhsean mura nglacann siadsan lena gcinntí as seo amach.
Anuas ar gach rud eile atá tar éis tarlú le coicís anuas, bheadh sé thar a bheith íorónta dá mbeadh an Rúis in ann bua san Úcráin a mhaíomh, tar éis trí bliana i mbun cogaíochta, mar gheall ar thacaíocht pholaitíochta ó na Meiriceánaigh nuair a diúltaíodh an bua sin dóibh a bhuíochas do chúnamh míleata teoranta ó na Meiriceánaigh do na hÚcránaigh ag tús an chogaidh.
Fág freagra ar 'An baol ann go seasfaidh Trump lena fhocal agus athruithe ollmhóra á mbagairt aige'