An baol ann go gcuirfear seirbhísí bus i gCorca Dhuibhne ar ceal arís

Tá Ciarraí agus Corcaigh ar na contaetha is measa atá buailte ag an tréimhse fhuar

An baol ann go gcuirfear seirbhísí bus i gCorca Dhuibhne ar ceal arís

Tá an baol ann go gcuirfidh an fuacht atá isteach ar sheirbhísí bus i gCorca Dhuibhne arís inniu.

Tá Ciarraí ar cheann de na contaetha is measa atá buailte ag an tréimhse fhuar.

Cuireadh roinnt seirbhísí bus i gcontae Chiarraí ar athló nó ar ceal maidin inné mar gheall ar an drochbhail a bhí ar bhóithre an chontae. Ní raibh seirbhísí maidine ann ó Thrá Lí agus Cill Airne go dtí an Daingean mar gheall ar an sneachta mór agus tá an baol ann go gcuirfear tuilleadh seirbhísí ar ceal maidin inniu.

Cé nár chuir an aimsir isteach ar na bunscoileanna in Iarthar Duibhneach ar an gcéad lá den téarma, níorbh amhlaidh an scéal do Phobalscoil Chorca Dhuibhne i mbaile an Daingin. Níor osclaíodh an phobalscoil go dtí a 11am mar gheall ar na deacrachtaí a bhí ag roinnt daltaí a mbealach a dhéanamh chun na scoile. Dúnadh cuid de na scoileanna Gaeltachta ar an taobh thoir de Chnoc Bréanainn.

Cuireadh tús inné leis na cúrsaí Gaeltachta d’ábhar oidí i gColáistí Chorca Dhuibhne. Beidh na cúrsaí á reáchtáil mar is gnáth sna hionaid éagsúla timpeall na leithinse ach tá deacrachtaí ag cuid de na hábhair oidí teacht chomh fada le Ciarraí mar gheall ar na cúinsí contúirteacha taistil ina gcontae dúchais féin.

Cé gur chuir sé sneachta go trom i gCorcaigh agus i bPort Láirge, níl na ceantair Ghaeltachta sna contaetha sin buailte chomh dona is atá daoine in áiteanna eile. I gceantar sléibhtiúil an Chomaraigh is measa atá an scéal i bPort Láirge, píosa maith ón Rinn agus an Seanphobal.

Dúirt An Post go bhfuil sé ionann is dodhéanta seachadtaí poist a dhéanamh ar “fhormhór na mbealaí poist” i gcontae Chorcaí agus Chiarraí inné agus go bhfuil cuid de na hoifigí poist gan chumhacht leictreachais in áiteanna áirithe sna contaetha sin freisin. Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte coinne d’othair sheachtracha ar ceal sna contaetha céanna inniu freisin.

Tá foláireamh buí sneachta agus oighir i bhfeidhm ón meán lae inniu go dtí meán lae amárach don tír ar fad agus deir Oifig na hAimsire go dtiocfaidh a thuilleadh sneachta i gcaitheamh an lae agus na hoíche atá amach romhainn. Beidh foláireamh fuachta agus oighir i bhfeidhm freisin go dtí oíche Déardaoin agus é tuartha ag Oifig na hAimsire gur ar éigean a bheidh an teocht os cionn an reophointe.

Fág freagra ar 'An baol ann go gcuirfear seirbhísí bus i gCorca Dhuibhne ar ceal arís'