An ‘aighneas idir glúnta’ ba bhunús le conspóid faoi alt le colúnaí Tuairisc?

Bhí mórchuid cainteoirí Gaeilge in adharca a chéile ar na meáin shóisialta an tseachtain seo caite faoi alt a foilsíodh ar an suíomh seo. Bhí difríocht aoise shuntasach idir an dá thaobh…

An ‘aighneas idir glúnta’ ba bhunús le conspóid faoi alt le colúnaí Tuairisc?

Drochsheans go raibh an t-alt le Cathal Mac Coille a foilsíodh ar an suíomh seo seachtain go leith ó shin faoi chearta ban agus faoi chearta daoine trasinscneacha léite ag Jorge, fear slándála naíolainne anseo i gcathair Salvador sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm.

Drochsheans, leis, go raibh Jorge ar an eolas faoin gconspóid a spreag an t-alt sin.

Ach dúirt sé rud éigin an lá cheana a chuir ag smaoineamh mé faoin gconspóid chéanna.

Tá aithne agam ar Jorge leis na blianta. Cúig lá sa tseachtain, agus mé ar mo bhealach go dtí an t-ionad aclaíochta, siúlaim thar an naíolann a mbíonn sé ina sheasamh ag an doras ann, ag déanamh cinnte go dtéann na páistí ar fad abhaile leis na tuismitheoirí ar leo iad. Beannaímid dá chéile. Bíonn comhráite againn. Gach bliain, tugann sé seacthoradh mór millteach dom as cúlghairdín a thí. An lá cheana, thug mé faoi deara den chéad uair go bhfuil dath an tsneachta ag teacht ar an gclúmh a chlúdaíonn a leicne dubha.

‘Tá sé greannmhar, an bhfuil a fhios agat?’ a dúirt sé nuair a chonaic sé céard air a bhí mé ag breathnú. ‘An lá cheana bhí mé 20 bliain d’aois, agus anois … Fúúúúisssss, nach mór 47! D’imigh sé mar sin –’ smeach as a mhéara – ‘ach i m’aigne féin tá mé 20 bliain d’aois i gcónaí. Ach an rud atá aisteach faoi sin ná seo: ní thuigim an dream atá 20 bliain d’aois dáiríre inniu a thuilleadh. Faighim an-deacair é comhrá a choinneáil leo.’

Ní raibh baint ag mo chomhrá le Jorge an lá sin le cearta LADT+, ach ba iad a bhí faoi chaibidil i ndíospóireacht a bhí agam san ionad aclaíochta cúpla lá ina dhiaidh sin.

Bhí beirt fhear, duine acu i lár na 50idí agus an duine eile i ndeireadh na 40idí, ag caint eatarthu féin, ach in ard a nglór, faoin dochar a bhí á dhéanamh, dar leo, ag an bpobal LADT+ don família Bhrasaíleach agus don tsochaí i gcoitinne. An bhagairt a bhain le cearta LADT+ an phríomhchúis, a dúirt an fear is sine acu, gur thug sé féin vóta do Jair Bolsonaro sa toghchán uachtaránachta deireanach.

Ar ndóigh, mar fhear a phós fear eile a bhuíochas leis na cearta LADT+ céanna, níor fhéad mé fanacht i mo thost agus d’fhiafraigh den bheirt ar mheas siad go raibh mórán dochair á dhéanamh agamsa don tsochaí.

Baineadh stangadh as an mbeirt, rud nár chuir iontas orm; síos tríd na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam nach n-aithníonn mórchuid Brasaíleach ar an gcéad radharc gur fear mé a bhfuil dúil aige i bhfir.

‘Ar ndóigh ní thusa a bhí i gceist againn,’ a dúirt an bheirt acu nach mór ag an am céanna, ag baint barr dá chéile ansin ag gabháil leithscéalta.

Ach bhí trí chéile ceart ar an mboc is sine, é fíorbhuartha go raibh mé maslaithe aige ba léir, agus go tobann bhí trua agam dó.

‘Is é an chaoi go bhfuil rudaí ag athrú go han-sciobtha, an dtuigeann tú?’ a dúirt sé. ‘Níl m’aigne in ann na nóisin nua sin ar fad a phróiseáil agus nuair a dhéanaim iarracht iad a phlé leis an dream óg is cosúil go dtarlaíonn caismirt idir glúnta,’ a dúirt sé agus a dhá dhorn féin á mbualadh in éadan a chéile aige.

Sin é go díreach, a dúirt mé liom féin, ar ndóigh níl tusa ar an eolas ach oiread faoin gconspóid a spreag an t-alt úd le Cathal Mac Coille, ach tá tú tar éis do mhéar a leagan ar rud éigin.

Níor fhéad mé gan suntas a thabhairt, i ndiaidh an chomhrá sin san ionad aclaíochta, do ghné na haoise de scéal na conspóide a bhí ag dul ar aghaidh i saol ar líne na Gaeilge ag an am céanna. Ar ndóigh ní dhearna mé anailís eolaíoch ar dhátaí breithe na ndaoine a bhí páirteach inti – cuid mhaith acu in éadan a dtola féin –, ach seo buille faoi thuairim.

Daoine óga, faoi bhun 40 bliain d’aois deirimis, a bhí i gcuid mhór de na daoine ar chuir alt Chathail Mhic Choille as dóibh.

Daoine níos sine ná 40 bliain d’aois den chuid is mó a bhí iontu siúd nach bhfaca a dhath cearr leis, a roinn an t-alt ar Mastodon.ie agus ar cuireadh a gcuntais ar an ardán sóisialta sin ar fionraí dá bharr.

Duine atá go maith os cionn an 40 bliain d’aois, ar ndóigh, atá in údar an ailt féin.

Luíonn sé le réasún go mbeadh glúnta ag dul in adharca a chéile ó am go ham; bhí sin amhlaidh riamh.

Nuair a tharlaíonn sin, níor mhiste don seandream cuimhneamh go raibh tráth ann go raibh siad féin óg agus ag iarraidh an domhan a athrú, agus níor mhiste don dream óg cuimhneamh nach mbíonn daoine a bhfuil níos mó taithí saoil acu chomh radacach céanna ina gcuid dearcthaí – ná ceanúil ar phlé teasaí.

Gach seans go ndéarfadh Jorge agus fear an ionaid aclaíochta gur fánach an mhaise, ach ba mhaith liomsa a cheapadh gur fearr an seans go n-éireodh le hóg agus aosta teacht ar chomhthuiscint faoin gcineál seo ceisteanna dá mbeadh an cineál seo comhráite acu san fhíorshaol – san ionad aclaíochta, sa teach tábhairne – seachas ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'An ‘aighneas idir glúnta’ ba bhunús le conspóid faoi alt le colúnaí Tuairisc?'

  • Art

    Ní thagann ciall roimh aois ach Mol an óige agus tiocfaidh sí… ! Alt deas machnamhach daonna. B’fhéidir go mbeadh muid níos fearr as gan na meáin shóisialta. Laghdaíonn sé mo mheas ar dhaoine go minic, an slí a bhíonn siad ar na meáin shóisialta.

  • Maitiú De Hál

    B’fhéidir go mbaineann sé le haois nó b’fhéidir go mbaineann sé leis an dochar a dhéanann mífhaisnéis dháinséireach de chuid WSP nuair a chuirtear i láthair í mar rud “réasúnta” seachas an truflais gan bunús atá ann.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar fhreagraí a tugadh ar alt le Cathal Mac Coille, ‘Ní honann cosaint chearta na mban agus ionsaí ar chearta eile –– fuath agus faitíos ar líne –– agus neamhaird ar chearta na mban,’ tuairisc.ie, Dé Sathairn, Samhain 19, 2022.

    Ní léir go bhfuil glacadh ar bith leis an loighic, ná leis an argóint loighciúil ag lucht cáinte Chathail Mhic Coille.

    Thug Alex Hijmans a thuairim in alt leis–sean, gur ag aontú le Cathal a bhí daoine os cionn 40 bliain d’aois, agus gur ag easaontú leis a bhí daoine faoi bhun 40 bliain d’aois, ‘An “aighneas idir glúnta” ba bhunús le conspóid faoi alt le colúnaí Tuairisc?’, tuairisc.ie, Dé Céadaoin, Samhain 30, 2022, cé go n–admhaíonn Hijmans nach ndearna sé féin ‘anailís eolaíoch ar dhátaí breithe na ndaoine a bhí páirteach’ i ‘scéal na conspóide a bhí ag dul ar aghaidh i saol ar líne na Gaeilge’. Cad ina thaobh, mar sin, go bhfuil Hijmans chomh cinnte sin d’aois na ndaoine a ghlac páirt sa chonspóid? Agus ar aon chuma, cén bhaint sa diabhal atá ag cúrsaí aoise leis an scéal? Argóint ad hominem atá á déanamh ag Hijmans, agus ag daoine eile, i gcoinne Chathail. Argóint mhíloighciúil is ea an argóint ad hominem. Is é rud a chiallaíonn ad hominem ‘i gcoinne an duine’; is é sin le rá, nach ndéanann a leithéid d’argóint meastachán ar bith ar fheabhas na hargóinte ag an duine a mbítear ag tabhairt faoi, ach locht a fháil ar thréithe pearsanta an duine sin.

    Is mar gheall air gur seanduine anois is ea Cathal atá Hijmans ag tabhairt faoi. Níl ar siúl ag lucht cáinte Chathail ach spídiúchán ar na mná atá páirteach san eagraíocht Womens’ Space Ireland. Mholfadh lucht an spídiúcháin Vladimir Lenin i dtaobh Lenin a bheith ina homaighnéasach, is dócha, ach is é is dóichí gur cáineadh a dhéanfaidís ar chuid de lucht tacaíochta Hitler, ainneoin iad seo a bheith ina homaighnéasaigh chomh maith –– Eric Röhm, agus a chamthaí. Comhbhunaitheoir le Hitler ba ea Röhm ar an Sturmabteilung [SA, ‘Aonaid na Stoirme’]. Chabhraigh Röhm go mór le Hitler a theacht chun cinn. Mar sin féin, d’fhéach Hitler chuige go marófaí Röhm, agus a chosmhuintir, le linn ‘Oíche na Sceana Fada’. Cuirtear i leith Hitler go raibh caidreamh homaighnéasach aige féin le páirtí dó i Vín na hOstaire, agus iad ar an drabhlás ansiúd, agus tuairiscítear gur thug Hitler ordú an páirtí sin a mharú ar eagla go bhfaigheadh ‘an máistirchine’ amach go raibh claonta homaighnéasacha in Hitler.

    Agus nach seanduine is ea Pat Butler leis? De réir na hargóinte ad hominem, ba cheart dícháiliú a dhéanamh ar thrácht an Bhuitléaraigh chomh maith, go háirithe ó nach i gcónaí a éiríonn leis–sean ainm an duine a mbíonn sé ag moladh leis/léi, a thabhairt go dtí a chuimhne in am tráith? Ní hé galar aon seanduine amháin é sin! Le tamall anois, tá dlíthe i gcoinne leatroim, ar bhonn aoise, a dhéanamh ar dhaoine. ‘Aoiseachas’ atá ag téarma.ie ar an bpeaca nua sin.

    Tá cúl le binb Chaitríona Ní Chatháin, ‘Ní smaoineamh ná nóisean ná idé–eolaíocht pholaitiúil í inscne an duine,’ tuairisc.ie, Dé Luain, Samhain 28, 2022. Áitíonn sise san alt sin go bhfuil ‘géarghá le fada an lá le hoideachas gnéis LADTionchuimsitheach.’ Tugaim faoi deara nach bhfuil Caitríona ionchuimsitheach go leor chun A, I, ná + a chur i ndeireadh an liosta ceannlitreacha sin. An bhféadfaimid a bheith ag súil leis go gcuirfidh a cuid naimhde–se na fichidí ríomhphost go dtí tuairisc.ie chun a chur ina leith nach bhfuil sí féin ionchuimsitheach a dóthain? Cad a chiallaíonn LADTAI+? Ní hansa: ‘Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach agus Aiteach [móide]’, Concise English–Irish Dictionary –– Foclóir Béarla–Gaeilge (Foras na Gaeilge 2020) lch 830. Is é rud a chiallaíonn I ‘idirghnéasach’, is é sin, tréithe fisiceacha de chuid an dá ghnéas a bheith i nduine, ach gur den aon ghnéas amháin é nó í go bunúsach. Bean a raibh féasóg uirthi, bhíodh sí ag díol uachtar reoite lasmuigh de Pháirc an Chrócaigh, agus mise óg.

    Má ghlactar leis na moltaí atá déanta ag an gComhairle Curaclaim agus Measúnachta, i dtaobh an Chláir Oideachais ar Chúrsaí Caidrimh agus Gnéasachta, beifear á chur in iúl do naíonáin ar scoil gur féidir dóibh malairt gnéis a thabhairt orthu féin; agus beifear ag tathant ar dhéagóirí gur homaighnéasaigh nó trasinscnigh iad féin ó bhonn, agus gurbh fhearr dóibh é sin a fhógairt a thúisce agus is féidir. Cén locht a bheadh air sin, a deir tú? De réir an taighde is déanaí, maireann an teacht in inmhe, ó sháraíonn duine 10 mbliana d’aois go dtí go sáraíonn sé nó sí 24 bliana d’aois [An tOllamh Susan M. Sawyer, ‘The age of adolescence’, The Lancet Child an Adolescent Health (Eanáir 17, 2018)]. Tá daoine ann nach socraíonn a gcuid hormón collaíochta síos i gceart go dtí go mbíonn an teacht in inmhe curtha i gcrích go fisiceach, is é sin, go dtí go sáraíonn siad 24 bliana. An síciteiripeoir a luann Cathal Mac Coille, Stella O’Malley, bhain diosfóiria ghnéis dise agus í ina déagóir, ach de réir mar a dhruid sí isteach ina cuid fichidí, leáigh an diosfóiria sin ar fad. Phós sise fear ansin, agus bhí leanaí dá gcuid féin ó shin acu. Is minic a iarrtar ar Stella labhairt ar na cúrsaí sin, agus ar ábhair eile ar an raidió agus ar an teilifís, agus is minic alt léi ar an Irish Independent. Fágann sin nach bhfuil bun ar bith eolaíochta le bheith á chur in iúl do naíonáin, ná do dhéagóirí, gur féidir dóibh malairt gnéis a thabhairt orthu féin; nó gur homaighnéasaigh ó bhonn iad; nó trasinscnigh ó bhonn, agus gur cheart dóibh dul faoi obráid chun é sin a chur thar amhras. Is iad torthaí na n–obráidí sin go mbaintear an bod agus na clocha as an bhfireannach, agus go mbaintear na cíocha den bhaineannach. Is amhlaidh a thugtar éastraigin don fhireannach chun go bhfásfadh cíocha air, agus gur glór baineannaigh a bheadh aige; agus prógaistéarón don bhaineannach chun cuma fireannaigh a chur uirthi seo, agus glór fir a bheith aici. Déantar athchóiriú ar ghabhal an fhireannaigh chun cuma baineannaigh a chur air; agus athchóiriú ar ghabhal an bhaineannaigh chun cuma fireannaigh a chur uirthi féin. De dheasca na n–obráidí sin, ní féidir don fhireannach a bheith ina athair go nádúrtha; ná ní féidir don bhaineannach a bheith ina máthair go nádúrtha. Is minic an fireannach, agus an baineannach, a bheith trí chéile ar fad, nuair a théann siad amach i gceart ar cad atá déanta. Ní féidir na hobráidí sin a chur ar ceal. Is obráidí cosmaideacha iad na hobráidí sin. Ní chuireann siad athrú ar an ngnéas inar coimpríodh an duine ó thús, rud is féidir a fháil amach gan dua le tástáil DNA. Ní hé sin amháin é, ach formhór na haimsire, bheadh a fhios ag leanbh 4 bliana, cé acu fear nó bean an duine tar éis na n–obráidí sin, mar a bhíonn a fhios acu gur fear is ea ‘an chailleach’ i ngeamaireacht na Nollag. Is geall le creideamh saolta is ea an Traninscneachas ag gníomhairí na gluaiseachta sin, agus iad ag iarraidh a gcreideamh a chur siar ar an bpobal mór. Is ar chostas an cháiníocóra a bhíonn na hobráidí sin á ndéanamh in Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin ar an taobh theas de Cho. Bhaile Átha Cliath. Tá na húdaráis sláinte fós ag cur leanaí agus déagóirí óga go dtí Institiúid Tavistock i Sasana, mar go bhfuil Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath éirithe as na hobráidí sin. Táthar chun Institiúid Tavistock a dhúnadh sa Bhliain Nua. Tá timpeall le 1000 cás le teacht os comhair na gcúirteanna i Sasana go luath. Tuismitheoirí atá ar buile mar gheall ar an martrú atá déanta ar leanaí leo, de dheasca na n–obráidí réamhráite. Is é is dóichí go mbeidh cásanna cúirte abhus, sula i bhfad, ar an gcúis chéanna.

    Ní hiad an claonadh gnéis, ná an inscne, amháin, a áirítear ina ‘saintréithe cosanta’ faoi dhlí na tíre i láthair na huaire. Tá creideamh duine chomh maith ina ‘saintréith chosanta’. Ach ráthaíonn Bunreacht na hÉireann in Airteagal 40.6.1ºi: ‘Ceart na saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí a nochtadh gan bac [faoi réir oird is moráltachta poiblí]; agus ‘Ráthaítear do gach saoránach saoirse choinsiasa is saorchead admhála is cleachta creidimh’ in Airteagal 44.2.1º, agus de réir Airteagal 44.2.3 º: ‘Ní cead don Stát neach a chur faoi mhíchumas ar bith ná aon idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar chreideamh nó admháil chreidimh nó céim i gcúrsaí creidimh.’

    Tharla gur ag caitheamh béile Tigh Bhuswell a bhí mise le linn cruinniú a bheith ag lucht an Traninscneachais lasmuigh den Dáil, cúpla seachtain ó shin. Timpeall le 200, ar a mhéad, a bhí ar an gcruinniú sin.

    Tá daoine ag fáil bréan bailithe de bhulaíocht lucht LADTAI+, de bhulaíocht lucht Trasinscneachais go háirithe. Chuir sé iontas ormsa, le blianta gearra déanacha, na fir a d’inis dom gurbh amhlaidh a vótáil siad féin NÍL i Reifreann um Chomhionannas Pósta sa bhliain 2015. Daoine iad seo nach gcuirfinn faoina dtuairim go deo iad a bheith ar thaobh NÍL sa Reifreann sin, nó daoine a bhíodh ag magadh fúmsa, agus mo chuid tuairimí, suas le mo phus, ní fada ó shin. Eagla atá anois orthu go bhfuil deireadh curtha leis an tsaoirse chainte, agus leis an tsaoirse acadúil ag lucht LADTAI+. Ná dearmadaimis nár vótáil TÁ sa Reifreann sin ach 37% de vótálaithe cláraithe an Stáit. Is iomaí Reifreann, a raibh idir 35% agus 40% de na vótálaithe cláraithe, nár chaith vóta ann.

  • Indrek Ois

    Alt breá! Má bhí údair an ailt seo sásta dul i mbun comhrá sibhialta le daoine atá i gcoinne an phobail LADT+, nach mba cheart do na mná a bhfuil imní orthu maidir lena sábháilteacht agus don phobal tras déanamh amhlaidh ag féachaint leis an taobh eile a chur ar a shuaimhneas agus le teacht ar réiteach a bheadh sásúil do chách?