Amú san aistriúchán…(36)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Screen Shot 2016-01-25 at 21.42.58

Conas éigeandáil? Cén Roinn? Dá mba í Roinn na Gaeltachta, mar shampla, a bhí ag fógairt cás éigeandála is cinnte gur ‘Éigeandáil na Roinne’ a bheadh ar an gcomhartha. Sin mura éigeandáil gramadaí a bhí i gceist an geábh seo agus an méid sin á fhógairt le teann íoróine acu.

Níorbh ea, áfach. Aduaidh a tháinig pictiúr na seachtaine seo chugainn, ón mbóthar Ard i Leitir Ceannain, díreach trasna an bhóthair ón ospidéal ansin.

An áit: An Bóthar Ard i Leitir Ceannain

An Béarla: Emergency Department

An Ghaeilge: Éigeandála an Roinn

Focal ó na moltóirí: Dá bhfeicfeadh ainniseoir bocht éigin a thugann urraim do cheartúsáid na Gaeilge an comhartha seo gach seans go mbeadh gá aige gan mhoill leis an Rannóg Éigeandála san ospidéal trasna an bhóthair

An leagan ceart: An Rannóg Éigeandála

Tá fáilte i gcónaí roimh phictiúr do Amú san Aistriúchán. Seol bhur samplaí le bhur dtoil chuig nuacht@tuairisc.ie faoin gceannlíne ‘Amú san aistriúchán’.

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(36)'