Amú san aistriúchán…(27)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Amú

Tháinig an t-uafás samplaí isteach an tseachtain seo ar chúis éigin agus tá muid fíorbhuíoch díbh uilig as ucht iad a sheoladh chugainn. Tá tugtha faoi deara againn nach bhfuil mórán samplaí go fóill againn ó na sé chontae – ní fhéadfadh sé go bhfuil lucht déanta na gcomharthaí gan smál ó thuaidh – cuirigí chugainn iad ag nuacht@tuairisc.ie agus na focail ‘Amú san aistriúchán’ sa bhosca ábhair.

Tháinig samplaí na seachtaine seo ó Mhuireann i mBaile Átha Cliath.

An Áit: Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2.

An Béarla: Cashless Zone

An Ghaeilge: Ceantar gan airgead

Focal ó na moltóirí: Ar ndóigh, tá frásaí ar leith ann agus bíonn sé deacair Gaeilge chruinn cheart a chur orthu, agus déanta na fírinne, níl an iarracht seo chomh dona céanna ó thaobh an aistriúcháin de is a bhí cuid de na samplaí eile a bhí againn ar Amú san aistriúchán… Is é an rud is mó a chuireann ag gáirí anseo muid ná gur ar Chearnóg Mhic Liam i ndeisceart duileogach na cathrach, taobh amuigh de theach mór Seoirseach, a crochadh an comhartha seo a fhógraíonn gur ‘ceantar gan airgead’ atá ann!

An leagan ceart: Is dóigh linn go dtuigfí ón gcomhthéacs an frása ‘Cártaí amháin’ mar a chrochtar ag na droichid dola ar mhótarbhealaí na tíre seo.

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(27)'

  • Breathnóir

    Bainim an-sult as an tsraith seo ach mar eolas, tá sé deacair teacht ar shampla de chomhartha le droch-Ghaeilge sna 6 chontae cionn is go bhfuil sé deacair teacht ar chomhartha a bhfuil Gaeilge de chineál ar bith scríofa air sa ‘Sacsa nua darb ainm Tuaisceart Éireann’, ar an drochuair.

  • PólRéamonn

    BÁC 2. Ceantar gan airgead – Ní féidir liom sin a chreidiúint.

  • Bairbre

    Ar ndóigh, ní ‘ceantargan airgead’ amháin atá mícheart anseo – nach bhfuil Measín ann faoi dhó agus féach GlacHTa – cuireann sé an stampa oifigiúil a bhíodh le féiceáil leis na cianta i gcuimhne dom – Postas ÍocHTa

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tuilleadh airgid curtha amú agus an stát seo! Cáiníocóirí ag streachailt le cánacha éagóracha a dhíol agus an amaidí seo ar siúl ag rialtais áitiúla!