Amú san aistriúchán…(25)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Is cosúil gur mhór an spéis a chuir sibh in eagrán na seachtaine seo caite. Don dara huair riamh, bhain Amú san Aistriúchán… áit amach ar liosta na n-alt is mó léamh ar Ag Cur do Thuairisce Nach é Yoda a bheadh bródúil.

Tháinig roinnt samplaí maithe eile den drochaistriúchán isteach chugainn an tseachtain seo, ceann acu a bhí le feiceáil chomh maith ar Twitter agus Facebook. Is cosúil gurbh é Robert Scanlon a thóg an pictiúr an chéad lá riamh.

Amú

An Áit: Binn Éadair, Co. Átha Cliath

An Béarla: Warning

An Ghaeilge: Roghanna

Focal ó na moltóirí:

Ar a laghad is léir nár úsáideadh Google Translate le Gaeilge a chur ar an bhfógra áirithe seo. Mar sin féin, ba chóir go mbeadh aistritheoir daonna níos cúramaí ná seo agus é i mbun a cheirde! Is furasta a thuiscint cén chaoi ar scríobhadh “roghanna” in áit “rabhadh” (nó fiú rabhaidh) – is iomaí cainteoir sa tír a déarfadh “rogha” agus “rabhadh” ar an gcaoi chéanna.

Ach sa chás seo, an bhfuiltear ag rá le cainteoirí Béarla nár cheart go mbeadh a “maoin phearsanta” le feiceáil ina bhfeithiclí riamh agus gan ach an “rogha” a thabhairt do Ghaeilgeoirí a maoin siúd a fhágáil ann nó gan í a fhágáil ann?

An leagan ceart: Rabhadh

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(25)'