Amú san Aistriúchán…(21)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú

Tá muid fíorbhuíoch díbh as na pictiúir uilig a sheol sibh chugainn arís an tseachtain seo. Bíonn seachtainí ann nuair a bhíonn sé deacair orainn an pictiúr is fearr (nó is measa!) a roghnú ach ní raibh aon drogall orainn an ceann seo, a tháinig chugainn ó fhear óg géarshúileach i mBaile Átha Cliath, a roghnú.

Is iondúil go mbítear ag dul amú san aistriúchán ar chomharthaí sráide agus bóthair ach an tseachtain seo caite bhí an chéad eagrán giolca de Amú san Aistriúchán agus an tseachtain seo, tá an chéad cháipéis Stáit againn.

An Áit: Tithe an Oireachtais, Baile Átha Cliath

An Béarla: Public Transport Bill, 2015

An Ghaeilge: An Bille as Gaeilge 2015

Focal ó na moltóirí: Beidh mearbhall ar Ghaeilgeoirí a léifidh teideal an Bhille nua seo. An é seo ar deireadh thiar thall an Bille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla? Nó an bhfuiltear ag triail Bille rúnda a thabhairt tríd an Dáil a dhéanfaidh leas (nó aimhleas) na Gaeilge? Nó an é an chaoi go bhfuil an Roinn Iompair chomh haineolach sin ar an nGaeilge nach n-aithníonn siad gur nóta aistritheora atá anseo agus ní leagan Gaeilge de theideal an Bhille?

An Leagan Ceart: An Bille Iompair Phoiblí 2015

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(21)'

  • Eibhlįn Uí Ęalaithe

    Cén dóchas a bhfuil fágtha orainn nuair a feictear botún den saghas sin!
    Is minic a cuirim rud éigin faoi leith agus mé ag brú ar e agus r an leathanamh
    Nílim in ann Gaeilge acur ar an Samsung agus caithfinn an foclóir a oscilt go minic Is iontach an méid cabhair a bhfuil le fáil ar líne
    Ceapfadh duine go mbeadh teicneoilíocht sarr- mhaith san oifig sin ach is soiléir an intinn a tagraíonn leis ” The Bill in Irish”

  • Éilis

    Ach cén chaoi sa diabhail ar tharla a leithéid i dTithe an Oireachtais? Cad faoi na daoine maithe ó Rannóg an Aistriúcháin agus scoth na n-aistritheoirí ann? Tá se seo dochreidthe.