Amú san aistriúchán…(12)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

11063216_10203869598723675_2125267334_n

Go raibh maith agaibh uilig faoi na grianghraif a sheol sibh le seachtain anuas chuig Amú San Aistriúchán ag nuacht@tuairisc.ie. Bhí cinneadh deacair le déanamh againn arís an tseachtain seo maidir leis an bhfógra is fearr (is measa!) a roghnú. Níl tada feicthe againn ó Chúige Uladhle tamall, mar sin, beidh muid ag súil le rud éigin aduaidh an tseachtain seo.

Is ó Shauna i gCúige Chonnacht a tháinig pictiúr na seachtaine seo.

An Áit:   Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Sligeach.

An Béarla: Please take a ticket and wait to be called

An Ghaeilge:  Le do thoil a ghlacadh ticéad agus fanacht bheidh le glaoch

Focal ó na moltóirí: Ní raibh na moltóirí ar fáil. Chonaic siad an fógra seo agus tá siad tar éis iad féin a ghlasáil istigh sa leithreas, mar a bhfuil gol agus gíoscán fiacla le cloisteáil uathu agus iad ‘fanacht bheidh le glaoch’. Eiseofar ráiteas uathu mar gheall ar an aistriúchán seo in am is i dtráth. Idir an dá linn, deir buachaill déanta an tae in oifig Tuairisc.ie gur náire shaolta an tiontú seo agus go mbeadh Gregory Campbell féin in ann Gaeilge níos fearr a chur ar an leagan Béarla.

An leagan ceart: Tóg ticéad le do thoil agus fan go nglaofar ort

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(12)'

  • Guth san Fhásach

    Nach mbrathann “an leagan ceart” ar an áit? Tá áiteacha ins an tír in ar fearr “glac” ná “tóg” i gcomhthéacs ina bhfuil rud á thairgsin duit, seachas rud atá in áit íseal a chur in áit is áirde, nó seilbh a ghlacadh ar rud ar neamhchead don té a bhfuil sé aige. Deirfinn gur mar sin atá ins na ceanntracha Gaeltachta is comhgaraí do Shligeach. Nach leor na meancógaí a cheartú, gan an chanúint a athrú lena linn?