Amhrán Dóchais, nár cumadh in am don Oireachtas

Tá ár margadh…níl ár margadh…tá ár margadh déanta

Amhrán Dóchais, nár cumadh in am don Oireachtas

Is i ndiaidh spriocdháta an Oireachtais a cuireadh bailchríoch ar an rannaireacht thíos. Bhí súil ag an gcumadóir go mb’fhéidir go nglacfaí lena shaothar mar lag-iarratas i gcomórtas na Lúibíní (rannóg na dtosaitheoirí).

Tá an cumadóir thar a bheith buíoch mar sin d’eagarthóir Tuairisc.ie gur thug sé deis dó na briathra seo a fhoilsiú, agus…

(A leithéid de leadrán. Brostaigh ort, in ainm Dé – An tEagarthóir.)

Bunaíodh na línte seo a leanas ar liricí ‘Amhrán Dóchais’. Bunaíodh an curfá ar an amhrán leathspraíúil, leathdháiríre ‘Téir Abhaile Riú’. Tá na línte leagtha amach amhail comhrá idir beirt a bheadh á chanadh.

Gabhann an cumadóir leithscéal le cumadóirí an dá amhrán gur bhain sé úsáid chomh mínáireach as a saothar.

Ní foláir a rá freisin go bhfuil gach cosúlacht idir na daoine a luaitear thíos agus na daoine cáiliúla a bhfuil na hainmneacha céanna orthu.

Amhrán Aisteach Dóchais 

1
Slán go deo le brón is buairt
Nach bhfuil Fianna Fáil á chrá ag Marc.
Canfar amhrán dóchais
Go gcoinneoidh siad an suíochán
Fiú má sheasann sé go beomhar
Mar neamhspleách arís.

Mhol Marc don Taoiseach éirí as
Ach dhein sé botún beag amháin.
Scríobh sé f..k místuama
Le linn comhrá géar ar líne
Anois tá Marc ina aonar
Os comhair an tsaoil

Curfá:

Téir abhaile riú
Téir abhaile riú
Téir abhaile go Sligeach
Téir abhaile riú ‘s fan sa bhaile
Is iarr comhairle ar d’athair

2
Ní bheidh Chris Heaton-Harris glórach
Mar a bhí i mBéal Feirste dó ar dtús.
Toghchán mear ó thuaidh
A gheall sé go místuama,
Ach d’athraigh sé a intinn
Théis achair ghearr.

Thug Rishi Sunak treoir shoiléir
Dá Stát-Rúnaí bocht a labhair róluath.
Margadh sa Bhruiséil
A theastaíonn uaidh, más féidir,
Is ní raibh aon dul as ag Chris bocht
Ach géilleadh dó.

Curfá:

Is cuma cé dhein é nó nár dhein
Is cuma cé dhein é Harris.
Is cuma cé dhein é nó nár dhein mar
Tá do mhargadh déanta.

3

Fine Gael is Fianna Fáil
Beidh i gcumhacht le hathrú mór.
Ní fada go mbeidh Leo
San áit atá Micheál
Ach an rialtas ceannann céanna
Inár bhfeighil go fóill.

Beidh imní ghéar ar airí rialtais
Faoin bpost nua a roghnóidh Micheál.
Cé nach post amháin ach péire
A chaillfidh Paschal b’fhéidir
Is ní bheidh Mary-Lou róbhuartha
Faoi leas Shinn Féin.

Curfá:

Bí id’ Thaoiseach
Bí id’ Thaoiseach
Bí id’ Thaoiseach Leo
Bí id’ Thaoiseach
Ar feadh dhá bhliain eile
Is beidh sé agat ar maidin.

4

Beidh caint faoin gcontúirt mhór aeráide
Ag COP 27 san Éigipt thall.
Beidh mórgheallúintí breátha
Á dtabhairt arís ag an Taoiseach
Ach an admhóidh sé an fhírinne
Nár comhlíonadh iad fós?

Ní leor bheith feasta leasc gan bhrí
Cráite, cromtha, ar nós cuma linn.
Neart is brí ’nár mbriathra
A theastaíonn ónár bpáistí,
Is ní heagal leo go bhfeofaidh
An domhan lena linn.

Curfá:

Tá ár margadh
Níl ár margadh
Tá ár margadh déanta
Níl ár margadh
Tá ár margadh
Níl ár margadh déanta.

Fág freagra ar 'Amhrán Dóchais, nár cumadh in am don Oireachtas'