Cuir ort do ‘disco pants’, tá American Apparel ar ais i mbun oibre arís!

Úinéirí nua agus dearcadh nua ag an gcomhlacht a raibh ‘Made in the USA’ mar chuid bhunúsach dá mbranda

Cuir ort do ‘disco pants’, tá American Apparel ar ais i mbun oibre arís!

Tá an branda cáiliúil éadaigh American Apparel ar ais i mbun díolaíochta gus treo nua á ghlacadh acu faoi úinéirí nua.

Bhíodh siopa ag an gcomhlacht ag bun Sráid Grafton, gar do gheataí Choláiste na Tríonóide, i mBaile Átha Cliath ar feadh na mblianta ach dúnadh é i dtús na bliana 2017 nuair a chlis ar an gcomhlacht American Apparel ar fud an domhain de bharr fiacha troma.

Seo an branda a thug dúinn na ‘disco pants’ agus baill éadaigh eile a raibh an-tóir orthu, ina measc barréidí, treabhsair, an húdaí, an sciorta agus léinte allais.

Tá an branda seolta athuair anois agus is ar líne a fheidhmeoidh siad ar feadh tamaill go dtí go n-osclófar an chéad siopa nua i Los Angeles roimh dheireadh na bliana.

Bhíodh conspóid ag baint le American Apparel go háirithe maidir le béim rómhór a bheith ar dhearadh a bhí in amanna ‘róghnéasach’ do chailíní óga. Bhíodh béim mhór freisin ar íomhánna gnéasacha i gcuid d’fhógraíocht an chomhlachta.

Ach le húinéirí nua, Gilden Activewear Inc., agus mná den chuid is mó ar an mbord stiúrtha, tá fealsúnacht nua ag an gcomhlacht agus iad ar thóir aitheantais arís mar chomhlacht a chuireann éadaigh ar fáil don phobal. ‘Back to Basics’ an teideal atá ar an gcéad bhailiúchán éadaigh atá seolta acu.

Tá American Apparel ag iarraidh cúl iomlán a thabhairt freisin leis an droch-cháil a tharraing an t-iar-phríomhfheidhmeannach Dov Charney ar an gcomhlacht. Cuireadh líomhaintí go leor faoi mhí-iompair gnéis ina leith agus íocadh cúiteamh $8.2m leis na daoine a rinne na líomhaintí sin cé nár ciontaíodh riamh sa chúirt é. Briseadh as a phost é sa bhliain 2014.

An bhliain dár gcionn fógraíodh go raibh an comhlacht bancbhriste an bhliain dár gcionn agus chaill na mílte duine a gcuid oibre. Bhí 2,166 fostaí ag an gcomhlacht in Los Angeles féin agus bhí 110 siopa eile acu ar fud Mheiriceá.

Cheap mé féin i gcónaí go mbíodh dearadh an-deas ar a gcuid éadaigh ach mheas mé iad a bheith ródhaor. Bhí cúis leis an bpraghas ard sin; shocraigh Dov Charney le linn dó a bheith i gceannas an chomhlachta gur i Meiriceá amháin a dhéanfaí gach ball éadaigh de chuid American Apparel. Bhí ‘Made in the USA’ ina chuid lárnach den bhranda aige.

Leanfar de dhéanamh cuid d’éadaí an chomhlachta i Meiriceá ach beidh tuilleadh díobh á ndéanamh i monarchana thar sáile a bhfuil dea-cháil orthu ó thaobh cúrsaí eitice heiticiúil agus inbhuanaitheachta.

Fág freagra ar 'Cuir ort do ‘disco pants’, tá American Apparel ar ais i mbun oibre arís!'