Amach, amach, amach libh go beo! Tá an samhradh tagtha

Tá téama an tsamhraidh 2021 an-chosúil leis an mana a bhí i réim samhraí m’óige

Amach, amach, amach libh go beo! Tá an samhradh tagtha

Téigh amach go beo, tá an samhradh tagtha. Gabh amach ó mo chosa, amach, amach amach agus ná feicim arís sibh go ham dinnéir.

Nó, níos fearr fós, ithigí bhur ndinnéar amuigh freisin is bígí amuigh. Tá téama an tsamhraidh 2021 an-chosúil leis an mana a bhí i réim samhraí m’óige.

Chaith muid beagnach gach lá ó mhaidin go tráthnóna amuigh faoin aer ag imeacht linn. Ná fiafraigh díom céard a bhí ar bun againn ach bhíodh tograí móra tábhachtacha idir lámha againn. Bliain amháin rinne muid teach spraoi as pailléid adhmaid, bliain eile rinne muid rafta as bairillí, rópa gorm agus tuilleadh pailléid adhmaid. Chaithfeadh go raibh go leor pailléid adhmaid caite timpeall an tí na blianta sin ar chúiseanna atá imithe le gaoth.

Níor imir mé mórán spóirt riamh, ach bhí muid an-aclaí mar go mbíodh muid amuigh faoin aer ag imeacht sna garrantaí, nó ag snámh sa bhfarraige agus ar na rothair gach lá. Cosúil le gach duine eile mholtaí dúinn a ghabháil amach ag spraoi ar maidin agus fanacht amuigh go ham dinnéir. Bhí neart saoirse againn ach bhí riail dhocht amháin ann, bhí orainn fanacht i bhfoisceacht fad béice den teach.

Seantomhas faid is ea ‘fad béice’ atá imithe nach mór as an saol anois agus is mó ár n-aird ar cén fhad a shíneann an wi-fi ón ródaire. Tomhas neamhbheacht a bhí sa bhfad béice a bhí an-difriúil ón méadar agus ciliméadar a úsáideann muid inniu.

Ní raibh an fad béice bunaithe ar aon chaighdeánú tomhais ná  ní sé raibh aontaithe ag meitheal saineolaithe idirnáisiúnta. An sainmhíniú a rinneadh ar an méadar sa mbliain 1793 in Acadamh Eolaíochta na Fraince ná fad an bhealaigh a thaistealaíonn solas i bhfolús i 1299 792 458ú de shoicind.

Is é an sainmhíniú a rinneadh ar an bhfad béice ar an Turlach Beag i Ros Muc sa mbliain 1983 ná an fad a thaistealaíonn páiste ón teach ón am a ligtear amach as an teach í ar maidin go dtí an t-am a gcuirtear fios abhaile arís uirthi.

Comhaireann sé an réimse sin atá sách fada ón teach is nach bhfuil tú istigh faoi chosa na máthar, ach nach bhfuil chomh fada sin ó bhaile is nach gcloisfeá í ag fógairt ort a theacht abhaile le haghaidh do dhinnéir.

Deir an Guinness Book of World Records gurb é an gnáthfhad a thaistealóidh glór fir amuigh faoin aer ná 180m. Ach tá glór duine in ann taisteal níos faide ná sin. Tabhair faoi deara an méid a deir siad faoin teanga feadaíola Silbo atá ar oileán La Gomera amach ó na hOileáin Chanáracha. Is cosúil gur féidir í a chloisteáil is a thuiscint 8km ó bhaile, lá breá.

Ní shílim go ndearnadh aon staidéar eolaíochtúil ar an bhfad a thaistealóidh béic máthar tráthnóna samhraidh ag am dinnéir. Tá mé in ann a rá leat ón staidéar atá déanta agam féin sa réimse, nó sa ngarraí, go dtaistealóidh béic máthar tráthnóna breá am dinnéir thart ar 250m in aon treo. Is nuair a chloiseann tú í, bí ag dul abhaile.

Fág freagra ar 'Amach, amach, amach libh go beo! Tá an samhradh tagtha'