Albam, féile nó podchraoladh uait? Tá roinnt moltaí againn duit…

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Albam, féile nó podchraoladh uait? Tá roinnt moltaí againn duit…

CEOL

A Phaolo Nutini, bhí tú imithe uainn rófhada!

Last Night in the Bittersweet – Paolo Nutini

I ndiaidh ocht mbliana, tá an t-amhránaí Albanach fillte: Last Night in the Bittersweet, albam 16 traic ar fad. An raibh gá le chuile cheann acu? Ní raibh. Ach na cinn atá go maith, tá siad an-mhaith.

Tosaíonn an t-albam le hamhrán measartha trialach, a thógann ar Iron Sky ón albam deireanach, ina bhfuil ‘you’re so cool’ á rá agus á athrá ag glór ban. Agus tá sé cúl. As sin amach, aistear atá san albam a ghluaiseann tríd thréimhsí an rac-cheoil – ó shurfáil na 60idí, giotár The Cure sna 70idí, go rac trom na n80idí. Tá func Stevie Wonder le cloisteáil i gcónaí, agus tionchar McCartney le brath ar an scríbhneoireacht (ar Julianne go háirithe).

Tá sé sin agus Everywhere mar a bheadh éabhlóid tagtha ar a amhrán clúiteach Last Request, agus meabhraítear dúinn an bua a bhí ag Nutini ón gcéad lá riamh: glór coscrach a chur le hamhrán grá (nó amhrán a thagann i ndiaidh an ghrá, b’fhéidir). Athraíonn a ghlór tríd síos an albam, ag filleadh scaití ar ghuth lom a chuirfeadh i gcuimhne gur ag casadh amhráin thraidisiúnta ar nós Caledonia a thosaigh aistear Nutini féin.

“Nothing on the radio” a deir na liricí, ach an don raidió an t-albam seo? B’fhéidir nach ea (go háirithe agus cuid mhór de na hamhráin os cionn 5 nóiméad ar fhad), ach tagann glór Paolo ar ais chugainn, Through the Echoes, tríd an cheol ar fad a cruthaíodh le 60 bliain anuas – agus glór sainiúil, le bua na scríbhneoireachta, atá ann i gcónaí.

Emma Ní Chearúil

FÉILTE

Seo chugainn Féile Ealaíon na Gaillimhe atá ar ais faoi lánseol

Cas aon choirnéal i nGailimh an tseachtain seo agus tiocfaidh tú ar stáitseoirí, ceoltóirí, fáinleoga, aisteoirí, turasóirí, hipithe, madraí beaga, madraí móra, ragairí, is scléipéirí.

Seo chugainn Féile Ealaíona na Gaillimhe atá ar ais faoi lánseol théis dhá bhliain idir ann agus as. Thosaigh an fhéile ar an 11ú agus beidh sé ar bun go dtí 24 Iúil.

Tá stáitse mór racanróil curtha suas ag Fíbín sa Taibhdhearc i bPáirc an Athar de Búrca don seó nua le Philip Doherty Muc Rí bunaithe ar sheanscéal Faustach a bhailigh Lady Gregory. Beidh an dráma ar bun ó 14 go 16 Iúil ag a 10:30 i.n. 

I Fisheries Field tá an puball mór thuas arís agus sraith ceolchoirmeacha ar chlár na bliana seo. Meascán mearaí a bhíonn sa bpuball mór sin scaití. 

Beidh Jon Hopkins ann i mbliana, The Frames, The Academic, The Pixies agus bannaí eile. Fuair muid ticéid do na Pixies dhá bhliain ó shin, cuireadh siar é de bharr na paindéime in 2020. Ina dhiaidh sin uilig, tá faitíos orm anois go bhfuil a ré caite domsa is go gcuirfidh sé an iomarca cumha orm a bheith ag éisteacht leo.

Tá leagan stáitse den úrscéal buacach From a Low and Quiet Sea le Dónal Ryan á léiriú ag Decadent Theatre in éineacht le Ionad Ealaíona na Gaillimhe. Beidh sé le feiceáil ó 11 – 24 Iúil.

Is tá an pharáid ar ais, Les Girafes, teideal an tseó le Compagnie Off, an comhlacht amharclannaíochta sráide atá á léiriú. Tosóidh sé ar an bhFaiche Mhór agus gabhfaidh sé chomh fada leis an bPóirse Caoch ar an Satharn 16ú & Domhnach 17ú Iúil.

Gach eolas faoin bhFéile https://www.giaf.ie

Bridget Bhreathnach

PODHCRAOLADH

Achan mhaidin bímse greamaithe le podchraoladh Orlaith Condon

My Pod on Paper – Orlaith Condon

Tá séasúr na bliana seo de Love Island faoi lán seoil, agus neart den achrann, scannal agus cúlchaint le cloisteáil achan oíche ar an teilifís. Tarraingíonn cláracha mar seo isteach muid, cé acu atá tú ina éadan nó nach bhfuil!

Is scéalta daonna atá i gceist, turgnaimh shóisialta ina bhfeiceann muid caidrimh ag forbairt agus ag bláthú, croíthe á mbriseadh, agus áit a dtig linn amharc ar dhaoine áille a chaitheann i bhfad níos mó ama sa gym in aon seachtain amháin ná mar a chaith mise i rith mo shaoil.

Ach ní tharlaíonn na píosaí is fearr de Love Island ar an scáileán, tarlaíonn siad ar na meáin shóisialta agus ar líne an chuid eile den am nuair nach mbíonn an clár ar siúl.

Is breá leis an lucht féachana anailís a dhéanamh ar na cinntí a dhéanann réalta an chláir, agus achan mhaidin bímse greamaithe le podchraoladh Orlaith Condon, My Pod on Paper, áit a ndéanann sí mionchur síos agus anailís ar an méid a tharla an oíche roimh ré ar an chlár – cineál ar nós an Sunday Game do lucht féachana chláracha réaltachta.

Más leantóir Love Island thú, níl áit ar bith níos fearr le dul le dáileog eile den dráma a fháil, a choinneoidh sásta thú go dtí’n chéad chlár eile. 

Póilín Nic Géidigh

Fág freagra ar 'Albam, féile nó podchraoladh uait? Tá roinnt moltaí againn duit…'