Aitheantas speisialta á lorg do ‘Spéir Dhorcha Fhánada’

Bhronn Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha stádas ‘órga’ ar Thearmann Chiarraí na Spéire Dorcha in 2014. Tá tús curtha anois le hiarracht an stádas céanna a bhaint amach do Ghaeltacht Thír Chonaill

Aitheantas speisialta á lorg do ‘Spéir Dhorcha Fhánada’

Tá tús curtha leis an bpróiseas chun stádas ‘Tearmann na Spéire Dorcha’ a bhaint amach i bhFánaid i nGaeltacht Thír Chonaill. Is éard atá i gceist le Tearmann na Spéire Dorcha ná ceantar caomhnaithe nach bhfuil ‘truailliú’ solais ann.

Bhronn Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha stádas ‘órga’ ar Thearmann Chiarraí na Spéire Dorcha, a bhfuil an chuid is mó de i nGaeltacht Chiarraí, i 2014.

Thóg sé 18 mí ar mhuintir Chiarraí an stádas a bhaint amach agus dúirt Eimear Ní Mhathúna, as Fánaid, le Tuairisc.ie, go dtuigeann muintir na háite gur próiseas fadálach atá i gceist agus go mbeidh go leor oibre ag baint leis an iarratas.

“Bhí mé i dteagmháil le Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha i Meiriceá agus tá an léarscáil den cheantar ar mhaith linn a chur san áireamh curtha chucu. Táimid ag díriú ar Ghaeltacht Fhánada agus is léarscáil den cheantar oifigiúil atá curtha ar aghaidh chucu.

“Tá tacaíocht neamhoifigiúil faighte againn ó mhuintir na háite, ní raibh aon chruinniú poiblí againn faoi go fóill ach ó a bheith ag caint cois claí tá spéis acu ann. Níl an oiread sin tithe sa cheantar agus tá an spéir measartha dorcha mar atá, ach bheadh orainn soilsiú speisialta a chur isteach. Tá próiseas tosaithe cheana féin ag an gComhairle Contae chun na soilse poiblí a athrú as a stuaim féin,” a dúirt sí.

Ó d’oscail Teach Solais Fhánada mar ionad cuairteoirí níos túisce i mbliana, tá borradh tagtha faoi thionscal na turasóireachta i bhFánaid agus tá súil ag Ní Mhathúna, atá ina bainisteoir ar an teach solais, tógáil ar líon na gcuairteoirí a bhíonn ag tarraingt ar an áit trí “dhíriú ar spriocmhargaí éagsúla”.

Tá iarrachtaí ar bun i gCiarraí an ‘réalt-turasóireacht’ a fhorbairt taobh istigh de Thearmann na Spéire Dorcha in Uíbh Ráthach. Dúirt Ní Mhathúna le Tuairisc.ie go bhfuil an réalt-turasóireacht ann cheana féin i bhFánaid mar gheall ar dhorchacht na spéire ann agus toisc gur minic a bhíonn na Gealáin Thuaidh le feiceáil ón leithinis.

Moon-almost-full..-resized-640x

“Bhí mé eolach ar an rud atá acu i gCiarraí, ach nuair a tháinig mé go Fánaid ar dtús, chuaigh na spéartha go mór i bhfeidhm orm. Tá an áit seo fíorálainn agus ba cheart é a chaomhnú mar sin. Nuair a osclaíodh an teach solais ar dtús, bhí sé d’aidhm againn i gcónaí forbairt a dhéanamh ar ghnéithe eile d’Fhánaid, agus is dóigh iontach maith é seo lena dhéanamh.

“Tá áiteanna eile i dTír Chonaill atá scriosta ag an turasóireacht, ach dá bhfaighimis an stádas seo, bheadh sé ina eiseamláir mhaith den chineál forbartha agus turasóireachta ba mhaith linn a chur chun cinn anseo. Mothaím go bhfuil freagracht mhór orainn gan rófhorbairt a dhéanamh ar an áit agus turasóireacht an nádúir a chur chun tosaigh,” a dúirt sí.

Tá an t-uafás oibre le déanamh ag ceantar atá ag iarraidh an stádas órga a bhaint amach.

Bronnann Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha an stádas seo ar cheantair tar éis dianphróiseas measúnachta. Thóg sé ocht mí dhéag iarratas Chiarraí a chur le chéile agus ar deireadh thiar, bhí nach mór céad agus caoga leathanach sa cháipéis a chuir an Grúpa faoi bhráid an Chumainn Idirnáisiúnta. Bronnadh stádas Páirc Spéire Dorcha ar cheantar i gContae Mhaigh Eo i mbliana ach is i gCiarraí, áfach, atá an t-aon tearmann den ghrád órga ar an leathchruinne thuaidh.

Féadfaidh ceantar ar bith atá saor ó thruailliú solais cur isteach ar aitheantas oifigiúil do Thaisce Spéire Dorcha ach an t-iarratas a íoslódáil ó shuíomh Chumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha.

Fág freagra ar 'Aitheantas speisialta á lorg do ‘Spéir Dhorcha Fhánada’'