Áit bhreá é paróiste Charna le bheith i do chónaí ann – más gasúr nó pinsinéir tú

Tá na postanna gann anseo agus maidir le teach a dhéanamh tá an dream óg cráite céasta ag rialacha pleanála

Áit bhreá é paróiste Charna le bheith i do chónaí ann – más gasúr nó pinsinéir tú

Chaithfeadh sé nach bhfuil aon dá fhoireann peile is spéisiúla sa tír ná na foirne atá ag Mullach an Leachta agus ag Loch Gamhna.

Beidh an dá fhoireann sin i gcluichí ceannais contae i ngrád na sinsear Dé Domhnaigh seo chugainn, Mullach an Leachta i gcluiche ceannais An Longfoirt agus Loch Gamhna i gcluiche ceannais An Chabháin.

Is é an rud is aistí fúthu gur sa bparóiste céanna atá siad agus nach é amháin go bhfuil siad in dhá chontae éagsúla ach go bhfuil siad in dhá chúige freisin.

Is geall le míorúilt é go mbeadh dhá fhoireann chomh cumasach i bparóiste ar bith, go háirid nuair a chuirtear san áireamh chomh scáinte agus atá an daonra atá ar a gcúl. 440 duine atá i Mullach an Leachta agus 700 ar thaobh Loch Gamhna den pharóiste

Tá daonra iomlán i bhfad níos mó ná sin i gceantar seo Charna/an Caiseal ach níl muid in ann foireann amháin a choinneáil i ngrád na sinsear.

Ní hé sin le rá nach bhfuil roinnt peileadóirí den scoth againn ach, ar an drochuair, níl ár ndóthain acu againn.

Áit bhreá é paróiste Charna le bheith i do chónaí ann, a dúirt mise le fear óg an lá faoi dheireadh. Is ea, a dúirt sé, ag gasúir agus ag pinsinéirí.

Ba é an bunús a bhí lena fhreagra go dteastódh fostaíocht le go rachadh lánúineacha i mbun an tsaoil anseo.

Post agus teach na riachtanais mhóra sa gcás sin. Tá na postanna gann anseo agus maidir le teach a dhéanamh tá an dream óg sáinnithe ag ceantair chaomhnaithe agus cráite céasta ag rialacha pleanála. Cuir leis sin an deacracht atá ann luach tí a chur le chéile.

Idir an dá linn, muid a thiomáint isteach go cathair na Gaillimhe an polasaí follasach atá ag lucht pleanála tríd is tríd.

Is é an rud atá ag tarlú anseo anois go bhfuil daoine ón taobh amuigh ag ceannacht seantithe as éadan agus á gcóiriú. Tá fáilte rompu ach faraor níl mórán peileadóirí lúfara ina measc.

Scéal eile ar fad atá acu i Mullach an Leachta agus i Loch Gamhna. Tá fostaíocht fhiúntach le fáil sna bailte máguaird agus tá lánúineacha óga ag filleadh ar an bparóiste agus ag tógáil tithe.

Bhain Mullach an Leachta croitheadh as saol Chumann Lúthchleas Gael sa mbliain 2018 nuair a bhuail siad Cill Mochuda/na Crócaigh as Baile Átha Cliath i gcraobh Laighean do chlubanna. Cuimhnigh ar an daonra fairsing a raibh foireann Chill Mochuda in ann tarraingt as.

Tá buntáiste na fostaíochta ag Mullach an Leachta agus ag Loch Gamhna i gcomparáid le go leor cumann ar fud na tuaithe ach ní míniú iomlán é ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leo.

Dhá bhliain ó shin thug mé féin agus mo bhean chéile Treasa cuairt lae ar Mhullach an Leachta. Míníodh dúinn gur pobal misniúil iad a bhfuil bród an domhain acu as a gcuid peileadóirí.

Tugann siad tacaíocht leanúnach do pheileadóirí an lae inniu agus ní dhéantar dearmad aon uair ar na peileadóirí a sheas an fód dóibh san am a caitheadh. Uair ar bith a mbuann an fhoireann atá acu anois cluiche mór tugann siad cuairt ar an reilig go ndeireann siad paidreacha ar uaigheanna na seanlaochra.

Is cuma cén toradh a bheas ar chluichí an Domhnaigh beidh stair déanta ag foirne Mhullach an Leachta agus Loch Gamhna.

An t-aon rud atá ag dó na geirbe ag muintir an pharóiste sin faoi láthair nach bhféadfaidh siad freastal ach ar chluiche amháin den dá chluiche Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Áit bhreá é paróiste Charna le bheith i do chónaí ann – más gasúr nó pinsinéir tú'

  • Duine atá ina gcónaí i gConamara Láir

    Rud nár thuig mé ar chor ar bith ná cén fáth gur chuir Pleanáil Teanga Chonamara Láir físeán amach i mBéarla ag triail daoine a mhealladh isteach sa cbeantar ! Ba cheart go mbeadh feachtas don chineál dírithe ar lucht na Gaeilge.

  • Duine atá ina cónaí i gConamara Láir

    Tá pleanáil faoin tuath ag éirí níos deacra fud fad na tíre agus beidh sé níos deacra fós amach anseo. Is fiú do dhaoine áitiúla nó daoine atá ag iarraidh gasúir a thógáil le Gaeilge ó áit ar bith a bheith ag ceannach na dtithe seo. Cuir extension breá leis – gheobhaidh tú pleanáil le haghaidh sin. Tá an-iomarca béime ar an teach úrnua mar an r-aon rogha amháin i mo thuairim. Níl an stoc tithíochta sin ar fáil i gceantar eile ar chor ar bith agus tá na deacrachtaí pleanála céanna nó níos measa iontu.